Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Tá sé mar aidhm le Rialachán (AE) 2024/1624 díriú go príomha ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta trí rialacha a leagan síos maidir le:
bearta nach mór d’institiúidí airgeadais agus do ghnólachtaí áirithe neamhairgeadais agus do dhaoine aonair (“eintitis faoi oibleagáid”) a dhéanamh chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc;
ceanglais trédhearcachta maidir le húinéireacht thairbhiúil1 le haghaidh eintitis dhlítheanacha, iontaobhais sainráite agus socruithe dlíthiúla comhchosúla; agus
bearta chun teorainn a chur leis an úsáid a bhaintear as ionstraimí anaithnide.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá siad seo a leanas i measc na ngnólachtaí agus na ngníomhaíochtaí a mheastar a bheith ina n–eintitis faoi oibleagáid:
institiúidí creidmheasa agus airgeadais;
iniúchóirí, cuntasóirí seachtracha, comhairleoirí cánach agus dlíodóirí arb é comhairle chánach a chur ar fáil a ngairm;
nótairí, dlíodóirí agus gairmithe dlíthiúla a bhfuil baint acu le hidirbhearta airgeadais nó le hidirbhearta eastáit réadaigh nó le hidirbhearta áirithe a phleanáil dá gcliaint;
eintitis eile lena n–áirítear clubanna peile gairmiúla agus gníomhairí peile agus trádálaithe in earraí ardluacha áirithe.
Tá an fhéidearthacht leis an rialachán le haghaidh díolúintí iomlána nó páirteacha má mheastar i measúnuithe náisiúnta go bhfuil riosca íseal ag baint leis an méid seo a leanas:
gníomhaíochtaí cearrbhachais áirithe;
clubanna gairmiúla peile a ghlacann páirt sa rannán is airde ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil de níos lú ná €5 mhilliún don dá bhliain féilire roimhe sin agus iad siúd a ghlacann páirt sna rannáin níos ísle ar bhonn riosca íseal cruthaithe; agus
gníomhaíochtaí airgeadais éagsúla ar mhionscála, ar choinníoll go gcloítear le láimhdeachas docht agus uasteorainneacha tairsí.
Ní mór d'eintitis faoi oibleagáid:
fógra a thabhairt dá maoirseoirí náisiúnta féin sula bhfeidhmeoidh siad i mBallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh den chéad uair;
beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha a chur i bhfeidhm chun aon riosca um sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus imghabháil smachtbhannaí airgeadais a mhaolú agus a bhainistiú;
measúnuithe riosca uile–ghnó a dhéanamh agus a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe agus táirgí, seirbhísí nó cleachtais nua á seoladh;
bainisteoir um chomhlíonadh a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an rialacháin agus Rialachán (AE) 2023/1113 agus a áirithiú go bhfuil fostóirí ar an eolas faoina n–oibleagáidí;
a áirithiú, más iad an mháthairchuideachta, go gcomhlíonann a gcuid brainsí agus fochuideachtaí uile san Aontas agus i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad an reachtaíocht go hiomlán, fiú má tá na ceanglais dhlíthiúla sna tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad níos ísle;
bheith freagrach i gcónaí as comhlíonadh fiú nuair a dhéantar cúraimí a sheachfhoinsiú.
Dícheall cuí don chustaiméir
Maidir le heintitis faoi oibleagáid:
cuireann siad bearta díchill chuí don chustaiméirí i bhfeidhm, lena n–áirítear an méid seo a leanas:
nuair atá caidreamh gnó á bhunú,
nuair atá idirbheart ócáideach de €10,000 ar a laghad á dhéanamh,
nuair atá drochamhras ann go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta ag tarlú;
fíoraíonn siad:
aitheantas an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil (úinéirí tairbhiúla) mar chuid den phróiseas díchill chuí,
cuspóir agus cineál beartaithe an chaidrimh ghnó;
déanann siad monatóireacht ar chaidreamh gnó ar bhonn leanúnach;
diúltaíonn siad idirbheart a dhéanamh, nó seachas sin déanann siad caidreamh gnó ar bith eile a fhoirceannadh mura féidir leo na ceanglais díchill chuí a chomhlíonadh, agus déanann siad aon amhras a thuairisciú;
tuairiscíonn siad aon neamhréireachtaí a aimsíonn siad idir an fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a bhailíonn siad agus an fhaisnéis atá i gclár lárnach na húinéireachta tairbhí;
cuireann siad bearta díchill chuí níos déine i bhfeidhm chun aon riosca a bhaineann le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a shainaithníonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil bearta laga maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta acu a bhainistiú agus a mhaolú agus a liostaíonn sé mar “thríú tíortha ardriosca”;
ní mór dóibh rialuithe níos déine a chur i bhfeidhm i gcásanna ardriosca a bhaineann le hidirbheart atá casta, atá thar a bheith mór, a bhfuil an chuma air nach bhfuil cuspóir eacnamaíoch nó dleathach ag baint leis nó a bhfuil sócmhainní de €5 mhilliún ar a laghad i gceist leis;
féadfaidh siad rialuithe díchill chuí níos simplí a chur i bhfeidhm ar chaidreamh agus ar idirbhearta gnó a mbaineann riosca íseal leo bunaithe ar thosca custaiméara, táirge agus geografacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III;
cuireann siad bearta sonracha i bhfeidhm le haghaidh daoine atá faoi riteacht pholaitiúil2.
Trédhearcacht maidir le húinéireacht thairbhiúil
Úinéireacht thairbhiúil
I gcás eintiteas dlítheanach, is éard atá i gceist le húinéirí tairbhiúla na daoine sin ag a bhfuil, go díreach nó go hindíreach, leas úinéireachta acu (25 % nó níos mó de na scaireanna nó na cearta vótála) san eintiteas corparáideach, nó a rialaíonn, go díreach nó go hindíreach, an t–eintiteas corparáideach nó eintiteas dlítheanach eile trí leasanna úinéireachta nó trí bhealaí eile. Sonraítear sa rialachán chomh maith cé ag a bhfuil úinéir tairbhiúil i gcás iontaobhas sainráite, socrú dlíthiúil comhchosúil agus eintiteas dlítheanach cosúil le hiontaobhas sainráite.
Maidir le heintitis dhlítheanacha:
má chruthaítear iad san Aontas, ní mór dóibh faisnéis chruinn agus cothrom le dáta maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith acu;
má chruthaítear lasmuigh den Aontas iad, ní mór dóibh faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chur isteach chuig clár lárnach Ballstáit sna cásanna seo a leanas:
nuair a dhéanann siad caidreamh gnó a bhfuil eintiteas faoi oibleagáid ann;
nuair a fhaigheann siad eastát réadach san Aontas;
nuair a cheannaíonn siad mótarfheithicil chun críocha neamhthráchtála ar os cionn €250,000, nó bád nó aerárthach ar os cionn €7.5 milliún,
nuair a fhaigheann siad conradh poiblí ó údarás náisiúnta.
Maidir leis na Ballstáit:
tugann siad fógra don Choimisiún faoin maidir leis na cineálacha eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla ina ndlínse;
bunaíonn siad pionóis as sáruithe ar rialacha maidir le trédhearcacht maidir le húinéireacht thairbhiúil.
Oibleagáidí tuairiscithe
Déanann eintitis faoi oibleagáid an méid seo a leanas:
tuairiscíonn siad don aonad um fhaisnéis airgeadais (AFA) – comhlacht náisiúnta a bhailíonn faisnéis faoi ghníomhaíocht amhrasach nó neamhghnách airgeadais – aon amhras go bhfuil cistí nó gníomhaíochtaí bainteach le coireacht nó maoiniú sceimhlitheoireachta;
soláthraíonn siad don AFA, arna iarraidh sin dó, an fhaisnéis uile, lena n–áirítear taifid idirbheart, laistigh den spriocdháta atá leagtha amach;
coinníonn siad gach doiciméad ábhartha ar feadh cúig bliana.
Ní mór do thrádálaithe só–earraí ardluacha agus institiúidí airgeadais, i gcás inarb ábhartha, gach díolachán mótarfheithiclí, bád nó aerárthaí chun críocha neamhthráchtála a thuairisciú don AFA de réir na dtairseach thuas.
Bearta chun rioscaí a eascraíonn as ionstraimí anaithnide a mhaolú
Cuntais anaithnide
Ní cheadaítear d’institiúidí creidmheasa, d’institiúidí airgeadais ná do sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní cuntais bhainc agus íocaíochta, pasleabhair, taisceadáin nó cuntais chripteashócmhainní anaithnide a choinneáil.
Tá úinéirí agus tairbhithe na gcuntas anaithnide thuas faoi réir seiceálacha díchill chuí sula mbaintear úsáid astu sin ar bhealach ar bith.
Ní ghlacfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais le híocaíochtaí a dhéantar trí chártaí réamhíoctha anaithnide a eisítear i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.
Íocaíochtaí móra in airgead tirim
Tá íocaíochtaí airgid thirim ar earraí agus ar sheirbhísí, in idirbheart amháin nó roinnt idirbheart, teoranta do €10,000.
tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun gnéithe teicniúla den rialachán a nuashonrú;
ceanglaítear leis ar an gCoimisiún:
measúnú a dhéanamh, faoin , ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann leis na tairseacha maidir le húinéireacht thairbhiúil a ísliú agus le catagóirí áirithe earraí ardluacha a chuimsiú i raon feidhme na reachtaíochta,
athbhreithniú a dhéanamh ar an rialachán faoin agus gach trí bliana ina dhiaidh sin;
Beidh feidhm leis an rialachán ón , cé is moite de chlubanna agus de ghníomhairí peile, a mbeidh na rialacha ina leith ag tosú ón .
CÚLRA
Is cuid de phacáiste cuimsitheach é an rialachán lena neartaítear bearta an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac. Comhchuibhítear rialacha maidir le frithsciúradh airgid den chéad uair ar fud an Aontais, rud a dhúnann bealaí éalaithe do choirpigh.
Úinéireacht thairbhiúil. Duine nádúrtha ar leis/léi eintiteas dlítheanach, iontaobhas nó socrú dlíthiúil comhchosúil nó a rialaíonn iad faoi réir tairseacha agus rialacha áirithe.
Duine atá faoi riteacht pholaitiúil. Duine éigin a bhfuil nó a raibh feidhmeanna poiblí tábhachtacha náisiúnta, AE nó idirnáisiúnta curtha de chúram air nó uirthi.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2024/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta (IO L, 2024/1624, ).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2024/1620 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L, 2024/1620, ).
Treoir (AE) 2024/1640 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (IO L, 2024/1640, ).
Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, , lgh. 1-39).
Rialachán (AE) 2023/1114 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le margaí i gcripteashócmhainní, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/1937 (IO L 150, , lgh. 40-205).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2023/1114 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus lena leasaítear Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE (IO L 156, , lgh. 43-74).
Treoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (IO L 284, , lgh. 22-30).
Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB (IO L 88, , lgh. 6-21).
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, , lgh 29-41
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir rialachán (AE) Uimh. 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, , lgh 73–117).