Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Creat-chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis

Creat-chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis

 

ACHOIMRE AR:

Creat–Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimisitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Indinéis, den pháirt eile

Cinneadh 2014/229/AE maidir le síniú an chreat–chomhaontaithe leis an Indinéis

Cinneadh 2014/230/AE maidir leis tabhairt i gcrích an chreat–chomhaontaithe leis an Indinéis a thabhairt i gcrích, seachas cúrsaí a bhaineann le hathligean isteach

Cinneadh 2014/231/AE maidir leis tabhairt i gcrích an chreat–chomhaontaithe leis an Indinéis, seachas cúrsaí a bhaineann le hathligean isteach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

Is é is aidhm leis an gcreat–comhaontú:

  • an chomhpháirtíocht idir na páirtithe a neartú;
  • comhar maidir le ceisteanna comhleasa a neartú agus a fheabhsú agus luachanna comhroinnte agus prionsabail choiteanna á léiriú.

Cinneadh 2014/229/AE an 27 Deireadh Fómhair 2009 lena n–údaraítear síniú an chreat–chomhaontaithe thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE).

Tugadh an comhaontú i gcrích le Cinneadh 2014/230/AE agus le Cinneadh 2014/231/AE thar ceann an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Clúdaítear réimsí éagsúla comhair sa chomhaontú:

Déanann comhchoiste, le hionadaithe ón dá pháirtí, maoirseacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe agus ar chomhlíonadh a chuspóirí.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm nuair a bheidh sé daingnithe ag Ballstáit AE, agus nuair a bheidh sé tugtha i gcrích ag an Aontas agus daingnithe ag an Indinéis.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Creat–chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile (IO L 125, 26.4.2014lgh. 17–43).

Cinneadh 2014/229/AE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2009 maidir le síniú an Chreat–chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile (IO L 125, 26.4.2014, lch. 16).

Cinneadh 2014/230/AE an 14 Aibreán 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chreat–chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Cuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, seachas ábhair a bhaineann le hathligean isteach (IO L 125, 26.4.2014, lgh. 44–45).

Cinneadh 2014/231/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chreat–chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIndinéise, den pháirt eile, seachas cursaí a bhaineann le hathligean isteach (IO L 125, 26.4.2014, lgh. 46–47).

Nuashonraithe 28.09.2023

Top