EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI)

Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI)

 

ACHOIMRE AR:

Conclúidí ón gComhairle lena n-iarrtar Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) a thabhairt isteach

CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?

Tá reachtaíocht ar fáil go forleathan ar líne agus is féidir í a rochtain i bhformáidí digiteacha éagsúla. Mar sin féin, tá difear sa dóigh ina ndéantar faisnéis dhlíthiúil a eagrú agus a rangú i gcórais éagsúla dlí. Téitear i ngleic leis an gceist sin sna conclúidí tríd an Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) a fhormhuiniú, tionscnamh lena áirithiú go bhfaighidh saoránaigh agus gairmithe dlíthiúla rochtain fheabhsaithe ar an bhfaisnéis ar reachtaíocht, bíodh sé ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal AE.

Leis an ELI tá sé níos éasca an fhaisnéis sin a rochtain agus a chomhroinnt, agus dá réir sin cuirtear le limistéar saoirse, slándála agus ceartais AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Iarrtar sna conclúidí ar thíortha AE an córas ELI a ghlacadh, ionas go gcuirfear síos ar fhaisnéis ar reachtaíocht AE agus ar an reachtaíocht náisiúnta ar bhealach comhchuibhithe ar fud na gcóras reachtaíochta. Cuirfear feabhas leis sin ar aimsiú, rochtain agus athúsáid na faisnéise faoi reachtaíocht do shaoránaigh agus d’úsáideoirí gairmiúla.

Conas a oibríonn ELI?

Tá ELI bunaithe ar:

  • úsáid as Aitheantóir Aonfhoirmeach Acmhainne (URI) uathúil chun suíomh gréasáin d’fhaisnéis dhlíthiúil a shainaithint;
  • tacar bunachair shonraí struchtúraithe a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar fhaisnéis dhlíthiúil AE agus náisiúnta;
  • úsáid as teanga chomhchoiteann chun faisnéis dhlíthiúil a mhalartú i bhformáidí meaisín-inléite chun í a athúsáid níos fearr* ar bhealach.

Forbraíodh an córas ELI chun cumarsáid dhlíthiúil a chaighdeánú chun idirmhalartú a chur chun cinn agus chun feabhas a chur ar idir-inoibritheacht idir córais faisnéise dlíthiúla ar leibhéal AE nó ar an leibhéal náisiúnta, agus sainiúlacht chóras dlí agus reachtach gach tíre á coimeád.

Cad ba cheart do thíortha AE a dhéanamh chun ELI a thabhairt isteach?

Tá tabhairt isteach ELI roghnach, deonach agus de réir a chéile. Chun ELI a ghlacadh ba cheart d’fhoilsitheoirí reachtaíochta an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • aitheantóirí agus meiteashonraí ELI a shannadh dá reachtaíocht;
  • na meiteashonraí ELI a sannadh dá reachtaíocht a fhoilsiú i bhformáid shonrach.

Iarrtar ar fheidhmeoirí ELI comhordaitheoir náisiúnta ELI a cheapadh agus faisnéis faoina gcur i bhfeidhm ELI faoi seach a chomhroinnt. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin ELI atá óstáilte ar thairseach EUR-Lex: http://eurlex.europa.eu/eli.

Conclúidí 2017 ón gComhairle

I mí na Samhna 2017, ghlac an Chomhairle sraith úr conclúidí ar an ELI ag forbairt ar chonclúidí 2012.

Cuirtear tuarascáil dul chun cinn ar fáil sna conclúidí sin maidir le tionscnamh ELI:

  • baineadh leas as an ELI i líon córas um fhoilsiú reachtaíochta náisiúnta,
  • cuireadh ELI i bhfeidhm ar reachtaíocht AE atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus i dtairseach EUR-Lex arna oibriú ag Oifig Foilseacháin AE,
  • rinne an Oifig Foilseacháin, ag gníomhú di i gcomhréir le Cinneadh 2009/496/CE, ELI a chomhtháthú i dtairseach EUR-Lex. Déanann an Oifig Foilseachán clár comhordaitheoirí náisiúnta ELI, faisnéis ar fhormáid agus ar úsáid ELI sna tíortha rannpháirteacha, agus doiciméadúchán úsáideach eile a óstáil agus a choimeád ar a tairseach EUR-Lex.

Iarrtar sna conclúidí ar mheitheal oibre na Comhairle ar an ríomhdhlí, sraith beart a dhéanamh a bheidh dírithe ar an gcóras ELI a chur chun cinn agus iarrtar go áirithe ar:

  • Tascfhórsa ELI sonraíochtaí a bhaineann le ELI a shainiú agus a bhforbairt amach anseo a áirithiú;
  • grúpa saineolaithe na meithle oibre ar an Ríomhdhlí ar ELI an tionscnamh seo a chur chun cinn trí:
    • a chur ar chumas thíortha AE eispéiris agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le húsáid ELI;
    • tíortha AE a chur ar an eolas faoi obair TF ELI;
    • ábhair imní agus riachtanais thíortha AE i bhfianaise ELI a thuairisciú don mheitheal oibre ar an Ríomhdhlí;
    • ábhar na gcruinnithe a thuairisciú don mheitheal oibre ar an Ríomhdhlí.

Cuimsítear na príomhghnéithe faisnéise agus tagairtí in iarscríbhinn:

  • ar an gcur chun feidhme náisiúnta;
  • gnéithe ELI;
  • suíomhanna tagartha ELI.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Athúsáid: an fhéidearthacht do shaoránaigh agus do chuideachtaí ábhar a athúsáid saor in aisce, fiú chun críche tráchtála, agus gan a bheith orthu cead a iarraidh chun é sin a dhéanamh. Is féidir an fhaisnéis a atáirgeadh, a oiriúnú, a aistriú etc. D’fhéadfaí an athúsáid sin a bheith faoi réir coinníollacha. Mar shampla, le beartas ginearálta um athúsáid an Choimisiúin Eorpaigh ceanglaítear orthu siúd a bhaineann athúsáid as faisnéis a foinse a admháil agus a áirithiú nach gcuirfear a bunchiall as a riocht. Tá eisceachtaí áirithe ar bheartas ginearálta um athúsáid an Choimisiúin Eorpaigh i gceist, áfach, amhail lógónna, bogearraí etc.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conclúidí ón gComhairle lena n-iarrtar Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (ELI) a thabhairt isteach (IO C 325, 26.10.2012, lgh. 3–11)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Conclúidí ón gComhairle an 6 Samhain 2017 maidir leis an Aitheantóir Reachtaíochta Eorpach (IO C 441, 22.12.2017, lgh. 8-12)

Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus feidhmiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 30.6.2009, lgh. 41-47)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/496/CE, Euratom a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 09.02.2018

Top