Treoirlíne an BCE maidir le TARGET2
ACHOIMRE AR:
Treoirlíne ón mBanc Ceannais Eorpach 2013/47/AE maidir le huathchóras mear–aistrithe ollsocraíochtaí fíor–ama tras–Eorpach (TARGET2) (BCE/2012/27)
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIRLÍNE?
Rialaítear léi córas ollsocraíochtaí fíor–ama (COFA) an uathchórais mhear–aistrithe ollsocraíochtaí fíor–ama thras–Eorpaigh (TARGET2). Is córas íocaíochta é TARGET2 trínar féidir le bainc AE airgead a aistriú eatarthu i bhfíor–am. Is féidir le bainc cheannais agus thráchtála orduithe íocaíochta in euro a chur isteach ar TARGET2 ina ndéantar iad a phróiseáil agus a shocrú in airgead i gcuntas le banc ceannais.
Tá sé mar aidhm ag TARGET2:
- tacú le cur i bhfeidhm bheartas airgeadaíochta an Eurochórais agus le feidhmiú an mhargaidh airgid euro;
- riosca sistéamach sa mhargadh íocaíochta a laghdú, i.e. an seans go loicfí ar mhargadh iomlán mar gheall ar ghníomhaire amháin;
- próiseáil éifeachtach íocaíochtaí trasteorann in euro a áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá TARGET2 faoi úinéireacht agus faoi bhainistiú an Eurochórais. Oibríonn gach banc ceannais sa Eurochóras a chomhpháirt TARGET2 féin.
D’fhéadfadh bainc cheannais i dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro páirt a ghlacadh agus bearta euro a shocrú tríd an ardán agus cloí leis an treoirlíne dá réir sin.
D’fhéadfadh institiúidí airgeadais eile páirt a ghlacadh in TARGET2 trí bhanc ceannais rannpháirteach trí:
- rannpháirtíocht dhíreach (a bheith sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus íocaíochtaí a sheoladh agus a ghlacadh dóibh féin nó ar son a gcustaiméirí);
- rannpháirtíocht indíreach (in LEE agus íocaíocht a sheoladh trí rannpháirtí díreach in TARGET2);
- rochtain ilseolaithe (brainsí agus fochuideachtaí rannpháirtí dhírigh in LEE údaraithe chun íocaíochtaí a phróiseáil trína chuntas);
- BIC inteagmhála, comhfhreagraí rannpháirtí dhírigh ag a bhfuil Cód Aitheantais Bainc (BIC), beag beann ar áit a bhunaithe.
Tá bainistiú TARGET2 bunaithe ar thrí leibhéal rialachais.
- Leibhéal 1: tá Comhairle Rialaithe BCE freagrach as treoir fhoriomlán, bainistiú agus smacht TARGET2, lena n–áirítear costas coiteann agus modheolaíocht praghsála, slándáil agus beartais.
- Leibhéal 2: tá bainc cheannais an Eurochórais freagrach as cúraimí áirithe bainisithe theicniúil agus oibríochtúil a bhaineann le TARGET2.
- Leibhéal 3: Tá Deutsche Bundesbank, Banque de France agus Banca d’Italia ag gníomhú mar sholáthraí seirbhíse don bhonneagar comhardáin aonair ar son an Eurochórais.
Is iad seo a leanas na ceithre phríomhthasc agus fhreagracht laistigh den chóras TARGET2:
- leagan amach creata ag an Eurochóras trí threoirlínte a chur ar fáil le ceanglais choiteanna do na húsáideoirí;
- seiceálacha ar chomhlíonadh ag na bainc cheannais;
- eolas iomchuí na n–úsáideoirí a chur ar fáil do bhainc cheannais;
- monatóireacht agus gníomhaíochtaí leantacha ag bainc cheannais.
Cuimsítear sa treoirlíne rialacha ar leith i gcomhair oibriú TARGET2, i.e.:
- oscailt agus oibriú cuntais;
- táillí do phríomhsheirbhísí TARGET2;
- comhthiomsú leachtachta;
- creidmheas ionlae (tréimhse ghearr ina bhféadfadh cuntas a bheith rótharraingthe);
- fionraí nó foirceannadh rannpháirtíochta;
- iarratas ar rannpháirtíocht in TARGET2 a dhiúltú;
- cúiteamh agus déileáil le caillteanais ó mhífheidhm theicniúil;
- réiteach díospóidí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREOIRLÍNE?
Tháinig sí i bhfeidhm ar an 7 Nollaig 2012 agus tá feidhm aici ón 1 Eanáir 2013. Aisghaireadh Treoirlíne BCE/2007/2 le Treoirlíne BCE/2012/27.
CÚLRA
- Is córas aistrithe cistí idirbhainc an Eurochórais é TARGET2, a dearadh chun tacú le cuspóirí an Eurochórais agus beartas airgeadaíochta an limistéir euro a shainiú agus a chur i bhfeidhm agus feidhmiú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn.
- Déantar seirbhísí TARGET2 a fhorbairt agus a oibriú ag an Eurochóras chun sreabhadh airgid slán agus éifeachtach, urrúis inaistrithe agus comhthaobhacht ar fud na hEorpa a áirithiú. Cuireann sé sin le cobhsaíocht an euro.
- Le TARGET, réamhtheachtaí TARGET2, nascadh struchtúir náisiúnta éagsúla COFA le chéile agus cuireadh tús le hoibríochtaí ar an 4 Eanáir 1999, cúpla lá tar éis sheoladh an euro.
- Cuireadh TARGET2, a seoladh ar an 19 Samhain 2007, in ionad chéad ghlúin TARGET go hiomlán faoi Bhealtaine 2008 trí phríomhsheirbhísí comhchuibhithe a chur ar fáil ar chomhardán aonair arna fhorbairt ag Banque de France, Deutsche Bundesbank agus Banca d’Italia (ar a dtugtar 3BC).
- Tá TARGET2 ar cheann de na córais íocaíochtaí is mó ar domhan, a fhreastalaíonn ar bhreis is 52 000 banc agus a phróiseálann íocaíochtaí atá gar do OTI iomlán an limistéir euro gach 5 lá.
- Tá tionscadal seolta ag an Eurochóras chun TARGET2 agus TARGET2-Securities a chomhdhlúthú i dtaobh gnéithe teicniúla agus feidhmiúla araon. Is é an cuspóir tabhairt faoi éilimh an mhargaidh atá ag athrú trí chóras nua COFA ar a dtugtar T2 a chur in ionad TARGET2 agus bainistiú leachtachta a bharrfheabhsú i seirbhísí TARGET go léir. Seolfar an t–ardán comhdhlúite nua i Samhain 2022.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoirlíne ón mBanc Ceannais Eorpach 2013/47/AE an 5 Nollaig 2012 maidir le hUathchóras Mear–aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor–ama Tras–Eorpach (TARGET2) (athmhúnlú) (BCE/2012/27) (IO L 30, 30.1.2013, lgh. 1-93)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh 2007/601/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Iúil 2007 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET2-ECB (BCE/2007/7) (IO L 237, 8.9.2007, lgh. 71-107)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 03.03.2021