Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceanglais maidir le sábháilteacht innealra (2023)

Ceanglais maidir le sábháilteacht innealra (2023)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2023/1230 maidir le hinnealra agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/42/CE agus Treoir 73/361/CEE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE), rialacha maidir le hinnealra, táirgí gaolmhara* agus innealra atá críochnaithe go páirteach, chun ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú d’oibrithe agus do shaoránaigh an Aontais.
  • Áirithítear leis chomh maith, maidir leis na gnéithe a chumhdaítear leis an rialachán, saorghluaiseacht innealra chomhlíontaigh, táirgí gaolmhara agus innealra atá críochnaithe go páirteach laistigh den mhargadh aonair.
  • Aisghairtear leis Treoir 2006/42/CE agus cuirtear in ionad na treorach sin é, ón 20 Eanáir 2027 i leith.
  • Is i bhfoirm rialacháin atá sé chun léirmhíniú níos haonfhoirmí ar na coincheapa lárnacha a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cuimsítear leis an rialachán seo innealra agus na táirgí gaolmhara seo a leanas:

  • innealra idirmhalartaithe;
  • comhpháirteanna sábháilteachta;
  • gabhálais ardaithe;
  • slabhraí, téada agus caolrabhaisc;
  • gléasanna inbhainte traiseolta mheicniúil.

Gairtear “innealra nó táirgí gaolmhara” ar an méid thuas anseo feasta.

Tá feidhm aige freisin maidir le hinnealra atá críochnaithe go páirteach.

Ní chuirtear roinnt táirgí san áireamh go sainráite, lena n–áirítear iompar d’aer, ar uisce agus ar ghréasáin iarnróid, cé go bhfuil feidhm ag an rialachán fós maidir leis an innealra a shuiteáiltear ar na modhanna iompair sin.

Oibleagáidí na n–oibreoirí eacnamaíocha

Cuimsítear leis an rialachán liosta d’oibleagáidí monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí.

Ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta agus toimhde na comhréireachta

  • Agus innealra nó táirgí gaolmhara a chumhdaítear leis an rialachán á gcur ar an margadh nó á gcur i seirbhís, ní mór do mhonaróirí a áirithiú go ndearnadh iad a dhearadh agus a thógáil i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán.
  • Agus innealra atá críochnaithe go páirteach a chumhdaítear leis an rialachán á chur ar an margadh, ní mór do mhonaróirí a áirithiú go ndearnadh é a dhearadh agus a thógáil i gcomhréir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha ábhartha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán.
  • Le caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha (atá luaite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)) nó sonraíochtaí comhchoiteanna (atá foilsithe san Iris Oifigiúil), foráiltear, má chuirtear i bhfeidhm iad, toimhde na comhréireachta do na ceanglais fhíor–riachtanacha chomhfhreagracha.
  • Féadfaidh an Coimisiún Eorpach sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú, trí ghníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar comhlíonadh coinníollacha áirithe.

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

  • Leis an rialachán, féadfar an nós imeachta um rialú táirgthe inmheánach (“féinmheasúnú”) a chur i bhfeidhm chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor–riachtanacha is infheidhme maidir le formhór na dtáirgí a léiriú (cé is moite do na cinn atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I).
  • Go sonrach, maidir leis na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, ní mór cloí le nós imeachta um measúnú comhréireachta lena mbaineann comhlacht faoina dtugtar fógra; i gcás táirgí atá liostaithe i gCuid B den iarscríbhinn sin, áfach, féadfar cloí leis an nós imeachta um rialú táirgthe inmheánach (“féinmheasúnú”) i gcás ina ndéantar na táirgí a dhearadh agus a thógáil i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha (atá luaite san Iris Oifigiúil) nó leis na sonraíochtaí comhchoiteanna ábhartha (atá foilsithe san Iris Oifigiúil), má bhaineann siad go sonrach leis an gcatagóir sin táirge agus má chumhdaítear leo na ceanglais fhíor–riachtanacha ábhartha go léir.
  • Féadfaidh an Coimisiún liosta na gcatagóirí in Iarscríbhinn I a mhodhnú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis ábhartha.

Marcáil CE, dearbhú comhréireachta AE, faisnéis sábháilteachta agus treoracha sábháilteachta: Innealra nó táirgí gaolmhara

  • I gcás inar léiríodh go gcomhlíonann innealra nó táirgí gaolmhara a chumhdaítear faoin rialachán na ceanglais is infheidhme, ní mór don mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas ansin agus marcáil CE a ghreamú de.
  • Ní mór dearbhú comhréireachta AE agus treoracha maidir le húsáid (ina gcuimsítear an fhaisnéis sábháilteachta freisin) a chur ar fáil do gach innealra nó táirge gaolmhar. Féadfar dearbhú comhréireachta AE agus treoracha úsáide (ina gcuimsítear an fhaisnéis sábháilteachta freisin) a sholáthar i bhformáid dhigiteach. Má sholáthraítear iad i bhformáid dhigiteach, ní mór don mhonaróir oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh. Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh úsáid neamhthráchtála, ní mór an fhaisnéis sábháilteachta atá riachtanach chun é a chur i seirbhís agus chun é a úsáid ar bhealach sábháilte a sholáthar i bhformáid páipéir, áfach. Beidh custaiméirí fós ábalta a iarraidh go soláthrófar na treoracha úsáide dóibh i bhformáid pháipéir saor in aisce.

Dearbhú AE um ionchorprú agus treoracha cóimeála: Innealra atá críochnaithe go páirteach

  • I gcás ina léireofar go bhfuil na ceanglais fhíor–riachtanacha ábhartha á gcomhlíonadh ag innealra atá críochnaithe go páirteach agus a chumhdaítear leis an rialachán, tarraingeoidh na monaróirí dearbhú AE um ionchorprú suas.
  • Ní mór an dearbhú AE um ionchorprú agus na treoracha cóimeála, a fhéadfar a sholáthar i bhformáid dhigiteach, a sholáthar le gach cineál innealra atá críochnaithe go páirteach a chumhdaítear leis an Rialachán. Má sholáthraítear iad i bhformáid dhigiteach, ní mór don mhonaróir oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh. Beidh an duine a ionchorpróidh an t–innealra atá críochnaithe go páirteach fós ábalta a iarraidh go gcuirfear treoracha cóimeála i bhformáid páipéir ar fáil dó nó di saor in aisce.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Beidh feidhm leis an rialachán ón 20 Eanáir 2027. Tá feidhm ag na hairteagail seo a leanas ó na dátaí sin, áfach:

  • Airteagal 26 go hAirteagal 42 ón 20 Eanáir 2024;
  • Airteagal 50(1) ón 20 Deireadh Fómhair 2023;
  • Airteagal 6(7) agus Airteagail 48 agus 52 ón 19 Iúil 2023;
  • Airteagal 6(2) go (6), (8) agus (11), Airteagal 47 agus Airteagal 53 (3) ón 20 Iúil 2024.

CÚLRA

Ráiteas ón gCoimisiún tráth a glacadh Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 2023/C 227/08 PUB/2023/477 (IO C 227, 29.6.2023, lgh. 11).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Táirgí gaolmhara. Cumhdaítear leis an téarma sin trealamh inmhalartaithe, comhpháirteanna sábháilteachta, gabhálais ardaithe, slabhraí, téada agus caolrabhaisc, gléasanna inbhainte traiseolta mheicniúil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2023 maidir le hinnealra agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, 29.6.2023, lgh. 1–102).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2023/1230 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Ráiteas ón gCoimisiún tráth a glacadh Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2023/C 227/08) (IO C 227, 29.6.2023, lch. 11).

Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lgh. 1–44).

Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lgh 70–115).

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30–47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann le haghaidh margaíocht táirgí, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 82–128).

Nuashonraithe 28.02.2024

Top