This document is an excerpt from the EUR-Lex website
International financial reporting standards (IFRS) adopted by the European Union
Caighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta (IFRS) arna nglacadh ag an Aontas Eorpach
Caighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta (IFRS) arna nglacadh ag an Aontas Eorpach
Leagtar síos ann na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta agus na léirmhínithe gaolmhara ar fad arna n-eisiúint ag an mBord um Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta a bhí glactha ag an gCoimisiún Eorpach faoin 8 Meán Fómhair 2022.
Ní mór do chuideachtaí a thrádáiltear go poiblí san AE a gcuntais chomhdhlúite a ullmhú gach bliain airgeadais ar bhonn caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta (Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002) (féach achoimre).
Maidir leis an rialachán:
Tá sé i bhfeidhm ón 16 Deireadh Fómhair 2023.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2023/1803 ón gCoimisiún an 13 Meán Fómhair 2023 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 237, 26.9.2023, lgh. 1–992).
Corpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2023/1803 sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lgh. 1–4).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2023/2468 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Cuntasaíochta Idirnáisiúnta 12 (IO L, 2023/2468, 9.11.2023).
Rialachán (AE) 2023/2579 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 16 (IO L, 2023/2579, 21.11.2023).
Rialachán (AE) 2023/2822 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1803 a mhéid a bhaineann le Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 1 (IO L, 2023/2822, 20.12.2023).
Nuashonraithe 15.12.2023