This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Visa requirements for non-EU nationals
Ceanglais víosa le haghaidh náisiúnach tríú tír
Ceanglais víosa le haghaidh náisiúnach tríú tír
This summary has been archived and will not be updated. See 'Ceanglais víosa le haghaidh náisiúnach neamh-AE' for an updated information about the subject.
Ceanglais víosa le haghaidh náisiúnach tríú tír
Liostaítear sa rialachán seo na tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach (AE) iad a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nó atá díolmhaithe ón cheanglas víosa nuair atá teorainn sheachtrach an AE á trasnú acu.
ACHT
Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú acu agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin.
ACHOIMRE
Le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 bunaítear na ceanglais víosa agus na díolúintí víosa a mbíonn feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír a théann isteach san AE le tamall gearr a chaitheamh ann. Déantar foráil ann chomh maith d’eisceachtaí maidir le ceanglais víosa agus do tharscaoiltí víosa a d’fhéadfadh Ballstáit den AE a thabhairt do chatagóirí áirithe daoine.
LIOSTAÍ DEARFACHA AGUS DIÚLTACHA
Cuirtear ar fáil sa rialachán seo comhliosta de na tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu nuair atá teorainneacha seachtracha Ballstáit á dtrasnú acu (Iarscríbhinn I nó liosta diúltach). Liostaítear sa rialachán chomh maith na tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón cheanglas víosa (Iarscríbhinn II - liosta dearfach).
Déantar na liostaí seo a nuashonrú go rialta le leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001.
Déantar cinntí maidir leis na liostaí a athrú bunaithe ar mheasúnú de réir an cháis ar thíortha nach tíortha den AE iad, tíortha a gcuirtear critéir i bhfeidhm ina leith, amhail, imirce neamhdhlíthiúil, beartas poiblí agus slándáil, leas eacnamaíoch (turasóireacht agus trádáil eachtrach), caidreamh eachtrach, comaoineacha maidir le cearta an duine agus le saoirsí bunúsacha san áireamh, chomh maith le comhtháthú agus cómhalartacht réigiúnach. Déantar na cinntí seo, uaireanta, mar thoradh ar idirphlé rathúil maidir le léirscaoileadh víosaí leis na tríú tíortha lena mbaineann.
VÍOSA GEARRFHANACHTA
I gcoitinne, má fhaigheann duine víosa gearrfhanachta ó cheann de na tíortha sa limistéar Schengen, bíonn cead ag an duine sin taisteal sna 26 stát Schengen ar feadh 90 lá ar a mhéad i dtréimhse ar bith 180 lá.
Cuirtear nósanna imeachta náisiúnta i bhfeidhm maidir le víosaí le haghaidh cuairteanna a sháraíonn an tréimhse seo.
Ina theannta sin, sonraítear sa rialachán go ndéantar ceanglais víosa a tharscaoileadh sna cásanna seo a leanas:
EISCEACHTAÍ MAIDIR LEIS AN CHEANGLAS VÍOSA
Féadfaidh Ballstáit eisceachtaí maidir leis an cheanglas víosa nó an tarscaoileadh víosa a dhámhachtain ar chatagóirí áirithe daoine, amhailsealbhóirí pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas speisialta, aerchriúnna agus criúnna longa sibhialta nó an pearsanra eitilte agus na freastalaithe ar eitiltí éigeandála/tarrthála.
Tugtar mionchuntas sa rialachán ar chásanna sonracha eile maidir le díolúine.
AN SÁSRA CÓMHALARTACHTA
Spreagtar sásra nuair a thugtar isteach ceanglais víosa ag tír nach tír den AE í, tír atá ar an liosta dearfach, do náisiúnaigh Ballstáit amháin nó níos mó, agus nuair a bhíonn ar an tír sin an Coimisiún agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir leis seo, agus nuair a chuirtear nós imeachta sonrach i bhfeidhm chun taisteal neamhvíosa a athbhunú. Má fhorchuirtear na ceanglais seo go fóill 6 mhí nó níos mó tar éis an fógra maidir le neamh-chómhalartacht a fhoilsiú, féadfaidh an Coimisiún athbhunú sealadach de cheanglas víosa a mholadh, mar bheart cómhalartachta, a chuirfear i bhfeidhm maidir le catagóirí áirithe náisiúnach de chuid na tíre seo, nach tír den AE í. Baineann an sásra cómhalartachta sonrach seo leis an AE ina iomláin. Mar sin, dá gcuirfeadh tír nach tír den AE í ceanglas náisiúnta i bhfeidhm le haghaidh náisiúnaigh tíre den AE, d’fhéadfadh na Ballstáit uile den AE freagairt don ghníomh seo.
AN SÁSRA FIONRAÍ
Faoi choinníollacha dochta agus tar éis do mheasúnú críochnúil a bheith déanta air ag an Choimisiún, is féidir sásra eile a chur i bhfeidhm chun ceanglais víosa a thabhairt isteach arís go sealadach do shaoránaigh tríú tíortha, i gcás éigeandála a eascraíonn nuair a bhaineann daoine mí-úsáid as an chóras neamhvíosa, daoine ar náisiúnaigh iad de thír nach tír den AE í, tír atá ar an liosta dearfach, rud a bhíonn ina chúis le méadú tábhachtach tobann ar líon na:
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 |
10.4.2001 |
- |
IO L 81, 21.3.2001, lch. 1 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (CE) Uimh. 2414/2001 |
1.1.2002 |
- |
IO L 327, 12.12.2001, lch. 1 |
Rialachán (CE) Uimh. 453/2003 |
2.4.2003 |
- |
IO L 69, 13.03.2003, lch. 10 |
Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais |
1.5.2004 |
- |
IO L 236, 23.9.2003, lch. 555 |
Rialachán (CE) Uimh. 851/2005 |
25.6.2005 |
- |
IO L 141, 4.6.2005, lch. 3 |
Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 |
1.1.2007 |
- |
IO L 363, 20.12.2006, lch. 1 |
Rialachán (CE) Uimh. 1932/2006 |
19.1.2007 |
- |
IO L 405, 30.12.2006, lch. 1 |
Rialachán (CE) Uimh. 1244/2009 |
19.12.2009 |
- |
IO L 336, 18.12.2009, lch. 1 |
Rialachán (CE) Uimh. 1211/2010 |
11.1.2011 |
- |
IO L 339, 22.12.2010, lch. 6 |
Rialachán (CE) Uimh. 517/2013 |
1.7.2013 |
- |
IO L 158, 10.6.2013, lch. 1 |
Rialachán (CE) Uimh. 610/2013 |
19.7.2013 |
- |
IO L 182, 29.6.2013, lch. 1 |
Rialachán (CE) Uimh. 1289/2013 |
9.1.2014 |
- |
IO L 347, 20.12.2013, lch. 74 |
Rialachán (CE) Uimh. 259/2014 |
28.4.2014 |
- |
IO L 105, 8.4.2014, lch. 9 |
Rialachán (CE) Uimh. 509/2014 |
9.6.2014 |
- |
IO L 149, 20.5.2014, lch. 67 |
Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonrú is déanaí: 12.08.2014