Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (An Gníomh um Shonraí)

Rialacha i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (An Gníomh um Shonraí)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2023/2854 i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí (an Gníomh um Shonraí)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leis an rialachán, ar a dtugtar an Gníomh um Shonraí chomh maith, tugtar aghaidh ar roinnt dúshlán agus deiseanna a bhaineann le sonraí* san Aontas Eorpach (AE), lena dtugtar chun suntais rochtain chothrom agus cearta úsáideoirí, ag áirithiú go bhfuil sonraí pearsanta á gcosaint. Áirítear leis na haidhmeanna:

  • dáileadh cothrom na dtairbhí a eascraíonn as sonraí i measc páirtithe leasmhara a áirithiú;
  • margadh iomaíoch sonraí a spreagadh;
  • deiseanna a chur ar fáil le haghaidh nuálaíocht sonraíbhunaithe; agus
  • sonraí, go háirithe sonraí a ghintear le táirgí nasctha, a dhéanamh níos inrochtana.

PRÍOMHPHOINTÍ

Áirithítear leis an rialachán cothroime i leithdháileadh luach na sonraí i measc na bpáirtithe leasmhara sa gheilleagar sonraí. Soiléirítear leis is féidir leas a bhaint as na sonraí agus cad iad na sonraí sin agus na coinníollacha faoina bhféadfar iad a úsáid.

Chun na críche sin, áirítear leis bearta lena chur ar chumas úsáideoirí táirgí nasctha, idir ghutháin phóca agus fearais chliste tí agus mheaisíní cliste tionsclaíocha, rochtain a fháil ar shonraí a ghintear óna n–úsáid. Ina theannta sin, tá bearta ann chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú i ndáil le rochtain agus úsáid sonraí, go háirithe i gcomhthéacs táirgí nasctha, amhail:

  • rialacha soiléire maidir le húsáid incheadaithe sonraí agus na coinníollacha atá i bhfeidhm;
  • dreasachtaí leanúnacha do shealbhóirí sonraí chun infheistíocht a dhéanamh i nginiúint sonraí ardchaighdeáin;
  • rialacha lena n–éascaítear aistriú réidh sonraí luachmhara idir sealbhóirí sonraí agus úsáideoirí sonraí agus rúndacht á coimeád;
  • dreasachtaí lena spreagtar níos mó daoine aonair agus eintiteas, beag beann ar a méid, chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar sonraí;
  • rialacha maidir le cearta úsáideoirí chun sonraí a chomhroinnt le tríú páirtithe;
  • rialacha maidir le rúin trádála agus cearta maoine intleachtúla a chosaint, mar aon le cosaintí i gcoinne iompar drochídeach; agus
  • córas cúitimh réasúnta chun sonraí a chur ar fáil agus sásra réitigh díospóidí.

Áirítear an méid a leanas le bearta eile.

  • Laghdú a dhéanamh ar mhí–úsáid conarthaí mídhleathacha lena gcuirtear bac ar chomhroinnt sonraí cothroma. Is éard atá i gceist leis sin:
    • fiontair a chosaint ar théarmaí conarthacha éagóracha arna bhforchur ag páirtithe i suíomhanna níos láidre ar an margadh; agus
    • foclaíocht conarthaí eiseamláireacha a fhorbairt chun cuidiú le rannpháirtithe sa mhargadh conarthaí cothroma comhroinnte sonraí a dhréachtú agus a idirbheartú.
  • A chur ar chumas comhlachtaí earnála poiblí sonraí áirithe atá i seilbh na hearnála príobháidí a rochtain agus a úsáid, mar shampla chun cuidiú leo freagairt d’éigeandálaí poiblí.
  • Éascaíocht a dhéanamh ar athrú idir soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí chun an margadh aonair don néalríomhaireacht san Aontas a scaoileadh, agus muirir um athrú a aistarraingt de réir a chéile, rud a chuirfidh le hidir–inoibritheacht* sonraí níos éifeachtaí.
  • Sonraí a fhaightear trí tháirgí nasctha a dhíolmhú ó fhorálacha Threoir 96/9/CE, an treoir maidir le bunachar sonraí.
  • Cosaint a thabhairt ar rochtain neamhdhleathach rialtais tríú páirtí ar shonraí neamhphearsanta.
  • Inoibritheacht sonraí, sásraí agus seirbhísí comhroinnte sonraí, agus spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a fheabhsú.

Ní bhaineann an rialachán seo le gníomhartha dlíthiúla AE nó náisiúnta lena ndéantar foráil i leith sonraí a chomhroinnt, a rochtain agus a úsáid chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, nó chun críocha custaim agus cánachais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig an rialachán i bhfeidhm an 11 Eanáir 2024 agus beidh feidhm aige ón 12 Meán Fómhair 2025.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sonraí. Aon léiriú digiteach ar ghníomhartha, fíricí nó faisnéis agus aon tiomsú de ghníomhartha, d’fhíorais nó d’fhaisnéis den sórt sin, lena n–áirítear i bhfoirm taifeadadh fuaime, amhairc nó closamhairc.
Idir–inoibritheacht. Cumas dhá cheann nó níos mó de spásanna sonraí nó de líonraí, córais, táirgí nasctha, feidhmchláir, seirbhísí próiseála sonraí nó comhpháirteanna cumarsáide a bheith ábalta sonraí a mhalartú agus a úsáid chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2023/1543 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus Orduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in imeachtaí coiriúla agus chun pianbhreitheanna coimeádta a fhorghníomhú tar éis imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lgh. 118–180).

Treoir (AE) 2023/1544 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir le bunaíochtaí ainmnithe a ainmniú agus ionadaithe dlíthiúla a cheapadh chun críche fianaise leictreonach a bhailiú in imeachtaí coiriúla (IO L 191, 28.7.2023, lgh. 181–190).

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lgh. 1–102).

Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lgh. 79–109).

Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lgh. 1–27).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2020/1828 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lgh. 1–27).

Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 59–68).

Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lgh. 1–26).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 1–18).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30–47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 077, 27.3.1996, lch. 20).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 09.09.2024

Top