EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tAcht um Ghnólachtaí Beaga le haghaidh FBManna Eorpacha

An tAcht um Ghnólachtaí Beaga le haghaidh FBManna Eorpacha

ACHOIMRE AR:

Theachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (COM(2008) 394 final) — “Smaoinigh ar fhiontair bheaga ar dtús” — An tAcht um Ghnólachtaí Beaga

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TACHT UM GHNÓLACHTAÍ BEAGA (SBA)?

Leagtar amach sa teachtaireacht roinnt prionsabal arna gceapadh chun fiontraíocht a spreagadh san Aontas Eorpach (AE) agus chun cur le rathúlacht gnólachtaí beaga.

Áirítear leis an teachtaireacht freisin tograí reachtacha maidir le cur chun feidhme ar leibhéal AE, agus ar leibhéal náisiúnta i dtíortha AE freisin.

Doiciméad neamhcheangailteach atá ann ach tá sé formhuinithe ag an gComhairle agus tá tacaíocht faighte aige ón gComhairle Eorpach agus ó Pharlaimint na hEorpa.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas príomhthosaíochtaí SBA: fiontraíocht a chur chun cinn, rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, an t-ualach rialála a laghdú agus rochtain ar mhargaí agus idirnáisiúnú a fheabhsú.

Leagtar amach na tosaíochtaí sin i 10 bprionsabal arna gceapadh chun dearadh agus cur chun feidhme beartas, ar leibhéal AE agus ar leibhéal na dtíortha AE, a threorú:

  • 1.

    timpeallacht a chruthú inar féidir éirí go maith le fiontraithe agus le gnólachtaí teaghlaigh agus ina gcúitítear an fhiontraíocht;

  • 2.

    a chinntiú go dtugtar seans eile gan mhoill do na fiontraithe macánta a raibh clisiúnas ag bagairt orthu;

  • 3.

    rialacha a cheapadh i gcomhréir leis an bprionsabal “smaoinigh ar fhiontair bheaga ar dtús”;

  • 4.

    freagrúlacht do riachtanais fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a bhunú i measc riarachán poiblí;

  • 5.

    uirlisí beartais phoiblí a oiriúnú do riachtanais FBManna: éascaíocht a dhéanamh ar rannpháirtíocht FBManna i soláthar poiblí agus leas níos fearr a bhaint as deiseanna státchabhrach d’FBManna;

  • 6.

    éascaíocht a dhéanamh ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus timpeallacht dhlíthiúil agus ghnó a fhorbairt a thacaíonn le híocaíochtaí tráthúla in idirbhearta tráchtála;

  • 7.

    cabhrú le FBManna leas níos mó a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an margadh aonair AE;

  • 8.

    uasghrádú scileanna i FBManna agus gach cineál nuálaíochta a chur chun cinn;

  • 9.

    a chur ar chumas FBManna deiseanna a dhéanamh de dhúshláin chomhshaoil;

  • 10.

    FBManna a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun leas a bhaint as fás na margaí.

Fuarthas in athbhreithniú SBA a rinneadh ag an gCoimisiún Eorpach in 2011:

  • gur glacadh le formhór na dtionscnamh;
  • as na ceithre thogra reachtacha, nár glacadh ach leis an reacht um chuideachta phríobháideach Eorpach;
  • go bhfuil cuir chuige éagsúla ag na tíortha AE maidir le cur chun feidhme agus le torthaí difriúla;
  • go bhfuil spriocanna glactha ag an gcuid is mó de thíortha AE chun ualaí riaracháin a laghdú, ach nach bhfuil na spriocanna sin bainte amach ag gach uile thír.

Chomh maith leis sin, moladh gníomhartha nua san athbhreithniú, gníomhartha a bhfuil mar aidhm acu an SBA a chomhtháthú i straitéis Eoraip 2020. Áirítear leis na gníomhartha sin:

  • an prionsabal “aon uair amháin” a chur chun cinn i measc comhlachtaí riaracháin agus faisnéis nó doiciméid á n-iarraidh;
  • rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú trí ráthaíochtaí iasachta chun cabhrú le FBManna déileáil le dúshláin an domhandaithe agus an athraithe aeráide;
  • comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáideach chun cabhrú le fiontair sa mhargadh aonair.

Ag comhairliúchán poiblí maidir le SBA in 2014, fuarthas go raibh dul chun cinn déanta ach:

  • gurbh ábhar imní mór na hualaí riaracháin agus dlíthiúla go fóill;
  • go raibh sé deacair go fóill maoiniú a rochtain in ainneoin na bearta a glacadh;
  • go bhfuil sé riachtanach iarracht bhreise a dhéanamh maidir le rochtain ar mhargaí, go háirithe feabhas a chur ar na naisc idir cláir AE reatha.

CÚLRA

Féach “An tAcht um Ghnólachtaí Beaga” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — “Smaoinigh ar fhiontair bheaga ar dtús” — An tAcht um Ghnólachtaí Beaga (COM(2008) 394 final an 25.6.2008)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Athbhreithniú ar an Acht um Ghnólachtaí Beaga (COM(2011) 78 final an 23.2.2011)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Oiriúnacht Rialála AE (COM(2012) 746 final an 12.12.2012)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Plean Gníomhaíochta maidir le Fiontraíocht 2020 — Fiontraíocht a athspreagadh san Eoraip (COM(2012) 795 final an 9.1.2013)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Rialáil chliste — Ag freagairt do riachtanais na bhfiontar beag agus meánmhéide (COM(2013) 122 final an 7.3.2013)

Nuashonraithe 24.02.2016

Top