Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh

Rochtain ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid institiúidí AE

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 15 CFAE AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

  • Le hAirteagal 15(3) den CFAE tugtar ceart rochtana do shaoránaigh, do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí AE ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí AE faoi réir prionsabal agus coinníollacha áirithe.
  • Leagtar síos leis an rialachán na prionsabail ghinearálta agus teorainneacha maidir le rochtain. Tá sé mar aidhm leis a áirithiú gur féidir le saoránaigh a gceart rochtana a fheidhmiú ar an mbealach is éasca agus is féidir. Féadfar rochtain a iarraidh ar na doiciméid uile arna ndréachtú nó arna bhfáil ag institiúid, i ngach réimse maidir le gníomhaíochtaí AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Eisceachtaí agus cearta tríú páirtithe

Féadfaidh na hinstitiúidí rochtain ar dhoiciméad a dhiúltú i gcás go mbeadh an méid seo a leanas i gceist lena nochtadh:

  • bhainfí an bonn ó chosaint maidir lena leanas:
    • an leas poiblí i dtaca le slándáil phoiblí, cosaint, caidreamh idirnáisiúnta agus beartas airgeadais, airgeadaíocht agus eacnamaíoch AE nó thír AE, nó
    • príobháideachas agus sláine daoine aonair, go háirithe i gcomhréir le reachtaíocht AE maidir le cosaint sonraí pearsanta;
  • bhainfí an bhonn ó:
    • leasanna tráchtála, imeachtaí cúirte, comhairle dhlíthiúil duine, nó
    • críocha cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí, mura bhfuil leas poiblí sáraitheach ann i dtaca lena nochtadh;
  • bhainfí an bonn go mór ó chosaint phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide, mura bhfuil leas poiblí sáraitheach ann i dtaca lena nochtadh.

Maidir le doiciméid a dhréachtaíonn tríú páirtithe, ní mór don institiúid AE, i gcás amhrais, dul i gcomhairle leis an tríú páirtí lena mheasúnú an bhfuil nó nach bhfuil eisceacht i bhfeidhm. Tá ceart níos láidre cur i gcoinne ag tíortha AE (ach gan veto).

Doiciméid i dtíortha AE

Má fhaigheann tír AE iarratas ó institiúid AE ar dhoiciméad atá ina sealbh, ní mór di, i bprionsabal, dul i gcomhairle leis an institiúid sin lena áirithiú go bhfuil a nochtadh ar aon dul le cuspóirí an rialacháin seo. Féadfaidh an tír ina áit sin an t–iarratas a chur ar aghaidh chuig an institiúid.

Iarratais, próiseáil iarratas agus rochtain ar dhoiciméid

  • Ní mór don phobal iarratas a dhéanamh ar dhoiciméad i scríbhinn (lena n–áirítear trí mheán leictreonach) i gceann de theangacha oifigiúla AE. Ní chaithfidh an t-iarratasóir na cúiseanna leis an iarratas a shonrú, ach caithfidh sé nó sí a bheith beacht ina n–iarratas.
  • Ní mór d’institiúidí na hiarratais ar rochtain ar dhoiciméad a láimhseáil go pras. Ní mór dóibh a admháil go bhfuair siad an t–iarratas agus, laistigh de 15 lá oibre óna chlárú, ní mór dóibh rochtain ar an doiciméad a iarradh a dheonú nó a dhiúltú. Féadfar an spriocdháta sin a shíneadh uair amháin ar feadh 15 lá oibre eile.
  • I gcás diúltú iomlán nó páirteach, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de 15 lá oibre ó fhreagra na hinstitiúide a fháil, iarratas deimhniúcháin a dhéanamh ag iarraidh ar an institiúid an seasamh seo a athmheas.
  • Féadfaidh an t-iarratasóir na doiciméid a rochtain trí fhéachaint orthu ar an láthair nó trí chóip a fháil dóibh, nó trí fhaisnéis a fháil ar an dóigh is éasca lena bhfáil.

Doiciméid íogaire

  • Is ionann doiciméid íogaire agus doiciméid a thionscnaíonn ó na hinstitiúidí agus ó na gníomhaireachtaí lenár bunaíodh iad, ó thíortha AE, ó thíortha neamh-AE nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta atá aicmithe mar TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET, SECRET UE/EU SECRETCONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL.
  • Ní cheadaítear ach do dhaoine a bhfuil an ceart acu fios a bheith acu ar a n-ábhar iarratais ar rochtain ar dhoiciméid íogaire a láimhseáil, agus dóibh siúd amháin. Ní fhéadfar doiciméid íogaire a thaifeadadh sa chlár nó a scaoileadh ach le cead ón tionscnóir amháin.

Cláir agus cleachtas riaracháin

  • Ní mór do gach institiúid clár doiciméad a choinneáil. Ba cheart rochtain ar an gclár a sholáthar i bhfoirm leictreonach.
  • Ní mór do thíortha AE comhoibriú leis na hinstitiúidí maidir le faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh.
  • Ní mór d’institiúidí dea-chleachtas riaracháin a fhorbairt lena áirithiú gur féidir an ceart rochtana a ráthaítear leis an rialachán seo a fheidhmiú.

Foilsiú san Iris Oifigiúil

Tá a lán doiciméad AE foilsithe san Iris Oifigiúil. Áirítear orthu sin:

Tuarascálacha agus bearta maidir le cur i bhfeidhm

Foilsíonn gach institiúid tuarascáil bhliantúil ina gcumhdaítear an bhliain roimhe sin agus ina luaitear líon na gcásanna inar dhiúltaigh an institiúid rochtain a thabhairt ar na doiciméid, na cúiseanna leis an diúltú sin agus líon na ndoiciméad íogair nár taifeadadh ina clár.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 3 Nollaig 2001.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon: Prionsabail — Teideal II: Forálacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo — Airteagal 15 (iar-Airteagal 255 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 54-55)

Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lgh. 43-48)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm in 2016 Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (COM(2017) 738 críochnaitheach, 6.12.2017)

Nuashonraithe 14.12.2017

Top