Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar Eorpach i réimse na hóige (2010-18)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Comhar Eorpach i réimse na hóige (2010-18)

 

ACHOIMRE AR:

Rún maidir le córas athnuaite le haghaidh comhoibrithe san Aontas Eorpach i réimse na hóige

CAD IS AIDHM LEIS AN RÚN?

Leagtar amach ann creat athnuaite le haghaidh comhoibriú níos fearr idir tíortha san AE i réimse na hóige don tréimhse 2010-18. Leanann sé an chéad chreat ar glacadh leis in 2002 don tréimhse 2002-2009.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é is príomhchuspóir leis an gcreat athnuaite seo nó Straitéis an AE i leith na hÓige ná éifeachtúlacht an chomhoibrithe agus na ngníomhaíochtaí atá cheana féin a fheabhsú agus buntáistí breise a chur ar fáil do dhaoine óga san AE.

Tá dhá phríomhchuspóir leis an straitéis seo:

  • chun tuilleadh deiseanna agus na deiseanna céanna a sholáthar do dhaoine óga i gcúrsaí oideachais agus i margadh an tsaothair;
  • chun daoine óga a spreagadh chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí.

Ní mór na cuspóirí seo a chur i bhfeidhm trí idirphlé a chur chun cinn idir an óige agus lucht ceaptha beartas, chun saoránacht ghníomhach a mhéadú, chun imeascadh sóisialta a chothú agus chun cuimsiú na ndaoine óga a áirithiú maidir le forbairt beartas san AE.

Chuige seo, moltar tionscnaimh faoi leith, ina ndírítear ar dhaoine óga agus spreagtar tionscnaimh phríomhshruthaithe in 8 réimse faoi leith:

  • oideachas agus oiliúint;
  • fostaíocht agus fiontraíocht;
  • sláinte agus folláine;
  • rannpháirtíocht daoine óga i bpróiseas daonlathach an AE sa tsochaí agus i gcomhthéacs plé faoi leith struchtúrtha an AE;
  • gníomhaíochtaí deonacha;
  • cuimsiú sóisialta;
  • óige agus an domhan le gníomhaíochtaí dírithe chun cuidiú le daoine óga páirt a bheith acu lasmuigh den AE nó a bheith níos rannpháirtí i réimsí amhail an t-athrú aeráide,comhoibriú idirnáisiúnta agus cearta daonna;
  • cruthaitheacht agus cultúr.

Ról thíortha an AE agus an Choimisiúin Eorpaigh

Iarrtar sa rún ar an gCoimisiún Eorpach agus ar thíortha an AE bearta a ghlacadh a chuireann leis na cuspóirí atá sa Straitéis i leith na hÓige a bhaint amach. Ní mór gníomhaíochtaí i réimsí den chineál sin a chur i bhfeidhm trí mhodh oscailte an chomhordaithe, agus chuige sin bíonn tiomantas polaitiúil ag teastáil ó thíortha AE agus modhanna oibre ar leith.

Is iad seo a leanas príomhionstraimí cur chun feidhme Straitéis an AE i leith na hóige:

  • foghlaim fhrithpháirteach idir tíortha an AE
  • fócas bunaithe ar fhianaise,
  • faireachán agus tuairisciú,
  • idirphlé leis an óige agus
  • slógadh clár an AE, amhail an clár Erasmus+.

I Straitéis an AE i leith na hóige spreagtar iad freisin chun saincheisteanna óige a áireamh i réimsí eile beartais a théann i bhfeidhm ar shaol daoine óga, amhail fostaíocht don aos óg (lena n-áirítearscéim ráthaíochta don aos óg) agus cuimsiú sóisialta (ardán an AE in aghaidh bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta).

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:

PRÍOMHCHÁIPÉIS

Rún ón gComhairle an 27 Samhain 2009 ar chreat athnuaite maidir le comhar Eorpach i réimse na hóige (2010-2018) (IO C 311, 19.12.2009, lgh. 1-11).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag cruinniú laistigh den Chomhairle, ar Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Óige le haghaidh 2016-2018 (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 1-9)

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag cruinniú laistigh den Chomhairle, an20 Bealtaine 2014 ar fhorléargas an idirphlé struchtúrtha lena n-áirítear cuimsiú sóisialta daoine óga (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 1-4).

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag cruinniú laistigh den Chomhairle, an20 Bealtaine 2014 ar Phlean Oibre an Aontais Eorpagh don Óige 2014-2015 (IO C 183, 14.6.2014, lgh. 5-11).

Nuashonraithe 23.11.2017

Top