Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceannacháin arm tine agus seilbh orthu a rialú

Ceannacháin arm tine agus seilbh orthu a rialú

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2021/555 maidir le fáil agus le seilbh ar airm a rialú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach sa treoir caighdeáin íosta choiteanna maidir le fáil, seilbh agus malartú tráchtála airm tine sibhialtach (e.g. airm tine a úsáidtear do lámhach spóirt agus fiach) taobh istigh den Aontas Eorpach (AE). Cabhraíonn sé sin le cothromaíocht a fháil maidir le spriocanna don mhargadh inmheánach (i.e. gluaiseacht thrasteorann arm tine) agus spriocanna maidir le beartas slándála (i.e. slándáil agus cosaint ar leibhéal ard i gcoinne gníomhartha coiriúla agus trádáil neamhdhleathach) san Aontas Eorpach.
  • Códaítear agus aisghairtear leis an treoir Treoir 91/477/CEE (agus a leasuithe ina dhiaidh sin).

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa treoir na catagóirí arm a gcaithfidh a bhfáil agus a seilbh ag daoine aonair príobháideacha a bheith:

  • toirmiscthe (catagóir A); nó
  • faoi réir údarú (catagóir B); nó
  • faoi réir dearbhú (catagóir C).

I gcás go bhfuarthas airm thine go dleathach agus go bhfuil seilbh orthu i gcomhréir leis an treoir ba chóir rialacha náisiúnta i dtaca le hiompar, seilg nó lámhach a chur i bhfeidhm.

Marcáil agus clárú

Ní mór do Bhallstáit:

  • a áirithiú go bhfuil na hairm thine ar fad a mhonaraíodh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas ar an 14 Meán Fómhair 2018 nó ina dhiaidh sin marcáilte go soiléir, go buan agus go huathúil agus go bhfuil siad cláraithe i gcórais comhdaithe sonraí na mBallstát;
  • seiceálacha dochta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na ndéileálaithe agus na mbróicéirí;
  • córas ríomhairithe, láraithe nó díláraithe um chomhdú sonraí a bhunú chun rochtain údaraithe ar na córais comhdaithe sonraí a ráthú;
  • A áirithiú go bhfuil sonraí a bhaineann le hairm thine, lena n–áirítear sonraí pearsanta gaolmhara (arna rialú le Rialachán (AE) 2016/679 — féach an achoimre), coinnithe ag na húdaráis inniúla sa chóras comhdaithe sonraí ar feadh tréimhse 30 bliain tar éis scriosadh na n–arm tine nó na gcomhpháirteanna bunriachtanacha lena mbaineann.
  • Leagtar amach le Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/68, sonraíochtaí teicniúla maidir le marcáil na n–arm tine agus na gcomhpháirteanna bunriachtanacha faoi Threoir 91/477/CEE ón gComhairle maidir le fáil agus le seilbh arm a rialú.

Rianú

Ní mór do dhéileálaithe arm agus do bhróicéirí taifead a choinneáil lena n–áirítear:

  • taifead ar gach iontráil agus imeacht i ndáil le gach arm tine;
  • sonraí lenar féidir an t–arm tine a shainaithint agus a rianú.

Ní mór do dhéileálaithe arm agus do bhróicéirí atá lonnaithe i mBallstát idirbhearta a bhfuil baint acu le hairm thine a thuairisciú do na húdaráis náisiúnta inniúla gan aon mhoill mhíchuí.

Airm a fháil agus seilbh a bheith orthu

  • Ní fhéadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt airm thine a fháil agus seilbh a bheith orthu ach amháin dóibh siúd ar eisíodh ceadúnas dóibh, nó, i gcás airm thine i gcatagóir C, daoine a bhfuil cead sonrach acu airm thine den chineál sin a fháil nó iad a bheith ina seilbh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
  • Ní cheadaítear fáil agus seilbh arm tine ach amháin i gcás na ndaoine seo a leanas:
    • daoine a bhfuil cúis bhailí acu agus a bhfuil 18 mbliana d’aois slánaithe acu (seachas lámhach a bhaineann le seilg agus spórt i gcás go bhfuil údarú tuismitheora de dhíth); nó
    • daoine nach dócha go gcuirfidh siad iad féin nó daoine eile, an t–ord poiblí nó sábháilteacht an phobail i mbaol.
  • Féadfaidh na Ballstáit údaruithe faoi chatagóir A a dheonú do mharcóirí agus do lucht spóirt i gcás roinnt arm thine leathuathoibríoch atá toirmiscthe, agus do mhúsaeim aitheanta agus, i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bunús cuí leo, do bhailitheoirí, i gcomhréir le dianbhearta slándála.
  • Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na húdaruithe gach 5 bliana ar a laghad.

Díghníomhachtú

  • Cuimsítear sa treoir airm thine atá díghníomhachtaithe toisc go bhfuil baol mór ann go ndéanfaí airm thine nach raibh díghníomhachtaithe mar ba chóir a athghníomhachtú. Rangaítear airm thine dhíghníomhachtaithe i gcatagóir C.
  • Ní mór d’údarás inniúil díghníomhachtú arm tine a sheiceáil.
  • Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 bunaítear treoirlínte comhchoiteanna maidir le caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe, lena áirithiú go mbeidh díghníomhachtú arm tine do–aisiompaithe.

Airm thiontaithe

Mar gheall ar an gcontúirt atá ann go bhféadfaí airm thine mharfacha a dhéanamh astu, tá feidhm ag an treoir freisin maidir le:

  • airm chúirtéise agus airm fhuaimiúla (airm thine a tiontaíodh go sonrach ar mhaithe le cartúis chaoch, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair phiriteicniúil a scaoileadh);
  • airm aláraim agus airm chomharthaíochta (airm atá deartha chun cartúis chaoch, greannaitheoirí, substaintí gníomhacha eile nó urchair chomharthaíochta phiriteicniúil a scaoileadh, ach a bhféadfaí fíorairm thine a dhéanamh díobh).

Le Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2019/69 leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le hairm aláraim agus chomharthaíochta.

Airm leath–uathoibríocha

Rangaítear airm thine atá deartha le haghaidh úsáid mhíleata, amhail an AK47 agus an M16, a d’fhéadfaí a athrú de láimh idir modhanna lámhaigh uathoibríocha agus leath–uathoibríocha, mar airm thine i gcatagóir A agus dá bhrí sin tá cosc ar iad a úsáid le haghaidh úsáid shibhialta.

Rangaítear airm thine leath–uathoibríocha áirithe anois i gcatagóir A:

  • airm thine ghearra leath–uathoibríocha atá in ann níos mó ná 20 urchar a choinneáil;
  • airm thine fhada leath–uathoibríocha atá in ann níos mó ná 10 n–urchar a choinneáil;
  • airm thine fhada leath–uathoibríocha a d’fhéadfaí a laghdú go dtí níos lú ná 60 cm gan feidhmiúlacht a chailleadh trí stoc fillte nó teileascópála.

Malartú faisnéise

  • Ceanglaítear leis an treoir maidir le hairm thine ar an gCoimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir le córas leictreonach a bhunú chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit.
  • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/686 leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le faisnéis, a bhaineann le haistriú arm tine laistigh den Aontas, a mhalartú go córasach, trí mhodh leictreonach.
  • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1423 leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le faisnéis, a bhaineann le diúltú d’údaruithe a dheonú chun airm thine a fháil nó a shealbhú, a mhalartú go córasach, trí mhodh leictreonach.

Aistriú trasteorann

  • Más mian le duine arm tine a aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile féadfaidh an tír ina bhfuil an t–arm ceadúnas a eisiúint.
  • Féadfaidh sprioclámhachóirí agus daoine eile atá údaraithe chun arm tine a bheith ina seilbh iarratas a dhéanamh ar Phas arm tine Eorpach agus iad ag taisteal lena n–arm chuig Ballstát eile.
  • Ba cheart go mbeadh an pas arm tine Eorpach bailí ar feadh 5 bliana ar a mhéad, agus go bhféadfaí síneadh a chur leis.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis ón 26 Aibreán 2021.

CÚLRA

Tá an Prótacal in aghaidh monarú aindleathach agus gáinneáil ar airm thine, a bPáirteanna, a gComhpháirteanna agus a nArmlóin ceangailte le Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2021/555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú) (IO L 115, 6.4.2021, lgh. 1-25)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/679 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 2014/164/AE ón gComhairle ar 11 Feabhra 2014 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Phrótacail in aghaidh Monarú Aindleathach agus Gáinneáil ar Airm Thine, a bPáirteanna, a gComhpháirteanna agus a nArmlóin, lena bhforlíontar Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta (IO L 89, 25.3.2014, lgh. 7–9)

Nuashonraithe 23.09.2021

Top