Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Cistí Comhtháthaithe (2021-2027)

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Cistí Comhtháthaithe (2021-2027)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/1058 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis raon feidhme agus aidhmeanna dhá Chiste Beartais Comhtháthaithe: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe.

Cabhraíonn siad sin le Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) chun na haidhmeanna le haghaidh infheistíocht i bpoist agus fás agus comhar críochach Eorpach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1060 a bhaint amach (féach an achoimre).

PRÍOMHPHOINTÍ

Tascanna CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe

Cuireann CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe leis an gcuspóir foriomlán comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú.

  • Cuireann CFRE le difríochtaí idir leibhéil forbartha réigiúin éagsúla an Aontais a laghdú, lena n-áirítear trí fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil.
  • Cuireann an Ciste Comhtháthaithe le tionscadail bhonneagair an ghréasáin iompair thras-Eorpaigh (TEN-T) agus le tionscadail chomhshaoil. Soláthraíonn sé tacaíocht do Bhallstáit a bhfuil ollioncam náisiúnta acu per capita faoi bhun 90 % de mheán AE-27.

Cuspóirí CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe:

  • Eoraip níos iomaíche agus níos cliste, trí athrú eacnamaíoch nuálach agus cliste a chur chun cinn agus nascacht faisnéise réigiúnaí agus cumarsáide teicneolaíochta;
  • aistriú níos glaise, ísealcharbóin i dtreo geilleagar carbóin glan-nialasach agus Eoraip athléimneach, tríd an méid a leanas a chur chun cinn:
    • aistriú glan agus cóir fuinnimh,
    • infheistíocht ghlas agus ghorm,
    • an geilleagar ciorclach,
    • maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó,
    • cosc ar riosca agus bainistíocht riosca,
    • soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe;
  • Eoraip níos nasctha, trí shoghluaisteacht a fheabhsú;
  • Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí, lena gcuirfear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;
  • Eoraip a bheidh níos gaire do shaoránaigh, a bhainfear amach trí fhorbairt inbhuanaithe agus chomhtháite gach cineáil críoch agus tionscnamh áitiúil.

Tacaíonn CFRE le hinfheistíocht sa mhéid a leanas:

  • bonneagar;
  • taighde feidhmeach agus nuálaíocht;
  • rochtain ar sheirbhísí;
  • gníomhaíochtaí gnólachtaí beaga agus meánmhéide, go háirithe chun poist a chosaint agus a chruthú;
  • trealamh, bogearraí agus sócmhainní doláimhsithe;
  • braislí líonraithe, comhair, malartaithe taithí agus nuálaíochta;
  • faisnéis, cumarsáid agus staidéir;
  • cúnamh teicniúil.

Díreofar acmhainní iomlána CFRE i ngach Ballstát, seachas cúnamh teicniúil, ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Bunaítear na leibhéil maidir le comhchruinniú téamach ar thrí chatagóir réigiún agus Ballstát agus díríonn siad ar an gcéad dá chuspóir beartais.

Tacaíonn an Ciste Comhtháthaithe le hinfheistíocht sa mhéid a leanas:

  • an comhshaol, lena n-áirítear forbairt inbhuanaithe agus fuinneamh le tairbhí comhshaoil, go háirithe fuinneamh in-athnuaite;
  • TEN-T;
  • cúnamh teicniúil;
  • faisnéis, cumarsáid agus staidéir.

Eisiaimh

Ní thacaíonn CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe:

  • le díchoimisiúnú ná le tógáil cumhachtstáisiún núicléach;
  • le hinfheistíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí cosúil le scagadh ola, déanamh cruach, déanamh gloine agus próisis thionsclaíocha eile a laghdú;
  • le táirgí tobac;
  • le cuideachtaí atá i gcruachás, ach amháin in imthosca eisceachtúla;
  • le bonneagar aerfoirt, seachas maidir leis an tionchar ar an gcomhshaol a mhaolú, nó maidir le slándáil aerfoirt, sábháilteacht aerfoirt agus slándáil córas bainistíochta aerthráchta in imthosca áirithe;
  • le diúscairt dramhaíola i láithreáin líonta talún, ach amháin:
    • sna réigiúin is forimeallaí, i gcás ina bhfuil údar leis,
    • chun láithreáin líonta talún atá ann cheana a dhíchoimisiúnú, a iompú ar ais nó a dhéanamh sábháilte;
  • le hacmhainneacht chun cóireáil dramhaíola iarmharaí a mhéadú, ach amháin:
    • sna réigiúin is forimeallaí,
    • do theicneolaíochtaí d’fhonn ábhair a aisghabháil ó dhramhaíl iarmharach chun críocha an gheilleagair chiorclaigh;
  • breoslaí iontaise.

Tacaíonn siad ina ionad sin le:

  • infheistíocht a dhéanamh i gcórais téimh gásbhreoslaithe a chur in ionad chórais téimh bhreosla iontaise chun córais téimh agus fuaraithe ceantair a uasghrádú nó chun suiteálacha teasa agus cumhachta comhcheangailte a uasghrádú,
  • infheistiú i gcórais nádúrtha gásbhreoslaithe i dtithíocht agus i bhfoirgnimh chun suiteálacha guail nó a macasamhail a athsholáthar,
  • infheistíocht a dhéanamh i líonraí tarchurtha agus dáileacháin gáis a leathnú, a athchóiriú, a iarfheistiú agus athearraíocht a bhaint astu, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sin á n-ullmhú le haghaidh gáis inathnuaite agus ísealcharbóin, amhail hidrigin, bithmheatán agus gás sintéise, ionas gur féidir iad a chur in ionad suiteálacha breosla iontaise soladacha,
  • infheistíocht a dhéanamh i bhfeithiclí glana chun críocha poiblí agus feithiclí, aerárthaí agus soithí a úsáideann seirbhísí cosanta sibhialta agus dóiteáin.

Tacaíocht CFRE d’infheistíochtaí nuálaíochta críochacha agus idir-réigiúnacha

Orthu sin áirítear na rudaí seo a leanas:

  • forbairt chríochach chomhtháite;
  • tacaíocht do cheantair atá faoi mhíbhuntáiste, go háirithe:
    • limistéir thuaithe,
    • ceantair atá ag fulaingt ó mhíbhuntáistí tromchúiseacha nádúrtha nó déimeagrafacha;
  • leithdháilfear 8 % ar a laghad d’acmhainní CFRE ar an leibhéal náisiúnta faoin sprioc “infheistíocht le haghaidh post agus fáis”, seachas le haghaidh cúnamh teicniúil d’fhorbairt uirbeach inbhuanaithe, le haird faoi leith ar:
    • aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus aeráide,
    • an t-aistriú i dtreo geilleagar atá aeráidneodrach faoi 2050,
    • leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha chun críoch nuálaíochta,
    • tacú le forbairt limistéar feidhmiúil uirbeach;
  • an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, curtha chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach agus a thacaíonn le forbairt uirbeach inbhuanaithe trí:
    • gníomhartha nuálacha,
    • fothú acmhainneachta agus díolaim eolais,
    • measúnuithe tionchair chríochaigh,
    • forbairt beartas agus cumarsáide;
  • an Tionscnamh um Infheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha, ina gcuimsítear tacaíocht airgeadais agus chomhairleach le haghaidh:
    • infheistíochtaí i dtionscadail nuálaíochta idir-réigiúnacha i réimsí speisialtachta cliste comhroinnte,
    • fothú acmhainneachta chun slabhraí luacha a fhorbairt i réigiúin lagfhorbartha;
  • na réigiúin is forimeallaí,, chun costais bhreise a eascraíonn as an méid seo a leanas a fhritháireamh:
    • iargúltacht, oileánachas agus méid beag,
    • topagrafaíocht agus aeráid achrannach,
    • spleáchas eacnamaíoch ar chúpla táirge amháin.

Gníomhartha cur chun feidhme

I mí Iúil 2021, ghlac an Coimisiún dhá chinneadh cur chun feidhme.

  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1130 lena leagtar amach liosta na réigiún atá incháilithe le haghaidh maoinithe ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus liosta na mBallstát atá incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027.
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1131 lena leagtar amach na miondealuithe bliantúla:
    • acmhainní domhanda de réir Ballstáit do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus don Chiste Comhtháthaithe faoi na spriocanna “um infheistíocht le haghaidh post agus fáis” agus “um chomhar críochach Eorpach”;
    • de réir Ballstáit de réir chatagóir an réigiúin;
    • de réir Ballstáit a leithdháiltear ar mhaoiniú breise do na réigiúin is forimeallaí;
    • na méideanna atá le haistriú ó leithdháileadh Chiste Comhtháthaithe gach Ballstáit ar an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;
    • acmhainní domhanda don Tionscnamh Uirbeach Eorpach;
    • acmhainní domhanda do chomhar trasnáisiúnta lena dtacaítear le réitigh nuálacha;
    • acmhainní domhanda do na hInfheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha;
    • acmhainní domhanda do shnáithe an chomhair trasteorann de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh;
    • de réir Ballstáit maidir le hacmhainní domhanda don snáithe comhair thrasnáisiúnta de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh;
    • acmhainní domhanda do shnáithe an chomhair idir-réigiúnaigh de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh;
    • acmhainní domhanda do shnáithe an chomhair sna réigiún is forimeallaí de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh don tréimhse 2021–2027.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2021.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 60–93).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1130 ón gCoimisiún an 5 Iúil 2021 lena leagtar síos liosta na réigiún atá incháilithe chun cistiú a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, agus liosta na mBallstát atá incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2021-2027 (IO L 244, 9.7.2021, lgh. 10-20).

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1131 ón gCoimisiúin an 5 Iúil 2021 lena leagtar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní domhanda de réir Ballstáit do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus agus don Chiste Comhtháthaithe faoin sprioc Infheistíochta i gcomhair post agus fáis agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, an miondealú bliantúil de réir Ballstáit de réir chatagóir réigiúin, an miondealú bliantúil de réir Ballstáit arna leithdháileadh maoiniú breise do na réigiúin is forimeallaí, na méideanna atá le haistriú ó leithdháileadh Chiste Comhtháthaithe gach Ballstáit chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an miondealú bliantúil ar acmhainní domhanda don Tionscnamh Uirbeach Eorpach, an miondealú bliantúil ar acmhainní domhanda le haghaidh comhair thrasnáisiúnta a thacaíonn le réitigh nuálacha, an miondealú bliantúil ar acmhainní domhanda le haghaidh na nInfheistíochtaí Nuálaíochta Idir-réigiúnacha, an miondealú bliantúil ar acmhainní domhanda don snáithe comhair trasteorann de sprioc comhair chríochach na hEorpa, an miondealú bliantúil de réir Ballstát acmhainní domhanda don snáithe comhair thrasnáisiúnta de sprioc comhair chríochach na hEorpa, miondealú bliantúil na n-acmhainní domhanda don snáithe comhair idir-réigiúnach de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus an miondealú bliantúil ar acmhainní domhanda do shnáithe comhair na réigiún is forimeallaí de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh don tréimhse 2021-2027 (IO L 244, 9.7.2021, lgh. 21–50).

Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 159-706).

Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L 231, 30.6.2021, lgh. 94–158).

Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lgh. 13–43).

Nuashonraithe 25.08.2021

Top