EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le haistriú sonraí teachtaireachtaí airgeadais

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le haistriú sonraí teachtaireachtaí airgeadais

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú

Cinneadh 2010/412/AE lena dtugtar i gcrích an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Agus an aidhm leis sceimhlitheoireacht agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh, baineann an comhaontú idir AE agus SAM leis an méid seo a leanas a aistriú:

  • teachtaireachtaí íocaíochtaí airgeadais ina dtagraítear d’aistrithe airgeadais agus sonraí gaolmhara ó sholáthraithe ainmnithe* in AE chuig Roinn Airgeadais SAM;
  • faisnéis ábhartha ón gClár um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú (TFTP) de chuid Roinn Chisteáin SAM chuig údaráis forfheidhmithe dlí, slándála poiblí nó frithsceimhlitheoireachta AE, nó chuig EuropolEurojust.

Tugtar i gcrích leis an gcinneadh an comhaontú thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Chun na sonraí riachtanacha a fháil ó AE, déanann Roinn Airgeadais SAM iarratas, agus seolann sé doiciméid bhreise ar bith, chuig soláthraí ainmnithe i SAM. Ag an am céanna, seolann sí cóip de na doiciméid sin chuig Europol, a sheiceálann go gcomhlíonann an t–iarratas ceanglais an chomhaontaithe agus cuireann sí fógra chuig an soláthraí ainmnithe dá réir sin. Nuair a bheidh comhlíonadh an iarratais dearbhaithe, beidh éifeacht cheangailteach leis ó thaobh dlí agus ceanglaítear ar an soláthraí na sonraí arna n–iarraidh a aistriú chuig Roinn Airgeadais SAM.
  • Ní mór do Roinn Airgeadais SAM a áirithiú go gcuirfear cosaintí, go háirithe i ndáil le cosaint sonraí pearsanta, i bhfeidhm nuair a sholáthraítear na sonraí. Ní cheadaítear na sonraí a phróiseáil ach amháin chun sceimhlitheoireacht agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh. Ní mór iad a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, ar nochtadh agus ar chaillteanas, chomh maith le cineál neamhúdaraithe próiseála ar bith. Ní cheadaítear cuardach a dhéanamh ar na sonraí ach amháin i gcás go bhfuil faisnéis nó fianaise a bhí iontu cheana ina léirítear go bhféadfadh baint a bheith ag ábhar an chuardaigh le sceimhlitheoireacht nó lena maoiniú. Ní mór gach cuardach agus na cúiseanna leo a thaifeadadh.
  • Ní mór do Roinn Airgeadais SAM sonraí neamh-asbhainte a scriosadh a mbaineann an méid seo a leanas leo:
    • ní theastaíonn siad a thuilleadh le haghaidh an chomhraic in éadan na sceimhlitheoireachta, bunaithe ar (ar a laghad) measúnú bliantúil;
    • a tarchuireadh i gcás nár iarradh iad;
    • faoin 20 Iúil 2012 ar a dhéanaí, i gcás go bhfuarthas iad roimh an 20 Iúil 2007;
    • tráth nach déanaí ná 5 bliana i ndiaidh iad a fháil, i gcás go bhfuarthas iad i ndiaidh an 20 Iúil 2007.
  • Ní fhéadfar sonraí asbhainte a choinneáil ach chomh fada agus is gá chun an cuspóir dá n–iarradh iad a chomhlíonadh. Sainítear leis an gcomhaontú chomh maith na cosaintí chun teorainn a chur le haistrithe ar aghaidh na sonraí asbhainte.
  • Ní mór do Roinn Airgeadais SAM faisnéis ón TFTP a d’fhéadfaí cur le gníomhaíochtaí AE in éadan na sceimhlitheoireachta a chur ar fáil d’údaráis ábhartha thíortha AE lena mbaineann agus, de réir mar is cuí, chuig Europol agus Eurojust. Mar an gcéanna, má cheaptar go bhfuil faisnéis ar bith eile riachtanach do chomhrac SAM in éadan na sceimhlitheoireachta, ní mór í a chur in iúl. Chun na malartuithe faisnéise sin a éascú, féadfar oifigeach idirchaidrimh Europol a tharmligean chuig Roinn Airgeadais SAM.
  • Féadfaidh údarás náisiúnta ábhartha AE, Europol nó Eurojust a iarraidh ar Roinn Airgeadais SAM cuardach a dhéanamh ar shonraí a fuarthas trí TFTP agus faisnéis ábhartha a aistriú má tá cúis ann lena chreidiúint go bhfuil duine nó eintiteas bainteach le sceimhlitheoireacht nó a maoiniú mar a shainítear le Treoir (AE) 2017/541 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus le Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.
  • Le linn théarma an chomhaontaithe, scrúdóidh an Coimisiún Eorpach na roghanna atá ar fáil maidir le córas AE a bheidh ionann le córas TFTP SAM a bhunú. Nuair a bheidh córas Eorpach bunaithe, beidh gá leis an gcomhaontú seo a athbhreithniú agus é a mhionathrú b’fhéidir agus a áirithiú go bhfuil na córais ag teacht lena chéile.
  • Déanann maoirseoirí neamhspleácha monatóireacht ar chomhlíonadh maidir le teorainneacha agus cosaintí an chomhaontaithe. Tá an t–údarás acu sonraí a chuirtear ar fáil a athbhreithniú, a fhiosrú, cuardach orthu a bhacadh, agus údair bhreise a thabhairt leo maidir lena mbaint leis an sceimhlitheoireacht. Ceapann na Coimisiún duine de na maoirseoirí sin.
  • Tríd an údarás náisiúnta cosanta sonraí, tá an ceart ag duine chun dearbhú a iarraidh gur próiseáladh a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta i gcomhréir leis na cearta maidir le cosaint sonraí faoi Threoir (AE) 2016/680 maidir le sonraí pearsanta a chosaint agus iad á n–úsáid ag na póilíní agus ag údaráis an cheartais choiriúil. Féadfar nochtadh na faisnéise sin a dhiúltú nó a theorannú más gá le haghaidh an chomhraic in éadan na sceimhlitheoireachta nó le haghaidh chosaint na slándála poiblí nó na slándála náisiúnta. I gcásanna dá leithéid, tabharfar míniú i scríbhinn do gach duine, mar aon le faisnéis ar an bhféidearthacht maidir le cúiteamh riaracháin agus breithiúnach a iarraidh i SAM. Tá an ceart ag duine chomh maith chun ceartú, scriosadh nó bacadh sonraí pearsanta míchruinne nó sonraí pearsanta a próiseáladh go mícheart a iarraidh. Chun cruinneas faisnéise a choimeád a fuarthas nó a tarchuireadh faoin gcomhaontú seo, féadfaidh gach páirtí cur leis na sonraí, iad a scriosadh nó iad a cheartú. Soláthraíonn Roinn Airgeadais SAM faisnéis maidir le TFTP ar shuíomh gréasáin poiblí, lena n–áirítear an ceart chun cúitimh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE AGUS AN CHINNIDH?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 13 Iúil 2010. Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2010 ar feadh tréimhse 5 bliana. Ina dhiaidh sin, síneofar é go huathoibríoch le haghaidh tréimhse comhleanúnacha bliana, mura gcuireann ceann de na páirtithe fógra go bhfuil sé beartaithe aige gan é a shíneadh.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Soláthraithe ainmnithe: soláthraithe seirbhísí teachtaireachtaí íocaíochtaí airgeadais idirnáisiúnta.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (IO L 195, 27.7.2010, lgh. 5-14)

Cinneadh 2010/412/AE ón gComhairle an 13 Iúil 2010 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (IO L 195, 27.7.2010, lgh. 3-4)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, 31.3.2017, lgh. 6-21)

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin An Tuarascáil Chomhpháirteach um Athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú — Ag gabháil leis an doiciméad — Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Maidir leis an tuarascáil chomhpháirteach um athbhreithniú ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (SWD(2017) 17 críochnaitheach)

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir (AE) 2016/680 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Faisnéis maidir le dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le próiseáil agus aistriú Sonraí Teachtaireachtaí Airgeadais ón Aontas Eorpach go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá chun críocha an Chláir um Sceimhlitheoirí agus a Maoiniú a Rianú (IO L 195, 27.7.2010, lch. 15)

Nuashonraithe 21.01.2019

Top