Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí a liostaítear ar stocmhalartáin

Cothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí a liostaítear ar stocmhalartáin

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2022/2381 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach léi bearta chun cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le haon chuideachta mhór ag a bhfuil oifig chláraithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a nglactar lena scaireanna chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe i mBallstát amháin nó níos mó.

Níl feidhm aici maidir le:

  • micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, is é sin, cuideachtaí a fhostaíonn níos lú ná 250 duine agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná €50 milliún, nó clár comhordaithe bliantúil nach mó ina iomláine ná €43 milliún;
  • micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a bhfuil oifigí cláraithe acu i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, i gcás ina bhfuil méideanna coibhéiseacha láimhdeachais nó iomlán an chláir chomhardaithe bhliantúla in airgeadra an Bhallstáit sin i bhfeidhm.

Cuspóirí

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cuideachtaí liostaithe faoi réir ceachtar ceann de na cuspóirí seo a leanas, atá le baint amach faoin 30 Meitheamh 2026:

  • go bhfuil 40% ar a laghad de na poist sa bhord feidhmiúcháin ag mná;
  • go bhfuil 33% ar a laghad de na poist stiúrthóra ar fad, idir poist feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin ag mná.

Cuimsítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an treoir an sprioclíon stiúrthóirí an ghnéis tearcionadaithe is gá chun an cuspóir a bhaint amach, ag brath ar mhéid an bhoird.

Modhanna chun na cuspóirí a bhaint amach

Maidir le cuideachtaí liostaithe nach gcomhlíonann na spriocanna, ceanglaítear leis an treoir go ndéanfaidh cuideachtaí dá leithéid próisis roghnúcháin a mball bord a oiriúnú trína áirithiú go mbainfear úsáid as critéir atá trédhearcach, neodrach ó thaobh inscne de agus bunaithe ar fhianaise le linn an phróisis roghnúcháin ar fad. Go sonrach, baineann sé sin leis an méid seo a leanas:

  • critéir shoiléire, a cheaptar i dtéarmaí neodracha soiléire, atá le cur i bhfeidhm ar bhealach nach bhfuil idirdhealaitheach ar fud an phróisis roghnúcháin ar fad;
  • i gcás ina mbeidh dhá iarrthóir d’inscní éagsúla cáilithe go cothrom ann, an t–iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe a roghnú;
  • a gcritéir cháilíochta a nochtadh, i gcás ina n–iarrfadh iarrthóir nár éirigh leis nó léi iad, agus measúnú comparáideach oibiachtúil a dhéanamh ar na hiarrthóirí faoi na critéir sin;
  • gealltanais aonair a thabhairt maidir le cothromaíocht inscne a bhaint amach i measc a stiúrthóirí feidhmiúcháin;
  • ceanglas ar chuideachtaí liostaithe a dteipeann orthu cuspóirí na treorach a bhaint amach na cúiseanna leis sin agus na bearta atá á ndéanamh acu nó atá beartaithe acu a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt air a thuairisciú;
  • pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha do chuideachtaí liostaithe a dteipeann orthu oibleagáidí roghnúcháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh.

Ní mór do na Ballstáit liosta de na cuideachtaí a bhfuil na cuspóirí bainte amach acu a fhoilsiú freisin.

Clásal fionraí

Féadfaidh Ballstát atá gar do na cuspóirí a bhaint amach nó a bhfuil reachtaíocht atá chomh héifeachtach céanna curtha i bhfeidhm acu sula mbeidh feidhm ag an treoir (an 27 Nollaig 2022) ceanglais na treorach a bhaineann leis an bpróiseas ceapacháin nó roghnúcháin a chur ar fionraí.

Tuairisciú bliantúil

  • Gach bliain, ní mór do chuideachtaí móra liostaithe faisnéis a sholáthar maidir leis an ionadaíocht inscne ar a mboird, agus idirdhealú á dhéanamh idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus achoimre a dhéanamh ar na na bearta atá á ndéanamh acu chun na cuspóirí ábhartha a bhaint amach; ní mór do chuideachta liostaithe a dteipeann orthu na cuspóirí a chomhlíonadh na cúiseanna nár baineadh na bearta sin amach a thuairisciú agus cur síos cuimsitheach a sholáthar ar na bearta atá déanta aici cheana, nó a bhfuil sé beartaithe aici iad a dhéanamh, chun iad a bhaint amach.
  • Ní mór do na Ballstáit liosta de na cuideachtaí a bhfuil cuspóirí na treorach bainte amach acu a fhoilsiú ar bhonn bliantúil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 28 Nollaig 2024. Tá feidhm ag na rialacha sin ón 28 Nollaig 2024.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2022/2381 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara (IO L 315, 7.12.2022, lgh. 44–59).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 (COM(2020) 152 final, 5.3.2020).

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 389–405).

Nuashonraithe 13.01.2023

Top