Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta agus saoirsí daoine atá faoi mhíchumas a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta

Cearta agus saoirsí daoine atá faoi mhíchumas a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2010/48/CE maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?

Glactar leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois) Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, atá cuimsithe san iarscríbhinn leis an gcinneadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá sé beartaithe leis an gCoinbhinsiún idirnáisiúnta seo a áirithiú go mbainfidh daoine atá faoi mhíchumas tairbhe as cearta agus saoirsí bunúsacha uile an duine.

Chun na críche sin, tá an Coinbhinsiún bunaithe ar shraith prionsabal:

  • meas ar dhínit, ar fhéinriar agus ar neamhspleáchas daoine;
  • neamh-idirdhealú;
  • rannpháirtíocht agus cuimsiú sa tsochaí;
  • meas ar dhifríocht daoine agus glacadh le daoine;
  • comhionannas deiseanna;
  • inrochtaineacht, go háirithe maidir le rochtain ar iompar, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, ar shaoráidí poiblí agus ar sheirbhísí, i limistéir uirbeacha agus thuaithe;
  • comhionannas idir fir agus mná;
  • meas ar fhéiniúlacht leanaí atá faoi mhíchumas agus ar a gcumais forbartha.

Ní mór do na tíortha atá ina bpáirtí sa choinbhinsiún na bearta ar fad is gá a dhéanamh chun meas ar na prionsabail sin a áirithiú ar bonn leanúnach. Ní mór dóibh chomh maith a ghealladh go dtacóidh siad le cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha daoine atá faoi mhíchumas.

Lena chois sin, ba cheart dul i gcomhairle le daoine atá faoi mhíchumas maidir le forbairt agus cur chun feidhme na reachtaíochta agus na mbeart a bhaineann leo.

Cosaint ar leithcheal

Toirmisctear gach cineál idirdhealaithe ar bhonn míchumais agus ní mór cosaint dhlíthiúil chothrom agus éifeachtach a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Tá rialacha sonracha sa choinbhinsiún maidir le 2 ghrúpa daonra:

  • mná atá faoi mhíchumas, a bhíonn faoi réir il-idirdhealaithe. Ní mór bearta a dhéanamh lena bhforbairt iomlán agus lena bhféinriar a áirithiú;
  • tá an ceart ag leanaí atá faoi mhíchumas, atá i dteideal go gcosnófar a leasanna i gcinntí a bhaineann leo, a dtuairimí a chur in iúl faoi shaoirse agus cúnamh cuí a chur ar fáil dóibh.

Geallann tíortha atá ina bpáirtí sa choinbhinsiún go rachaidh siad i ngleic le steiréitíopaí agus go gcuirfidh siad feasacht chun cinn maidir le cumais daoine atá faoi mhíchumas.

Cearta a aithnítear leis an gcoinbhinsiún

Leagtar síos sraith ceart agus saoirsí leis an gcoinbhinsiún a bhfuil daoine atá faoi mhíchumas ina dteideal. Ina measc sin tá:

  • an ceart chun na beatha;
  • cosaint i gcásanna riosca agus éigeandálaí daonnúla;
  • aitheantas mar dhaoine os comhair an dlí agus mar dhaoine d’inniúlacht dhlíthiúil, go háirithe maidir le húinéireacht a bheith acu ar réadmhaoin agus a n–airgead féin a bhainistiú, agus iad a chosaint ar mhí-úsáid ag an am céanna;
  • rochtain ar an gceartas, a bhuíoch do chomhréitigh nós imeachta;
  • saoirse agus slándáil;
  • saoirse ó chéastóireacht nó ó íde nó pionós atá cruálach, mídhaonna nó náireach;
  • saoirse ó dhúshaothrú, ó fhoréigean agus ó mhí-úsáid;
  • iomláine choirp agus mheabhrach a chosaint;
  • saoirse soghluaisteachta, an ceart áit chónaithe agus náisiúntacht a roghnú;
  • maireachtáil go neamhspleách agus a bheith cuimsithe sa phobal;
  • gluaiseacht phearsanta, go háirithe trí fheistis agus trí theicneolaíochtaí gluaiseachta;
  • saoirse chun tuairimí a nochtadh agus rochtain ar fhaisnéis;
  • meas ar phríobháideacht;
  • meas ar an mbaile agus ar an teaghlach;
  • rochtain ar oideachas;
  • rochtain ar sheirbhísí sláinte;
  • slánú agus athshlánú, trí chumas iomlán coirp, meabhrach, sóisialta agus gairme a bhaint amach;
  • an ceart chun oibriú, gan idirdhealú agus faoi choinníollacha córa agus fabhracha;
  • an ceart chun caighdeán imleor maireachtála agus cosaint shóisialta;
  • rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí, lena n–áirítear trí vótáil agus trína bheith tofa;
  • rannpháirtíocht sa saol cultúrtha, caitheamh aimsire agus spórt.

Cur chun feidhme an choinbhinsiúin

Ní mór daoine atá faoi mhíchumas a chuimsiú i ngníomhaíocht idirnáisiúnta comhair ar bith a dhéantar, go sonrach i gcomhpháirtíocht leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha ábhartha.

Ní mór do thíortha pointe fócais náisiúnta amháin nó níos mó a chur ar bun a bheidh freagrach as cur chun feidhm an Choinbhinsiúin agus an pobal a chur ar an eolas faoin gcoinbhinsiún. Ní mór dóibh sásra neamhspleách a bhunú chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhm an choinbhinsiúin. Ní mór don tsochaí shibhialta páirt iomlán a ghlacadh sa ghníomhaíocht mhonatóireachta.

Ar deireadh, ní mór do gach tír tuarascáil chuimsitheach a chur isteach maidir leis na bearta a rinneadh lena hoibleagáidí a chomhlíonadh, laistigh de 2 bhliain ón haontachas leis an gcoinbhinsiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOINBHINSIÚIN?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 26 Samhain 2009. Tá feidhme leis an gcoinbhinsiún ón 3 Bealtaine 2008 agus tá feidhm leis in AE ón 22 Eanáir 2011.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2010/48/CE an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i gcrích (IO L 23, 27.1.2010, lgh. 35-61)

Nuashonraithe 18.07.2018

Top