This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Euratom-UK agreement on cooperation on the safe and peaceful uses of nuclear energy
Comhaontú idir Euratom agus an Ríocht Aontaithe maidir le comhar i ndáil le húsáidí sábháilte agus síochánta an fhuinnimh núicléach
Comhaontú idir Euratom agus an Ríocht Aontaithe maidir le comhar i ndáil le húsáidí sábháilte agus síochánta an fhuinnimh núicléach
D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist le comhar i ndáil le húsáidí síochánta an fhuinnimh núicléach (d’fhéadfaí réimsí eile a chinneadh ar bhonn frithpháirteach):
Ní mór forálacha a chlúdach sa chomhar maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint i gcás go bhfuil siad ann.
Cineálacha comhair núicléach
D’fhéadfadh na cineálacha comhair seo a leanas a bheith i gceist le comhar (d’fhéadfaí réimsí eile a chinneadh ar bhonn frithpháirteach):
Coimirciú ábhair núicléach
Tá ábhar núicléach atá faoi réir an chomhaontaithe seo faoi réir na gcoimircí seo a leanas chomh maith.
San Aontas Eorpach:
Sa Ríocht Aontaithe:
Aontaíonn an dá pháirtí go gcuirfidh siad córas láidir éifeachtach um chuntasacht agus rialú ábhair núicléach i bhfeidhm, lena áirithiú nach ndéanfar an t–ábhar núicléach atá faoi réir an chomhaontaithe seo a atreorú óna úsáid shíochánta.
Sábháilteacht núicléach
D’aithin na páirtithe a ngealltanais do na coinbhinsiúin um shábháilteacht núicléach seo a leanas:
Aontaíonn na páirtithe go leanfaidh siad ag oibriú i gcomhair, le teagmháil rialta a choinneáil agus faisnéis a chomhroinnt maidir le sábháilteacht núicléach, cosaint ar radaíocht, ullmhacht i gcomhair éigeandálaí agus freagracht agus bainistiú breosla spíonta agus dramhaíola radaighníomhaí, lena n–áirítear torthaí na n–athbhreithnithe piaraí, nuair is cuí. Clúdaítear ann sin:
Féadfaidh an tAontas Eorpach cuireadh a thabhairt don Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh mar “thríú tír” (tír nach tír den Aontas Eorpach í) sna córais agus sna grúpaí sin.
Cosaint fhisiceach
Ghabh na páirtithe orthu féin bearta um chosaint fhisiceach a chur i bhfeidhm, faoi threoir na n–oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún leasaithe maidir le Cosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach, nuair is cuí, agus na Moltaí um Shábháilteacht Núicléach maidir le Cosaint Fhisiceach Ábhair Núicléach agus Saoráidí Núicléacha, ina gclúdaítear, mar aon le Rialacháin IAEA maidir le hIompar Sábháilte Ábhar Radaighníomhach, iompar ábhar núicléach chomh maith.
Saibhriú agus athphróiseáil
Teastaíonn toiliú i scríbhinn ón bpáirtí eile sula ndéanfar ábhar núicléach ar bith a shaibhriú suas le 20% níos nó mó in iseatóp Úráiniam-235. Deonaíonn gach páirtí a thoiliú don pháirtí eile a bheidh ag athphróiseáil breosla núicléach ina bhfuil ábhar núicléach i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha amach san iarscríbhinn.
Taighde agus forbairt núicléach
Aontaíonn na páirtithe go n–éascóidh siad comhar maidir le taighde agus forbairt ar fhuinneamh núicléach le haghaidh úsáid shíochánta le rannpháirtíocht na dtaighdeoirí agus na n–eagraíochtaí ó gach earnáil taighde, lena n–áirítear ollscoileanna, saotharlanna agus an earnáil phríobháideach. D’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith i gceist leis an gcomhar:
Malartú faisnéise agus saineolas teicniúil
Aontaíonn na páirtithe go gcuirfidh siad malartú faisnéise agus saineolas teicniúil a bheidh comhréireach chun cinn laistigh de raon feidhme an chomhaontaithe. Ní chuirtear faisnéis srianta ó thríú páirtithe san áireamh.
Ní foláir nó nach soláthrófar faisnéis a meastar an páirtí is soláthraí go bhfuil luach tráchtála léi ach faoi na téarmaí agus na coinníollacha a shonróidh an páirtí sin.
Déanann na páirtithe an malartú faisnéise idir daoine faoi dhlínse na bpáirtithe faoi seach maidir le cúrsaí laistigh de raon feidhme an chomhaontaithe seo a spreagadh agus a éascú. Ní dhéanfar an fhaisnéis ar leis na daoine sin í a sholáthar ach le toiliú na ndaoine sin agus faoi na téarmaí agus na coinníollacha a shonróidh na daoine sin.
Ní mór do na páirtithe gach réamhchúram is iomchuí a dhéanamh chun rúndacht na faisnéise a gheofar mar thoradh oibriú an chomhaontaithe seo a chosaint.
Tá an comhaontú i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Comhaontú idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach i ndáil le húsáidí sábháilte agus síochánta an fhuinnimh núicléach (IO L 445, 31.12.2020, lgh. 5-22)
Cinneadh (Euratom) 2020/2255 ón gCoimisiún an 29 Nollaig 2020 maidir le tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, agus cur i bhfeidhm an Comhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach maidir leis an gComhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach agus maidir le tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún Eorpach, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 445, 31.12.2020, lgh. 2-4)
Malairt litreacha maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach (IO L 445, 31.12.2020, lgh. 23-24)
Leagan comhdhlúite den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO C 203, 7.6.2016, lgh. 1-112)
Féach an leagan comhdhlúite.
Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (IO L 444, 31.12.2020, lgh. 14-1462)
Cinneadh 2007/198/Euratom ón gComhairle an 27 Márta 2007 lena mbunaítear an Comhghnóthas Eorpach um ITER agus um Fhuinneamh Comhleá a fhorbairt agus lena dtugtar buntáistí dó (IO L 90, 30.3.2007, lgh. 58-72)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2007/198/CEFA a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 25.02.2021