Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Inimircigh neamhdhleathacha a chur ar ais chuig a dtíortha féin: eitiltí comhpháirteacha

Inimircigh neamhdhleathacha a chur ar ais chuig a dtíortha féin: eitiltí comhpháirteacha

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2004/573/CE — eitiltí comhpháirteacha chun inimircigh neamhdhleathacha a dhíbirt ó chríoch dhá cheann nó níos mó de thíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH SEO?

Leagtar amach ann na nósanna imeachta nuair a chomhoibríonn dhá cheann nó níos mó de thíortha AE chun inimircigh neamhdhleathacha a dhíbirt d’aer ó AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ceapann gach tír AE údarás náisiúnta a bheidh freagrach as eitiltí comhpháirteacha a eagrú nó as páirt a ghlacadh iontu.
  • Ní mór don údarás a bheidh ag eagrú an eitilt chomhpháirteach:
    • an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil do thíortha AE eile;
    • an aerlíne lena mbaineann a roghnú agus a chinntiú go bhfuil na socruithe conarthacha agus praiticiúla ar fad i bhfeidhm;
    • údaruithe a iarraidh agus a fháil ó thíortha idirthurais agus cinn scríbe na heitilte;
    • socruithe cuí a dhéanamh, lena n-áirítear socruithe airgeadais, le tíortha AE eile a bheidh ag glacadh páirt san eitilt;
    • na sonraí agus nósanna imeachta oibriúcháin a shainiú lena n-áirítear líon na dtionlacaithe a bheidh ag teastáil.
  • Ní mór do thír AE a bheidh páirteach san eitilt chomhpháirteach:
    • a rún a bheith páirteach a chur in iúl don údarás náisiúnta a bhfuil an eitilt á heagrú aici;
    • líon dóthanach tionlacaithe a sholáthar;
    • a chinntiú go mbeidh dhá cheann ar a laghad dá hionadaithe i láthair má sholáthraíonn an tír eagrúcháin na tionlacaithe ar fad.
  • Ní mór do thíortha eagrúcháin agus rannpháirteacha:
    • a chinntiú go bhfuil páipéir thaistil bhailí agus doiciméid riachtanacha eile, amhail víosaí agus deimhnithe ag gach tionlacaí agus gach duine atá á ndíbirt;
    • socruithe na heitilte a chur ar fáil dá n-ambasáidí agus dá gconsalachtaí sna tíortha idirthurais agus cinn scríbe lena mbaineann chun cúnamh riachtanach ar bith a fháil.
  • Leagtar amach nósanna imeachta agus ceanglais sa chinneadh do na cúig chéim a bhaineann le hinimircigh neamhdhleathacha a dhíbirt:
    • réamh-fhilleadh,
    • réamh-imeacht,
    • ar an eitilt,
    • idirthuras,
    • teacht.

Cumhdaítear iontu sin ceisteanna amhail seiceáil isteach, slándáil agus úsáid beart comhéigneach*.

  • Cumhdaítear faoi chomhar oibriúcháin idir tíortha AE chomh maith:
    • cúnamh idirthurais d’eitiltí díbeartha;
    • eagrú eitiltí d’inimircigh neamhdhleathacha atá ina n-ábhar d’orduithe leithleacha díbeartha;
    • aitheantas frithpháirteach do chinntiú díbeartha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 7 Lúnasa 2004.

CÚLRA

Tugtar ordú do idir 400,000 agus 500,000 náisiúnach coigríche AE a fhágáil gach bliain toisc gur tháinig siad isteach, nó tá siad ag fanacht, ar bhonn neamhdhleathach. Ní chuirtear ar ais abhaile nó chuig an tír ónar tháinig siad isteach in AE ach 40 %. Tá sé riachtanach go gcinnteofaí inimircigh neamhdhleathacha a chur ar ais chun creidiúnacht na himirce dleathach a chinntiú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

bearta comhéigneacha: féadfar iad sin a úsáid ar dhaoine a dhiúltaíonn nó a chuireann in aghaidh aistriú; ní mór dóibh a bheith comhréireach agus ní mór nach sáraíonn siad fórsa réasúnta nó nach gcuireann siad cumas an duine análú i gcontúirt.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2004/573/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le heitiltí comhpháirteacha chun náisiúnaigh thríú tíortha atá ina n-ábhar d’orduithe leithleacha díbeartha a dhíbirt ó chríoch dhá cheann nó níos mó de na Ballstáit (IO L 261, 6.8.2004, lgh. 28-35)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2003/110/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le cúnamh i gcásanna idirthurais chun críocha díbeartha d’aer (IO L 321, 6.12.2003, lgh. 26-31)

Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí ar dhíbirt náisiúnach de chuid tríú tíortha (IO L 149, 2.6.2001, lgh. 34-36)

Nuashonraithe 29.07.2016

Top