This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Radioactive waste shipments - supervision and control
Loingsiú ar dhramhaíl radaighníomhach - maoirsiú agus rialú
Loingsiú ar dhramhaíl radaighníomhach - maoirsiú agus rialú
Chun rioscaí do shláinte an phobail a íoslaghdú, ní mór cead a fháil roimh ré le haghaidh loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach* san Aontas Eorpach (AE).
Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle an 20 Samhain 2006 maidir le loingsiú ar dhramhaíl radaighníomhach agus ar bhreosla spíonta a mhaoirsiú agus a rialú
Chun rioscaí do shláinte an phobail a íoslaghdú, ní mór cead a fháil roimh ré le haghaidh loingsithe ar dhramhaíl radaighníomhach* san Aontas Eorpach (AE).
Córas AE le haghaidh loingsithe
Tá ann do chóras éigeantach AE, a úsáideann doiciméad caighdeánach rialaithe.
Ní mór na húdaráis iomchuí náisiúnta a chur ar an eolas faoi loingsiú ar dhramhaíl radaighníomhach a thagann isteach i dtír AE, a fhágann tír AE nó a thaistealaíonn trí thír AE.
Chun loingsiú a sheoladh, bíonn ar an sealbhóir* iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil sa tír thionscnaimh.
Chun glacadh le loingsiú, bíonn ar an allmhaireoir iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil sa tír cinn scríbe.
Ní mór don tír cinn scríbe agus, más iomchuí, an tír idirthurais, a chur in iúl do na húdaráis sa tír thionscnaimh go bhfuil siad sásta glacadh leis an loingsiú, sular féidir an choinsíneacht a sheoladh.
Cén cineál loingsithe nach bhfuil clúdaithe ag an treoir?
Faoin treoir, ní ceadmhach dramhaíl radaighníomhach a easpórtáil chuig:
Ón 25 Nollaig 2008 ar aghaidh.
Féach “ Iompar na n-ábhar radaighníomhach ” chun féachaint ar na mionsonraí.
* Dramhaíl radaighníomhach - ábhar radaighníomhach nach féidir aon úsáid eile a bhaint as.
* Breosla spíonta - breosla núicléach ionradaithe i gcroí imoibreora, ar baineadh go buan é. Is féidir breosla spíonta a athphróiseáil nó a athúsáid, nó is féidir é a dhiúscairt.
* Sealbhóir - duine aonair nó eagraíocht atá i gceannas ar loingsiú ar dhramhaíl radaighníomhach nó ar bhreosla spíonta a phleanáil, agus atá freagrach go dlíthiúil as roimh sheoladh.
* Foinsí as úsáid-foinsí nach n-úsáidtear a thuilleadh nó a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críocha cleachtais a bhfuil údarú faighte ina leith.
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2006/117/Euratom |
25.12.2006 |
24.12.2008 |
Moladh 2008/956/Euratom ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2008 maidir le critéir d’easpórtáil dramhaíola radaighníomhaí agus breosla spíonta chuig tríú tíortha (IO L 338, 17.12.2008, lgh. 69-71)
Cinneadh 2008/312/Euratom ón gCoimisiún an 5 Márta 2008 lena mbunaítear doiciméad caighdeánach maidir le loingsiú ar dhramhaíl radaighníomhach agus ar bhreosla spíonta a mhaoirsiú agus a rialú dá dtagraítear i dTreoir 2006/117/Euratom ón gComhairle (IO L 107, 17.4.2008, lgh. 32-59)
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i ndáil le Treoir 2006/117/Euratom ón gComhairle maidir le loingsiú ar dhramhaíl radaighníomhach agus ar bhreosla spíonta a mhaoirsiú agus a rialú, a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit (COM(2013) 240 final an 25 Aibreán 2013)
Nuashonraithe 27.08.2015