Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil

Staidreamh maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 — i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt

Rialachán (AE) 2019/1700 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 452/2008

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear comhchreat leis maidir le caighdeáin staitistiúla le aghaidh sonraí comhchuibhithe a tháirgeadh sa réimse maidir le hoideachais agus foghlaim ar feadh an tsaoil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear na réimsí seo a leanas sa rialachán:

  • 1.

    córais oideachais agus oiliúna;

  • 2.

    staidreamh eile maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil (amhail staidreamh maidir le caipiteal daonna agus maidir leis na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis an oideachas).

Cuirtear táirgeadh staidrimh ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE) i bhfeidhm trí ghníomhaíochtaí staidrimh aonair lena n–áirítear:

  • maidir leis an gcéad réimse, seachadadh rialta agus tráthúil staitisticí ag tíortha AE;
  • laistigh de raon feidhme an dara réimse, úsáid a bhaint as athróga agus táscairí forlíontacha ó chórais agus ó shuirbhéanna faisnéise staidrimh eile;
  • caighdeáin agus lámhleabhair ina sainítear creata, coincheapa agus modhanna a fhorbairt, a fheabhsú agus a thabhairt chun dáta;
  • feabhas a chur ar cháilíocht sonraí laistigh de chomhthéacs an chreata cáilíochta.

Cuirfidh an Coimisiún Eorpach na cumais atá ar fáil do thíortha AE maidir leis na gníomhaíochtaí thuas san áireamh. Maidir leis sna sonraí a bhaileofar, breathnófar ar ghnéithe réigiúnacha agus inscne nuair is féidir.

Comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) chomh maith le hInstitiúid Staidrimh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe, leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile chun inchomparáideacht a áirithiú agus dúbláil sonraí ar leibhéal idirnáisiúnta a sheachaint.

Córais oideachais

Ón scoilbhliain 2012/2013 i leith: Rialachán (AE) Uimh. 912/2013 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2013 i dtaca le staitisticí maidir le córais oideachais agus oiliúna.

Suirbhé ar oideachas d’aosaigh

Suirbhé ar oideachas d’aosaigh 2016: Rialachán (AE) Uimh. 1175/2014 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2014 i dtaca le staitisticí maidir le rannpháirtíocht aosach san fhoghlaim ar feadh an tsaoil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 i bhfeidhm ón 24 Meitheamh 2008.

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1700 ón 1 Eanáir 2021.

CÚLRA

  • Tá táirgeadh sonraí staidrimh inchomparáide riachtanach chun straitéisí don oideachas agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt agus chun monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéisí sin.
  • Leagtar amach líon tagarmharcanna atá le baint amach faoi 2020 sa chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint arna ghlacadh i mí na Bealtaine 2009. Déantar measúnú ar dhul chun cinn sna tíortha AE san anailís bhliantúil tíortha, agus soláthraíonn AE moltaí chomh maith.
  • Ar bhonn na faisnéise a cuireadh ar fáil, sainaithnítear réimsí tosaíochta agus ceisteanna nithiúla d’obair amach anseo ar an leibhéal Eorpach i dtuarascáil chomhpháirteach 2015 maidir le comhar AE san oideachas agus san oiliúint . Glacadh an tuarascáil chomhpháirteach i mí na Samhna 2015.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt (IO L 145, 4.6.2008, lgh. 227-233)

Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 261I, 14.10.2019, lgh. 1-32)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil Chomhpháirteach 2015 ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) — Tosaíochtaí úra do chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 25-35)

Rialachán (AE) Uimh. 1175/2014 ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2014 lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt i dtaca le staitisticí um rannpháirtíocht aosaigh san fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 823/2010 (IO L 316, 4.11.2014, lgh. 4-43)

Rialachán (AE) Uimh. 912/2013 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2013 lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 452/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le staidreamh maidir le hoideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil a tháirgeadh agus a fhorbairt i ndáil le staidreamh um chórais oideachais agus oiliúna (IO L 252, 24.9.2013, lgh. 5-10)

Nuashonraithe 09.01.2020

Top