Nochtadh do chreathadh meicniúil
ACHOIMRE AR:
Treoir 2002/44/CE — íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh)
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
- Tá sé mar aidhm léi sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le creathadh meicniúil.
- Leagtar amach inti íoschaighdeáin éigeandála sláinte agus sábháilteachta.
- Féadfaidh tíortha AE iad sin a dhéanamh níos doichte más mian leo.
- Forlíontar léi Treoir 89/391/CEE maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe a spreagadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní mór d’fhostóirí:
- leibhéil an chreathaidh mheicniúil dá bhfuil na hoibrithe nochta a mheasúnú agus, más gá, a thomhas;
- súil a choinneáil ar an tionchar fisiciúil a d’fhéadfadh a bheith ag innealra ag brath ar chleachtais oibre, ar chineál an innealra agus ar na coinníollacha úsáide;
- úsáid a bhaint as bealaí agus as modhanna chun tionchar an chreathaidh a thomhas;
- a áirithiú go ndéanfaidh na daoine inniúla na measúnuithe agus na tomhais ag “eatraimh oiriúnacha”;
- taifead a choinneáil de na torthaí le haghaidh seiceáil fhéideartha amach anseo;
- aird a thabhairt ar thosca áirithe agus measúnú riosca á dhéanamh, go sonrach:
- leibhéal, cineál agus fad an nochta,
- éifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh bheith i gceist,
- faisnéis a sholáthair ó mhonaróir an trealaimh;
- trealamh athsholáthair a bheith ann;
- an measúnú riosca a choinneáil cothrom le dáta;
- na bearta is gá a shainaithint chun rioscaí a laghdú;
- athruithe teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh má sháraítear teorainneacha an chreathaidh. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leo sin:
- modhanna oibre eile nó trealamh atá deartha níos fearr,
- suíocháin agus cosa ar threalamh a shuiteáil chun brú ar chorp nó ar lámha an úsáideora a laghdú,
- cláir chothabhála,
- athsmaoineamh a dhéanamh ar dhearadh agus leagan amach láithreacha oibre agus stáisiún oibre,
- fad agus déine an nochta don chreathadh a theorannú,
- sceidil oibre agus tréimhsí sosa iomchuí a chur i bhfeidhm,
- éadaí a sholáthar chun oibrithe nochta a chosaint ar an bhfuacht agus ar thaise;
- faisnéis agus oiliúint ábhartha a chur ar fáil don fhoireann. Ní mór an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
- na bearta a rinneadh chun rioscaí a dhíothú nó iad a laghdú a mhéid is féidir,
- sonraí maidir le teorainneacha nochta,
- torthaí na gcleachtas um measúnú agus tomhas,
- rioscaí gortaithe a d’fhéadfadh tarlú agus conas is ceart iad sin a bhrath agus a thuairisciú,
- cleachtais shábháilte oibre,
- comhairliúchán agus rannpháirtíocht rialta na foirne agus/nó a n-ionadaithe.
Ní mór do thíortha AE bearta a chur i bhfeidhm chun faireachas sláinte iomchuí oibrithe a áirithiú, go háirithe nuair:
- is féidir nasc a bhunú idir creathadh agus tinneas inaitheanta nó éifeachtaí díobhálacha sláinte;
- tá an chosúlacht ann gur tharla an tinneas nó na héifeachtaí díobhálacha mar gheall ar dhálaí oibre sainiúla;
- is féidir teicnící tástáilte a úsáid chun tinneas nó iarmhairtí sláinte a bhrath.
Nuair a mheasann dochtúir go bhfuil tinneas inaitheanta ar oibrí nó go bhfuil sláinte oibrí go holc mar gheall ar chreathadh:
- cuirtear an fostaí ar an eolas agus tugtar comhairle dó nó di maidir le faireachas sláinte ar bith a d’fhéadfadh a bheith riachtanach,
- cuirtear an fostaí ar an eolas agus ní mór beart a dhéanamh chun na rioscaí a sainaithníodh a dhíothú nó a laghdú.
Féadfaidh tíortha AE iompar ar muir agus aeriompar a dhíolmhú ón treoir ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe.
Leagtar síos luachanna éagsúla gníomhaíochta um nochtadh sa treoir ag brath ar an dtéann an creathadh i gcion ar sciathán nó ar lámh an úsáideora nó ar a gcorp iomlán thar ghnáthlá oibre 8 n-uaire.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 6 Iúil 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 6 Iúil 2005.
CÚLRA
Nuair a bhaintear úsáid go minic as innealra a chritheann go mór, is féidir dochar a dhéanamh de mhatáin, de chnámha, d’análú agus fiú d’inchinn úsáideora mura ndéantar faireachán cúramach air. Baintear amach cothromaíocht leis an reachtaíocht idir úsáideoirí a chosaint agus gan ualaí neamhriachtanacha riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) — Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 177, 6.7.2002, lgh. 13-20)
Rinneadh leasuithe agus athruithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/44/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/391/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 26.11.2018