Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach sa teachtaireacht seo treoirlínte chun an méid a neartú a chuireann ionadaithe fostóirí agus ionadaithe oibrithe (“páirtithe sóisialta”) le hobair na n-institiúidí poiblí. Déantar é sin chun feabhas a chur ar rialachas poiblí agus ar athchóiriú eacnamaíoch agus sóisialta san Aontas Eorpach (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna na teachtaireachta:
dul i gcomhairle níos mó le páirtithe sóisialta agus dlí AE á dhréachtú, chun na tionscnaimh uile a bhfuil iarmhairtí sóisialta acu a chur san áireamh;
nósanna imeachta agus rialacha comhairliúcháin a fheabhsú;
comhar idir eagraíochtaí náisiúnta a spreagadh agus rialachas inmheánach na n-eagraíochtaí sin a fheabhsú;
páirtithe sóisialta a spreagadh chun idirphlé sóisialta a leathnú agus a fheabhsú trí níos mó comhaontuithe a chur i gcrích lena gcomhtháthú i ndlí AE agus trí phróisis idirphlé a fhorbairt sna hearnálacha difriúla agus idir eatarthu;
cur le próifíl thorthaí an idirphlé shóisialta Eorpaigh;
oiliúint níos fearr a chur ar fáil do na páirtithe sóisialta Eorpacha agus d’ionadaithe na n-údarás náisiúnta, agus idirphlé sóisialta áitiúil agus freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn.
Cineálacha idirphlé
Téitear i mbun dhá phríomhchineál comhairliúcháin le páirtithe sóisialta:
idirphlé dhá bhealach idir na fostóirí Eorpacha agus eagraíochtaí ceardchumainn. Déantar é sin ar leibhéal trastionscail agus laistigh de choistí eagraíochtúla.
idirphlé trí bhealach ina bhfuil páirt ag na húdaráis phoiblí.
Idirphlé sóisialta earnála
Cuireadh 43 choiste um idirphlé sóisialta earnála ar bun faoi 2015. Is fóraim na coistí sin inar féidir tograí beartais fostaíochta agus shóisialta in earnálacha áirithe a phlé, agus comhairliúchán a dhéanamh maidir leo. Bíonn roinnt grúpaí oibre agus coistí iontu go minic.
Idirphlé sóisialta trastionscail
Cuireadh roinnt fóram ar bun chun idirphlé sóisialta thar raon earnálacha a chumasú, lena n-áirítear:
an tIdirphlé Maicreacnamaíoch, fóram ardleibhéil (leibhéal na n-airí) chun tuairimí a roinnt idir an Chomhairle, an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach agus na páirtithe sóisialta, a thagann le chéile dhá uair sa bhliain agus a bhfuil struchtúr dhá shraith, polaitiúil agus teicniúil, aige;
Fóram Idirchaidrimh chun faisnéis a roinnt idir eagraíochtaí AE na bpáirtithe sóisialta agus an Coimisiún;
coistí comhairliúcháin;
seimineáir, comhthionscadail na bpáirtithe sóisialta.
Comhairliúchán
Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar an reachtaíocht, téann sé i gcomhairle ar dtús leis na páirtithe sóisialta maidir le treo an tionscnaimh, agus ina dhiaidh sin maidir le hinneachar an tionscnaimh.
cuireadh le breis is 500 téacs de stádas éagsúil dlíthiúil, de thoradh ar an idirphlé sóisialta earnála, idir chomhthuairimí agus fhreagraí ar chomhaontuithe a cuireadh i bhfeidhm mar reachtaíocht AE.
thángthas ar chomhaontú maidir le cúig théacs atá ina gceangal de réir dlí, de thoradh ar an idirphlé sóisialta earnála freisin, i gcoistí idirphlé shóisialta, téacsanna a cuireadh i bhfeidhm le treoracha.
Leagadh amach roinnt comhaontuithe freisin faoin idirphlé sóisialta trastionscail:
ceithre chomhaontú arna síniú ag páirtithe sóisialta Eorpacha a trasuíodh i dtreoracha faoin nós imeachta idirphlé shóisialta atá leagtha amach in Airteagail 154 agus 155 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
ceithre chomhaontú thrastionscail arna dtugadh i gcrích ag páirtithe sóisialta bunaithe ar a gclár oibre féin.