Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta

Dícheall cuí corparáideach inbhuanaitheachta

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2024/1760 maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm le Treoir (AE) 2024/1760 a áirithiú go ndéanfaidh cuideachtaí móra de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) agus cuideachtaí neamh–AE a bhfuil láithreacht shuntasach acu san Aontais cleachtais inbhuanaithe agus fhreagracha a chomhtháthú ina gcuid oibríochtaí intíre agus idirnáisiúnta. Déantar amhlaidh léi tríd an méid seo a leanas maidir le cuideachtaí:

  • tabhairt orthu measúnú a dhéanamh ar na tionchair dhiúltacha iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol a bhaineann lena n–oibríochtaí féin, mar aon le hoibríochtaí a bhfochuideachtaí agus a gcomhpháirtithe gnó, ar fud shlabhraí gníomhaíochtaí na gcuideachtaí sin agus aghaidh a thabhairt orthu;
  • iad a dhéanamh cuntasach as easpa comhlíontachta agus iad a chur faoi dhliteanas as sáruithe ar na hoibleagáidí;
  • plean aistrithe um maolú ar an athrú aeráide a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú, trí na hiarrachtaí is fearr, go mbeidh sé comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe i gcomhréir le sprioc agus ceanglais an téimh dhomhanda de 1.5 °C i gComhaontú Pháras.

Ní laghdaítear leis an treoir forálacha náisiúnta reatha an duine, na fostaíochta, an chomhshaoil nó an athraithe aeráide.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an treoir:

  • Tá feidhm aici maidir le cuideachtaí AE agus cuideachtaí neamh–AE a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
    • bhí os cionn 1,000 fostaí acu agus bhí glanláimhdeachas ar fud an domhain (do chuideachtaí AE) nó glanáimhdeachas ar fud an Aontais (do chuideachtaí neamh–AE) os cionn €450 milliún sa bhliain airgeadais is déanaí acu;
    • níor shroich siad na tairseacha sin, ach is máthairchuideachta deiridh de ghrúpa a shroich na tairseacha sin iad;
    • rinne siad comhaontuithe saincheadúnais agus ceadúnaithe lenar bhain ríchíosanna dar luach os cionn €22.5 milliún agus glanláimhdeachas dar luach os cionn €80 milliún ar fud an domhain / san Aontas (ina n–aonar nó mar mháthairchuideachta deiridh grúpa).

Dícheall cuí

Ní mór do chuideachtaí dícheall cuí maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol atá bunaithe ar riosca a dhéanamh tríd an méid seo a leanas:

  • i gcomhairle le fostaithe agus a n–ionadaithe, na bearta díchill chuí seo a leanas a chomhtháthú ina mbeartais agus ina gcórais bainistíochta riosca:
    • cur síos ar a gcur chuige fadtéarmach,
    • cód iompair ina bhfuil rialacha agus prionsabail don chuideachta agus dá fochuideachtaí agus dá comhpháirtithe gnó,
    • cur i láthair na bpróiseas a cuireadh i bhfeidhm, lena n–áirítear fíorú comhlíontachta;
  • beartais díchill chuí a nuashonrú go tapa i ndiaidh forbairt shuntasach agus gach 24 mí ar a laghad;
  • tionchair dhiúltacha iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol ina n–oibríochtaí féin agus in oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus ina slabhraí gníomhaíochtaí a shainaithint, agus tús áite a thabhairt d’aghaidh a thabhairt ar thionchair bunaithe ar dhéine agus ar dhóchúlacht;
  • fadhbanna féideartha a chosc agus a mhaolú, deireadh a chur le fadbhanna iarbhír agus an damáiste a dhéanann siad a íoslaghdú;
  • feabhsúchán1 a sholáthar do thionchair dhíobhálacha iarbhír;
  • bheith rannpháirteach leis na bpáirtithe leasmhara ábhartha ag céimeanna éagsúla den phróiseas díchill chuí;
  • nósanna imeachta fógra agus gearán a bheidh inrochtana agus ar fáil go poiblí a bhunú, lena n–áirítear obair leantach iomchuí, inar féidir le daoine aonair agus eagraíochtaí ábhar imní a ardú go hanaithnid agus faoi rún i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
  • faireachán a dhéanamh go rialta (gach 12 mhí ar a laghad) ar éifeachtúlacht a mbeartas díchill chuí le linn a gcuid oibríochtaí, oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus ina slabhraí gníomhaíochtaí;
  • cumarsáid phoiblí a dhéanamh maidir lena ndícheall cuí trí ráiteas bliantúil a fhoilsiú (i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2464 (an treoir maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach)) ar a suíomh gréasáin agus é a chur ar fáil don phointe rochtana aonair Eorpach;
  • gach doiciméad ar chomhlíonadh a ndíchill chuí a choinneáil ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Ní mór dóibh plean um aistriú athraithe aeráide a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ina mbeidh an méid seo a leanas:

  • spriocanna cúig bliana faoi theorainn ama idir 2030 agus 2050;
  • cur síos ar bhearta chun na spriocanna a bhaint amach;
  • sonraí maidir leis an infheistíocht agus leis an maoiniú lena mbaineann;
  • míniú ar na róil atá ag comhlachtaí riaracháin, bainistíochta agus maoirseachta.

Ní mór do chuideachtaí neamh–AE ionadaí údaraithe a cheapadh mar phointe teagmhála d'údaráis mhaoirseachta náisiúnta.

Tacaíocht faisnéise

Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:

  • I gcomhairle le Ballstáit AE, páirtithe leasmhara agus dreamanna eile agus chun cuidiú le cuideachtaí, údaráis náisiúnta agus páirtithe leasmhara a gcuid oibleagáidí reachtacha a chomhlíonadh, d’fhoilsigh siad an méid seo a leanas:
    • treoir maidir le clásail chonarthacha eiseamláireacha dheonacha, faoin ,
    • treoir ghinearálta maidir le conas dícheall cuí a dhéanamh, ag díriú ar an bpróiseas aitheantais, ord tosaíochta na dtionchar, oiriúnú cleachtas ceannaigh, feabhsúchán, ar rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara agus díscor freagrach,
    • treoir phraiticiúil maidir leis an bplean aistrithe aeráide,
    • faisnéis maidir le tosca riosca,
    • faisnéis maidir le sonraí, foinsí faisnéise agus uirlisí digiteacha,
    • faisnéis maidir le hacmhainní agus faisnéis a chomhroinnt chun críche comhlíonta,
    • faisnéis do pháirtithe leasmhara agus dá n–ionadaithe maidir le bheith rannpháirteach le linn an phróisis díchill chuí,
    • faisnéis maidir le critéir oiriúnachta le haghaidh scéimeanna tionscail agus tionscnaimh ilpháirtithe leasmhara agus fíorú tríú páirtí,
    • treoirlínte ginearálta agus saincheaptha le haghaidh cearta daonna ar leith agus fadhbanna comhshaoil;
  • bunaítear leis deasc chabhrach aonair do chuideachtaí a bheidh faisnéis, treoir agus tacaíocht á lorg acu.

Oibríonn na Ballstáit ar bhonn aonair nó i gcomhpháirt suíomhanna gréasáin, ardáin nó tairseacha chun faisnéis agus tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide.

Maoirseacht

Maidir leis na Ballstáit:

  • ainmníonn siad údarás maoirseachta amháin nó níos mó ag a bhfuil na cumhachtaí chun:
    • ábhair imní a ardaítear a bhfuil údar leo a fháil agus gníomhú ina leith laistigh de thréimhse ama réasúnta,
    • a cheangal ar chuideachtaí faisnéis a sholáthar;
    • imscrúduithe a dhéanamh,
    • a ordú do chuideachta gan an dlí a shárú a thuilleadh,
    • pionóis nó bearta eatramhacha a fhorchur;
  • áirithíonn siad gur féidir cuideachta a chur faoi dhliteanas as damáiste ar bith, ar an gcoinníoll:
    • gur theip ar an gcuideachta cloí leis an dlí d'aon ghnó nó go faillíoch,
    • gur tharla an damáiste mar thoradh ar an teip sin (ní féidir cuideachta a chur faoi dhliteanas sibhialta i gcás gurbh é na comhpháirtithe gnó amháin a rinne an damáiste, áfach);
  • pionóis a leagan síos do chuideachtaí a sháraíonn an dlí.

Cuireann an Coimisiún Líonra Eorpach d'Údaráis Mhaoirseachta ar bun chun comhar a éascú idir comhlachtaí náisiúnta agus chun na sruthanna éagsúla oibre ina réimse inniúlachta a chomhordú agus a ailíniú.

Rialacha eile

Leasaítear leis an treoir:

Maidir leis an gCoimisiún:

  • féadfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn maidir le cearta agus toirmisc i gconarthaí agus coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus maidir leis an gcomhshaol a leasú;
  • cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh tráth nach déanaí ná an tuarascáil faoi ar cheart ceanglais bhreise um dhícheall cuí inbhuanaitheachta a thabhairt isteach le haghaidh gnóthais airgeadais rialáilte i ndáil le soláthar seirbhísí airgeadais agus gníomhaíochtaí infheistíochta, agus tuarascáil maidir le cur chun feidhme gach cúig bliana ina dhiaidh sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .

Tá feidhm ag an treoir de réir an amchláir seo a leanas:

  • ón : cuideachtaí ag a bhfuil os cionn 5,000 fostaí agus ag a bhfuil glánláimhdeachas os cionn €1.5 billiún;
  • ón : cuideachtaí ag a bhfuil os cionn 3,000 fostaí agus ag a bhfuil glánláimhdeachas os cionn €900 milliún;
  • ón : cuideachtaí ag a bhfuil os cionn 1,000 fostaí agus ag a bhfuil glánláimhdeachas os cionn €450 milliún.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Feabhasúchán. Staid na ndaoine, na bpobal agus an chomhshaoil lena mbaineann a chur ar ais chuig a staid bhunaidh trí chúiteamh airgeadais agus trí mhodhanna eile, arna sholáthar ag an gcuideachta agus comhréireach leis an impleacht.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2024/1760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859 (IO L, 2024/1760, ).

nuashonrú is déanaí an

Top