Éicilipéad
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 maidir le hÉicilipéad AE
CAD É IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
-
Baineann sé le hÉicilipéad an Aontais Eorpaigh (AE) ar scéim dámhachtana lipéadaithe comhshaoil é.
-
Trí bhíthin chritéir éiceolaíocha thrédhearcacha, cuireann sé ar chumas tomhaltóirí roghanna coinsiasacha a dhéanamh gan baint de chaighdeán na dtáirgí.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Féadfar Éicilipéad AE a dhámhachtain ar tháirgí agus ar sheirbhísí a bhfuil tionchar comhshaoil níos ísle acu ná mar atá ag táirgí eile sa ghrúpa céanna. Ceapadh na critéir don lipéad ag úsáid sonraí eolaíochta ar saolré táirge iomlán, ó fhorbraítear an táirge go dtí go ndéantar é a dhiúscairt.
-
Féadfar an lipéad a dhámhachtain ar gach earra nó seirbhís a leithdháiltear, a ídítear nó a úsáidtear ar mhargadh AE ach íocaíocht a dhéanamh nó é a fháil saor in aisce, ar an gcoinníoll go bhfuil na critéir éiceolaíocha leagtha síos go soiléir. Níl feidhm aige i gcás táirgí íocshláinte le húsáid agan duine nó le haghaidh tréidliachta nó le haghaidh fearais leighis.
-
Tugadh an córas isteach le Rialachán (CEE) Uimh. 880/92 agus leasaíodh é le Rialachán (CE) Uimh. 1980/2000. Tá sé mar aidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 na rialacha maidir le dámhachtain, úsáid agus oibriú an lipéid a fheabhsú.
Critéir dámhachtana
-
Dámhtar an lipéad agus cuspóirí comhshaoil agus eiticiúla na hEorpa á gcur san áireamh. Cuireann sé chun cinn freisin an t-aistriú a dhéanfaidh AE chuig geilleagar ciorclach, ag tacú le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe. Go sonrach:
-
an tionchar a bhíonn ag earraí agus seirbhísí ar athrú aeráide, ar an dúlra agus ar bhithéagsúlacht, fuinneamh agus ídiú acmhainní, ar ghiniúint dramhaíola, truailliú, astaíochtaí agus eisiúint substaintí guaiseacha isteach sa chomhshaol;
-
substaintí guaiseacha a ionadú le substaintí níos sábháilte;
-
marthanacht agus ath-inúsáidteacht táirgí;
-
an tionchar sa deireadh thiar ar an gcomhshaol, lena n-áirítear ar shláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí;
-
caighdeáin shóisialta agus eiticiúla a chomhlíonadh, amhail caighdeáin idirnáisiúnta saothair;
-
critéir arna mbunú le lipéid eile a chur san áireamh ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach;
-
tástáil ainmhithe a laghdú.
-
Ní féidir an lipéad a dhámhachtain ar tháirgí ina bhfuil substaintí atá aicmithe le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 mar chinn atá tocsaineach, guaiseach don chomhshaol, carcanaigineach nó só-ghineach, nó substaintí faoi réir an chreata rialála le haghaidh bainistíocht ceimiceán.
Comhlachtaí inniúla
-
Ní mór do thíortha AE comhlacht amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an bpróiseas lipéadaithe ar an leibhéal náisiúnta a ainmniú. Beidh a gcuid oibríochtaí trédhearcach agus beidh deis ag gach páirtí leasmhar a bheith rannpháirteach ina gcuid gníomhaíochtaí.
-
Tá siad freagrach go sonrach as seiceáil rialta a dhéanamh go gcloíonn na táirgí leis na critéir lipéadaithe. Áirítear lena saindualgas freisin gearáin a fháil, an pobal a chur ar an eolas, faireachán a dhéanamh ar fhógraíocht bhréagach agus táirgí a thoirmeasc.
An nós imeachta i gcomhair dhámhachtain agus úsáid an lipéid
-
Ionas go nndámhfar an lipéad orthu, cuirfidh oibreoirí eacnamaíocha iarratas isteach chuig:
-
tír AE amháin nó níos mó, a sheolfaidh ar aghaidh é chuig an gcomhlacht náisiúnta inniúil;
-
tír nach bhfuil in AE, a sheolfaidh é chuig tír AE ina bhfuil margaíocht á déanamh ar an táirge.
-
Má chloíonn an táirge leis na critéir lipéadaithe, cuirfidh an comhlacht inniúil conradh ar bun leis an oibreoir, ina leagfar síos téarmaí úsáide agus tarraingt siar an lipéid. Féadfaidh an t-oibreoir an lipéad a chur ar an táirge ansin. Beidh úsáid an lipéid faoi réir íocaíocht táille nuair a dhéanfar an t-iarratas, agus táille bhliantúil freisin.
-
Chruthaigh an Coimisiún Eorpach catalóg táirgí a bhfuil an lipéad dafa orthu.
Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú (BAEÉ)
Bunaítear Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú (BAEÉ) le cinneadh 2010 ón gCoimisiún (Cinneadh 2010/709/AE) Is é an Coimisiún a cheapann a chuid comhaltaí. Cuimsítear ar an mbord ionadaithe ó thíortha AE agus ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí Eorpacha áirithe a dhéanann ionadaíocht thar ceann, mar shampla, tomhaltóirí, leasanna gnó agus comhshaoil. Téann an Coimisiún i gcomhairle le BEAE nuair a bhíonn na critéir dhámhachtana agus ceanglais an lipéid á bhforbairt nó á n-athbhreithniú.
Critéir éiceolaíocha
-
Ghlac an Coimisiún le sraith cinntí lena mbunaítear critéir éiceolaíocha chun éicilipéad AE a dhámhachtain ar chineálacha difriúla táirgí; i gcás roinnt díobh sin, chuaigh an tréimhse bailíochta in éag faoi dheireadh mhí na Nollag 2016.
-
Ghlac an Coimisiún freisin le Rialachán (AE) Uimh. 782/2013 inar ionadaíodh Iarscríbhinn III de Rialachán (AE) Uimh. 66/2010 agus lena leasaítear na táillí uasta atá ceadaithe chun meastóireacht agus próiseáil na n-iarratas ar an Éicilipéad a dhéanann monaróirí táirgí a mhaoiniú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 19 Feabhra 2010.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le hÉicilipéad AE (IO L 27, 30.1.2010, lgh. 1-19)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 66/2010 a ionchorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh 2010/709/AE ón gCoimisiún an 22 Samhain 2010 lena mbunaítear Bord an Aontais Eorpaigh um Éicilipéadú (IO L 308, 24.11.2010, lch. 53)
Rialachán (AE) Uimh. 782/2013 ón gCoimisiún an 14 Lúnasa 2013 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 66/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hÉicilipéad AE (IO L219, 15.8.2013, lgh. 26-27)
Cinneadh (AE) 2016/2003 an 14 Samhain 2016 lena leasaítear Treoracha 2009/300/CE, 2011/263/AE, 2011/264/AE, 2011/382/AE, 2011/383/AE, 2012/720/AE agus 2012/721/AE chun fad a chur le tréimhse bailíochta na gcritéar éiceolaíoch maidir le dámhachtain Eicealipéad AE ar tháirgí áirithe (IO L 308, 16.11.2016, lgh. 59–61)
Nuashonraithe 14.11.2017