EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

e-CODEX — córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla

e-CODEX — córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2022/850 maidir leis an gcóras e-CODEX

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm aige digitiú na cumarsáide breithiúnaí trasteorann a éascú agus rochtain níos fearr ar cheartas a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leis an gcóras CODEX (cumarsáid r-cheartais trí mhalartú sonraí ar líne) cumasaítear nascacht dhigiteach idir córais náisiúnta bhreithiúnacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Cuirtear ar chumas a húsáideoirí leis (údaráis bhreithiúnacha inniúla, cleachtóirí dlí agus daoine aonair) doiciméid, foirmeacha dlí, fianaise nó faisnéis eile a sheoladh agus a fháil i bhfoirm leictreonach go tapa, go slán agus go hiontaofa.
  • Leagtar amach leis an rialachán an bunús dlí don chóras CODEX.
  • Leagtar amach leis rialacha sna réimsí seo a leanas:

Comhdhéanamh

Tá an córas e-CODEX comhdhéanta den mhéid seo a leanas:

  • pointe rochtana e-CODEX, ina bhfuil:
    • tairseach idir-inoibritheach, trína n éascaítear malartú slán faisnéise thar líonra teileachumarsáide le tairseacha eile,
    • nascaire chun córais TF nasctha a nascadh leis an tairseach chun sonraí a mhalartú le córais TF eile dá leithéid;
  • caighdeáin nós imeachta um dhigitiú;
  • na táirgí bogearraí tacaíochta, na doiciméid agus na sócmhainní eile atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán.

Ról na mBallstát, an Choimisiúin agus eu-LISA

Tá roinnt freagrachtaí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún lena n áirítear:

  • pointí rochtana e-CODEX a údarú do na córais nasctha de réir dhlí AE agus an dlí náisiúnta;
  • liosta a choinneáil de phointí rochtana údaraithe e-CODEX agus de na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a chuireann gach pointe rochtana údaraithe e-CODEX i bhfeidhm; ba cheart an liosta sin agus aon athruithe air a chur in iúl do eu-LISA;
  • maoirseacht a dhéanamh ar a bpointí rochtana údaraithe e-CODEX, ag áirithiú go gcomhlíonfar go leanúnach na coinníollacha faoinar deonaíodh údarú;
  • comhfhreagraithe e-CODEX a ainmniú chun tacaíocht theicniúil a iarraidh ar eu-LISA agus a fháil ó eu-LISA.

Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh na bogearraí agus na caighdeáin nós imeachta dhigiteacha a úsáideann na pointí rochtana slán agus iontaofa, agus cuideoidh sé le cásanna úsáide nua a fhorbairt.

Aistriú agus glacadh seilbhe

  • Go dtí go n aistreofar chuig eu-LISA é, beidh an córas e-CODEX á bhainistiú ag cuibhreannas Ballstát agus eagraíochtaí le maoiniú ó chláir AE.
  • Tíolacfaidh an cuibhreannas sin doiciméad aistrithe ina mbeidh socruithe mionsonraithe maidir le haistriú an chórais e-CODEX faoin 31 Nollaig 2022.
  • Glacfaidh eu-LISA freagracht as an gcóras e-CODEX idir an 1 Iúil agus an 31 Nollaig 2023, nuair a dhearbhóidh an Choimisiún go bhfuil an próiseas aistrithe curtha i gcrích go rathúil agus i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an eintiteas a bhainistíonn an córas e-CODEX faoi láthair agus le eu-LISA.

Grúpa Comhairleach

Ón 1 Eanáir 2023 i leith, soláthróidh Grúpa Comhairleach e-CODEX cúnamh saineolaithe do eu-LISA. Go sonrach, ní mór don Ghrúpa Comhairleach:

  • faireachán a dhéanamh ar stádas chur chun feidhme an chórais e-CODEX sna Ballstáit;
  • scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le caighdeáin nua nós imeachta dhigiteacha, iad a mheasúnú agus a ullmhú;
  • comhroinnt eolais a chur chun cinn;
  • faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh eu-LISA maidir leis na ceanglais maidir le leibhéal seirbhíse.

Bord Bainistíochta an Chláir

Ní mór do bhuan-Bhord Bainistíochta Clár e-CODEX, a bhunófar ón 1 Eanáir 2023 an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • comhairle a chur ar Bhord Bainistíochta eu-LISA maidir le hinbhuanaitheacht fhadtéarmach an chórais e-CODEX, agus a áirithiú go gcuirfear gníomhaíochtaí agus gealltanais straitéiseacha in ord tosaíochta;
  • bainistiú leordhóthanach an chórais e-CODEX a áirithiú;
  • a áirithiú go gcloífear le prionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 21 Meitheamh 2022.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2022/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le córas ríomhairithe le haghaidh malartú trasteorann leictreonach sonraí i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair sibhialta agus coiriúla (an córas e-CODEX), agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 150, 1.6.2022, lgh. 1-19).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2018/1726 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 05.09.2022

Top