Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rannpháirteachas AE in iarrachtaí chun rialacha dlí idirnáisiúnta príobháideach a chomhaontú

Rannpháirteachas AE in iarrachtaí chun rialacha dlí idirnáisiúnta príobháideach a chomhaontú

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2006/719/CE — aontachas le Comhdháil na Háige ar Dhlí Idirnáisiúnta Príobháideach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

PRÍOMHPHOINTÍ

  • I ndearbhú eile (Iarscríbhinn III), rinne AE scrúdú ar cibé an bhfuil sé ar mhaithe lena leas a bheith rannpháirteach i gcoinbhinsiúin reatha na Háige i gcás a bhfuil inniúlacht aige ann.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá AE ina chomhalta den HCCH ón 3 Aibreán 2007.

CÚLRA

  • An 28 Samhain 2002, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún Eorpach chun caibidlíocht a dhéanamh ar choinníollacha agus ar rialacha mionsonraithe aontachais le HCCH.
  • Ní mór reacht an HCCH a leasú chun ligean don AE — eagraíocht réigiúnach eacnamaíoch um chomhtháthú — a aontú. I mí an Mheithimh 2005, ghlac comhdháil taidhleoireachta HCCH na leasuithe is gá trí chomhthoil.
  • Tar éis na caibidlíochta rathúla leis an HCCH, chuir an Coimisiún togra le haghaidh chinneadh seo na Comhairle maidir le haontachas an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach anois) le HCCH. Thug Parlaimint na hEorpa a haontú i Meán Fómhair 2006.
  • Tá 82 thír mar aon le AE ina gcomhaltaí den HCCH.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhdháil na Háige ar Dhlí Idirnáisiúnta Príobháideach: eagraíocht idir-rialtasach idirnáisiúnta ag obair le haghaidh aontú comhleanúnach na rialacha dlí idirnáisiúnta phríobháidigh sna tíortha rannpháirteacha. Ullmhaítear leis ionstraimí dlí iltaobhacha (lena n–áirítear ionstraimí neamhcheangailteacha) agus soláthraítear leis an measúnú leantach is gá.
Dlí idirnáisiúnta príobháideach: ar a dtugtar coimhlint dlíthe freisin, is sraith de rialacha dlí nós imeachta é lena gcinntear cén córas dlí a rialaíonn agus a bhfuil dlí dá tír i bhfeidhm maidir le díospóid dhlíthiúil áirithe. Tá feidhm ag na rialacha seo nuair a bhíonn gné idirnáisiúnta le díospóid dhlíthiúil, ar nós conradh arna chomhaontú ag páirtithe atá lonnaithe i stáit éagsúla.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh ón gComhairle 2006/719/CE an 5 Deireadh Fómhair 2006 maidir le haontachas an Chomhphobail le Comhdháil na Háige ar Dhlí Idirnáisiúnta Príobháideach (IO L 297, 26.10.2006, lgh. 1-14)

Nuashonraithe 04.12.2017

Top