Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta paisinéirí iarnróid in AE

Cearta paisinéirí iarnróid in AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/782 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar leis cosaint i bhfad níos fearr a sholáthar do gach paisinéir iarnróid i gcás cur isteach ar thaisteal.
  • Tá sé mar aidhm leis chomh maith aghaidh a thabhairt ar shlí níos fearr ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas nó daoine atá faoi mhíchumas luaineachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an rialachán maidir le turais iarnróid idirnáisiúnta nó intíre ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) a sholáthraíonn cuideachta iarnróid amháin nó níos mó. Cuimsítear ann roinnt gnéithe úra agus tábhachtacha.

  • Tréthicéid. Oibleagáid úr d’oibreoirí a cháilíonn mar “ghnóthas iarnróid aonair”* lena seirbhísí iarnróid fad–achair agus réigiúnacha (idirnáisiúnta agus intíre) a thairg mar thréthicéad.
  • Faisnéis taistil i bhfíor–am. Dáilfidh bainisteoirí bonneagair sonraí tráchta i bhfíor–am ar ghnóthais iarnróid, díoltóirí ticéad, oibreoirí turas agus bainisteoirí stáisiúin. Ní mór do chuideachtaí iarnróid faisnéis taistil dhinimiciúil i bhfíor–am a sholáthar do chuideachtaí iarnróid eile, agus do dhíoltóirí ticéad agus d’oibreoirí turas chomh maith.
  • An ceart chun féin–ródúcháin. I gcás nach gcuirtear réiteach tráthúil ar fáil do phaisinéirí (laistigh de 100 míle) i gcás go gcuirfí isteach ar a dturas, féadfaidh siad féin iompar poiblí malartach a eagrú ar an traein nó ar bhus, agus aisíocaíocht a fháil ón iompróir as an gcostas “riachtanach, cuí agus réasúnta” ar an ticéad breise.
  • Rothair a iompar. Beidh spásanna tiomnaithe do rothair chóimeáilte (ní rothair fhillte amháin) ag teastáil ar thraenacha úra agus ar na cinn ar a ndearnadh mór–uasghrádú.
  • Daoine atá faoi mhíchumas agus daoine atá faoi mhíchumas luaineachta. Laghdaítear an tréimhse réamhfhógra maidir le hiarratais ar chúnamh go dtí 24 uair an chloig le roinnt beart eile.
  • Cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú. Tugtar isteach creat feabhsaithe forfheidhmiúcháin, lena n–áirítear:
    • sásra leasaithe um láimhseáil gearán;
    • oibleagáid neartaithe maidir le comhar idir na comhlachtaí náisiúnta forfheidhmiúcháin;
    • foirm chaighdeánaithe AE trínar féidir le paisinéirí aisíocaíocht nó cúiteamh a iarraidh.
  • Clásal force majeure. Ní chaithfidh gnóthais iarnróid cúiteamh a íoc as moilleanna nó cealú i gcás cúinsí eisceachtúla amhail phaindéim nó dálaí eisceachtúla aimsire.
  • Cóir chomhionann. Tá cosc ar idirdhealú ar bhonn náisiúntacht an phaisinéara nó áit bhunaithe an iompróra nó an díoltóra ticéad agus an oibreora turas laistigh de AE.
  • Mór–chur isteach. I gcomhar le bainisteoirí bonneagair agus stáisiúin, ba cheart do ghnóthais iarnróid pleananna teagmhasacha a ullmhú (lena n–áirítear córais foláirimh agus faisnéise inrochtana) chun ullmhú don seans go mbeadh mór–chur isteach nó moilleanna fada ann a mbeadh mar thoradh orthu go mbeadh líon mór paisinéirí sáinnithe ag stáisiún.
  • Díolúintí. Tá bac curtha le díolúintí a bhí ann roimhe seo agus níl seirbhísí iarnróid ar bith díolmhaithe per se. Féadfaidh Ballstáit AE díolúintí áirithe a ullmhú fós, amhail le haghaidh seirbhísí paisinéirí uirbeacha, fo–uirbeacha agus réigiúnacha, a mbeadh líon méadaithe forálacha éigeantacha fós i bhfeidhm maidir leo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 6 Meitheamh 2021 agus tá éifeacht leis ón 7 Meitheamh 2023.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gnóthas aonair: d’fhéadfadh gnóthais iarnróid éagsúla a bheith i gceist leis an “ngnóthas iarnróid aonair” atá idirnasctha go dlúth ar bhonn critéar úinéireachta 100% (Airteagal 12(1)).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/782 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 172, 17.5.2021, lgh. 1-52)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lgh. 70-115)

Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla don idir–inoibritheacht a bhaineann le hinrochtaineacht chóras iarnróid an Aontais do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta (IO L 356, 12.12.2014, lgh. 110-178)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1300/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 32-77)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lgh. 14-41)

Nuashonraithe 19.07.2021

Top