EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint daoine óga ag an obair

Cosaint daoine óga ag an obair

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 94/33/CE – cosaint daoine óga ag an obair

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos inti na ceanglais íosta chun feabhas ar shláinte agus ar shábháilteacht oibrithe óga a ráthú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an Treoir maidir le gach duine óg faoi bhun 18 bliain d’aois a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta aige nó aici atá sainithe faoin dlí atá i bhfeidhm i dtír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus/nó faoi réir an dlí atá i bhfeidhm i dtír AE.
  • Féadfaidh tíortha AE a leagan síos nach bhfuil an treoir infheidhme maidir le hobair ócáideach nó le hobair ghearrthéarmach i seirbhís baile i dteaghlach príobháideach, ná maidir le hobair i ngnó teaghlaigh a meastar gur dócha nach ndéanfaidh sí díobháil, gortú ná dochar do dhaoine óga.
  • Foráiltear leis an treoir go ndéanfaidh tíortha AE na bearta is gá chun fostaíocht leanaí a thoirmeasc agus go gcinnteoidh siad go mbeidh fostaíocht ógánach rialaithe agus cosanta go docht faoi na coinníollacha dá bhforáiltear sa treoir.
  • Sainítear trí chatagóir daoine óga sa Treoir, mar seo a leanas:
    • daoine óga: daoine óga faoi bhun 18 bliain d’aois;
    • leanaí: daoine óga atá faoi bhun 15 bliain d’aois nó atá fós ag gabháil d’oideachas lánaimseartha éigeantach i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta;
    • ógánaigh: daoine óga idir aois 15 bliain agus 18 bliain nach bhfuil ag gabháil a thuilleadh d’oideachas lánaimseartha éigeantach i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.
  • Is é príomhchuspóir na treorach fostaíocht leanaí a thoirmeasc.
  • Mar sin féin, ceadaítear faoin treoir do thíortha AE a leagan síos, faoi réir coinníollacha áirithe, nach bhfuil an cosc ar fhostaíocht leanaí infheidhme maidir le:
    • leanaí atá fostaithe chun críocha cultúrtha, ealaíonta, spóirt nó fógraíochta, faoi réir údarú a fháil roimh ré ón údarás inniúil i ngach cás ar leith;
    • leanaí in aois 14 bliain nó os a cionn a bhíonn ag obair i ngnóthas mar chuid de scéim oibre/oiliúna nó de chúrsa oiliúna, ar an gcoinníoll go gcuirfear an obair sin i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais atá leagtha síos ag an údarás inniúil;
    • leanaí in aois 14 bliain nó os a cionn atá i mbun obair éadrom seachas an obair dá dtagraítear sa chéad phointe thuas; mar sin féin, féadfaidh leanaí os cionn 13 bliain d’aois obair éadrom a dhéanamh ar feadh líon teoranta uaireanta in aghaidh na seachtaine i gcatagóirí fostaíochta a shainítear sa reachtaíocht náisiúnta.
  • Áirítear sa treoir forálacha a bhaineann le:
    • oibleagáidí ginearálta an fhostóra, amhail sláinte agus sábháilteacht na ndaoine óga a chosaint, measúnú ar an mbaol i leith daoine óga a bhaineann lena gcuid oibre, measúnú agus monatóireacht ar shláinte daoine óga, eolas faoi ionadaithe dlíthiúla daoine óga agus leanaí maidir leis na baoil fhéideartha dá sláinte agus sábháilteacht;
    • cineálacha fostaíochta nach mór nach mbeadh daoine óga ag gabháil dóibh, amhail obair lena sáraítear cumais mheabhrach nó cumais fhisiceacha daoine óga, obair a bhfuil nochtadh díobhálach do shubstaintí contúirteacha i gceist léi.
  • I dTreoir 2014/27/AE, déantar Treoir 94/33/CE a ailíniú le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 faoinar bunaíodh córas nua maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán san AE, bunaithe ar an gCóras Comhchuibhithe Domhanda um Aicmiú agus Lipéadú Ceimiceán (CCD) ar leibhéal idirnáisiúnta. Ina theannta sin, faoi Threoir 2014/27/AE, déantar ionadú ar thagairtí do na Treoracha aisghairthe (90/679/CEE agus 90/394/CEE) le tagairtí d’fhorálacha ábhartha de chuid Threoir 2000/54/CE agus Threoir 2004/37/CE.
  • Tá forálacha i dTreoir 94/33/CE a bhaineann le huaireanta oibre, obair oíche, tréimhsí scíthe, saoire bhliantúil agus sosanna scíthe.
  • Tá gach tír AE freagrach as sainiú a dhéanamh ar na bearta atá le glacadh i gcás sáraithe ar fhorálacha na Treorach seo. Ní mór do na bearta sin a bheith éifeachtach agus comhréireach leis an gcion.
  • Tá clásal neamh-aischéimnithe a bhaineann leis an leibhéal cosanta do dhaoine óga sa treoir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 9 Meán Fómhair 1994. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 22 Meitheamh 1996.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 94/33/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1994 maidir le cosaint daoine óga ag an obair (OI L 216, 20.8.1994, lgh. 12-20)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 94/33/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ar chur i bhfeidhm Threoir 94/33/CE maidir le cosaint daoine óga ag an obair (COM(2004) 105 leagan deireanach, 16.2.2004)

Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le héifeachtaí na hidirthréimhse a deonaíodh don Ríocht Aontaithe i ndáil le forálacha áirithe de chuid Threoir 94/33/CE ón gComhairle maidir le cosaint daoine óga ag an obair (COM(2000) 457 leagan deireanach, 20.7.2000)

Nuashonraithe 05.12.2016

Top