Úsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha i leigheas daonna
ACHOIMRE AR:
Moladh 2002/77/CE maidir le húsáid a bhaint as frithmhiocróbaigh i leigheas
CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?
Iarrtar ann ar thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) straitéisí sonracha a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le húsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha*, amhail antaibheathaigh, i leigheas daonna, chun a n-éifeachtúlacht a choimeád.
PRÍOMHPHOINTÍ
Chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (AMR) a chomhrac, leagtar amach bearta sonracha sa mholadh chun:
-
neartú a dhéanamh ar na córais faireacháin do AMR agus úsáid ábhar frithmhiocróbach (e.g. sonraí a bhailiú maidir le hantaibheathaigh a thabhairt agus a úsáid in ospidéil);
-
bearta cosanta agus coisctheacha a fhorbairt maidir le húsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha trí rialacha a leagan síos maidir le húsáid antaibheathach agus bearta sláinteachais agus rialaithe ionfhabhtuithe a chur chun feidhme in institiúidí (ospidéil, tithe altranais, etc.);
-
oideachas agus oiliúint fiaclóirí, cógaiseoirí, altraí agus daoine eile sa ghairm leighis a chur chun cinn maidir le fadhb na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, agus an gá le hantaibheathaigh a laghdú;
-
an pobal a chur ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le húsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha trí fheasacht a spreagadh faoi fhadhb na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus ionchais réadúla an phobail maidir le hoideas antaibheathach a spreagadh;
-
tionscnaimh thaighde a chur chun cinn a bhaineann le rialú na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, agus béim a chur ar na meicníochtaí teacht chun cinn agus leathadh na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair frithmhiocróbach i measc daoine.
Rialacha a bhaineann le táirgí
Tá treoirlínte sa mholadh maidir le húsáid táirgí frithmhiocróbacha. Tá córais rialaithe maidir le táirgí frithmhiocróbacha a chur ar an margadh le cur i bhfeidhm chun a chinntiú go gcloíonn siad leis na prionsabail um dhea-bhainistíocht a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha.
Bearta leantacha
Tuarascálacha
Chuir tíortha AE tuarascálacha rialta ar chur chun feidhme na mbeart straitéise atá déanta acu isteach. Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha gach 5 bliana:
-
In 2005, iarradh sa chéad tuarascáil ar thíortha AE:
-
dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le féin-íocleasú le hantaibheathaigh, go háirithe trí oiliúint a chur ar an bpobal i gcoitinne ar na rioscaí lena mbaineann;
-
treoirlínte a dhréachtú ina dtabharfaí moladh faoi chóireáil chuí antaibheathach.
-
In 2010, sa dara tuarascáil iarradh go soláthrófaí, i measc nithe eile, sásra idirearnálach cuí i ngach tír AE chun comhordú a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéisí atá beartaithe sa mholadh.
-
In 2015, iarradh sa tríú tuarascáil ar thíortha AE:
-
bearta cosanta agus coisctheacha a fhorfheidhmiú;
-
bearta a dhéanamh chun méadú a dhéanamh ar thiomantas lucht déanta beartas maidir le dul i ngleic le fadhb na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach; agus
-
taighde a chothú i bpríomhréimsí chun bearnaí i rialú na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a shárú.
Pleananna gníomhaíochta
In 2011, i ndiaidh tuarascálacha 2005 agus 2010 agus glacadh moltaag an gComhairle in 2009 maidir le sábháilteacht othar, ghlac an Coimisiún plean gníomhaíochta 5 bliana chun dul i ngleic le bagairtí na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach.
Lainseálfar an dara plean gníomhaíochta in 2017. Beidh sé dírithe ar:
-
tacaíocht a thabhairt do thíortha AE, go háirithe chun a bpleananna gníomhaíochta náisiúnta a bhunú, a chur chun feidhme agus monatóireacht a dhéanamh orthu;
-
cistí agus ionstraimí AE a thabhairt le chéile chun nuálaíocht agus taighde i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a chur chun cinn agus
-
a phríomhról i bhfóraim dhomhanda a neartú, go sonrach laistigh de na heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le príomhpháirtithe trádála.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Oibreáin fhrithmhiocróbacha: aon raon leathan de chomhdhúile ceimiceacha agus oibreáin fhisiceacha chun miocrorgánaigh ionfhabhtaíocha a scriosadh nó a bhforbairt a chosc (e.g. peinicillin antaibheathach, antaiseipteáin nó geirmicídí).
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Moladh 2002/77/CE ón gComhairle an 15 Samhain 2001 maidir le húsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha i leigheas daonna (IO L 34, 5.2.2002, lgh. 13–16)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle ar bhun thuarascálacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme an mholta (2002/77/CE) ón gComhairle maidir le húsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha i leigheas daonna (COIM(2005) 684 leagan deireanach, 22.12.2005)
An dara tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle ar bhun thuarascálacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme an mholta (2002/77/CE) ón gComhairle maidir le húsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha i leigheas daonna (COIM(2010) 141 leagan deireanach, 9.4.2010)
Úsáid stuama a bhaint as oibreáin fhrithmhiocróbacha i leigheas daonna: an tríú tuarascáil ar chur chun feidhme an mholta ón gComhairle (2016)
Nuashonraithe 01.03.2017