This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Refund of VAT: taxable persons established in another EU country
Aisíocaíocht CBL: daoine inchánacha atá bunaithe i dtír eile AE
Aisíocaíocht CBL: daoine inchánacha atá bunaithe i dtír eile AE
Aisíocaíocht CBL: daoine inchánacha atá bunaithe i dtír eile AE
ACHOIMRE AR:
CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leagtar síos léi na rialacha mionsonraithe maidir le cáin bhreisluacha (CBL) a aisíoc, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, comhchóras cánach breisluacha (CBL) AE, le daoine inchánacha nach bhfuil bunaithe i dtír aisíoca AE* ach atá bunaithe i dtír AE eile.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm ag an treoir i dtaca le haon duine inchánach nach bhfuil bunaithe i dtír aisíoca AE (ach atá bunaithe i dtír eile AE), a raibh an méid seo a leanas i gceist leo i rith na tréimhse aisíocaíochta:
Ní mór do thíortha AE aisíoc a dhéanamh le haon duine inchánach nach bhfuil bunaithe ina dtír (ach atá bunaithe i dtír eile AE) aon CBL a muirearaíodh i leith earraí nó seirbhísí a chuir daoine inchánacha eile ar fáil dó nó di sa tír AE sin nó i leith earraí a allmhairíodh isteach sa tír sin, nuair a úsáidtear iad chun críocha na n-idirbheart atá liostaithe i dTreoir 2006/112/CE.
D’fhonn a bheith incháilithe i gcomhair aisíocaíochta i dtír aisíoca AE, ní mór do dhuine inchánach nach bhfuil bunaithe sa tír sin idirbhearta a chur i gcrích as a dtagann ceart asbhainte ina dtír AE féin. Nuair a chuireann duine inchánach nach bhfuil bunaithe i dtír aisíoca AE an dá idirbheart i gcrích ina thír nó ina tír AE féin lena gcruthaítear ceart asbhainte agus idirbhearta nach gcruthaítear ceart asbhainte leo sa tír sin, ní íocfaidh tír aisíoca AE ach an chion den CBL atá inaisíoctha amháin.
Iarratas ar aisíocaíocht
Tugtar nós imeachta leictreonach iomlán isteach leis an treoir seo. Seolann an duine inchánach nach bhfuil bunaithe i dtír aisíoca AE (ach atá bunaithe i dtír AE eile) iarratas leictreonach ar aisíocaíocht chuig tír aisíoca AE tríd an tairseach leictreonach ina thír nó ina tír AE féin. Baineann an t-iarratas ar aisíocaíocht leis an CBL ar earraí nó seirbhísí a cheannach ar eisíodh sonrasc ina leith i rith thréimhse na haisíocaíochta, agus ar na hearraí a allmhairíodh i rith thréimhse na haisíocaíochta.
Ní mór an t-iarratas ar aisíocaíocht a sheoladh chuig tír bhunaíochta AE roimh an 30 Meán Fómhair den bhliain féilire tar éis thréimhse na haisíocaíochta. Ní bheidh an méid aisíocaíochta CBL a ndéanfar iarratas air níos lú, i bprionsabal, ná EUR 400 (nó EUR 50 i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe). Má tá an tír mall ag déanamh na haisíocaíochta, beidh an t-iarratasóir i dteideal ús a fháil ar shuim na haisíocaíochta. Ní mór don tír bhunaíochta AE deimhniú leictreonach den admháil a sheoladh chuig an iarratasóir gan mhoill.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 20 Feabhra 2008 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Eanáir 2010. Aisghairtear léi Treoir 79/1072/CEE.
CÚLRA
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2008/9/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cáin bhreisluacha a aisíoc, dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE, le daoine inchánacha nach bhfuil bunaithe i mBallstát an aisíoca ach atá bunaithe i mBallstát eile (IO L 44, 20.2.2008, lgh. 23-28)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir Uimh. 2008/9/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach faisnéise amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 79/2012 an 31 Eanáir 2012 ón gCoimisiún ina leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin, agus maidir le calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha a chur chun feidhme (IO L 29, 1.2.2012, lgh. 13-32)
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh. 79/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach faisnéise amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 an 7 Deireadh Fómhair 2010 ón gComhairle maidir le comhar riaracháin, agus maidir le calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lgh. 1-18)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 19.10.2018