Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Tá sé mar aidhm leis tuilleadh faisnéise a thabhairt do thomhaltóirí agus iad ag roghnú boinn nua dá bhfeithiclí. Déantar lipéid faoi shaintréithe agus feidhmíocht boinn, i ndálaí sneachta agus oighir mar shampla, ar bhealach níos infheicthe agus níos faisnéisí leis. Cabhróidh sé sin le húsáideoirí deiridh1 gnéithe amhail sábháilteacht, cosaint sláinte agus éifeachtúlacht eacnamaíoch agus chomhshaoil a chur san áireamh.
Tá an reachtaíocht saincheaptha chun boinn atá éifeachtúil ó thaobh breosla de, buanseasmhach agus sábháilte le leibhéil ísle torainn a chur chun cinn.
baineann sé le boinn do ghluaisteáin paisinéirí (boinn C1), busanna agus cóistí, feithiclí earraí éadroma agus troma, agus leantóirí éadroma agus troma (boinn C2 agus C3), chomh maith le boinn atráchta2 a luaithe a bhíonn tástáil feidhmíochta oiriúnach ar fáil;
níl feidhm aige maidir le sainchatagóirí áirithe bonn, amhail iad siúd le haghaidh úsáid ghairmiúil easbhóthair, maidir le feithiclí a cláraíodh den chéad uair roimh an nó maidir le boinn athláimhe, mura ndéantar iad a allmhairiú ó thír nach tír den Aontas Eorpach í.
Ní mór do sholáthraithe bonn:
lipéad greamáin a cheangal de bhoinn aonair agus lipéad clóite de bhaisc bonn, ina mbeidh an fhaisnéis atá leagtha amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II, agus bileog faisnéise faoin táirge a sholáthar ina mbeidh na sonraí a shonraítear in Iarscríbhinn III;
an lipéad boinn a dhéanamh infheicthe, gar don phraghas más féidir, i bhfógraí agus i gciandíolacháin nó i ndíolacháin idirlín;
a áirithiú go bhfuil na lipéid boinn agus na bileoga faisnéise faoin táirge cruinn;
comhoibriú le húdaráis faireachais margaidh, a fhéadfaidh gnáth–iniúchtaí ad hoc a dhéanamh, agus gníomhú láithreach má aimsítear aon sáruithe;
sonraí teicniúla faoi na boinn agus a bhfeidhmíocht a sholáthar dá n–údaráis náisiúnta, trí bhunachar sonraí táirgí, sula dtairgtear iad le díol, ag cur ar chumas údarás cruinneas lipéid na mbonn a sheiceáil — ní mór an fhaisnéis a sholáthar ón (agus faoin le haghaidh boinn arna dtáirgeadh idir an agus an );
gan lipéid, marcanna, siombailí ná inscríbhinní nach gcomhlíonann an rialachán a sholáthar nó a thaispeáint.
Ní mór do dháileoirí bonn:
lipéad greamáin a cheangal de bhoinn aonair agus lipéad clóite a cheangal de bhaisc bonn ag an bpointe díola, ar a mbeidh an fhaisnéis is gá;
a áirithiú go dtaispeántar an lipéad boinn gar don phraghas ar aon ábhar fógraíochta teicniúil, ar chiandíolacháin ar pháipéar, agus ar fhógraí agus díolacháin idirlín;
cóip den lipéad boinn a sholáthar do chustaiméirí roimh an díolachán, mura bhfuil na boinn le feiceáil;
custaiméirí a chur ar an eolas faoin áit ar féidir leo teacht ar an mbileog faisnéise faoin táirge.
Ní mór do sholáthraithe agus do dháileoirí feithiclí nua an lipéad boinn, bileog faisnéise faoin táirge agus aon ábhar fógraíochta teicniúil ábhartha a sholáthar do chustaiméirí sula gceannófar an táirge.
Ní mór do sholáthraithe seirbhíse idirlín a áirithiú go dtaispeánfaidh soláthraithe a dhíolann boinn ar a suíomhanna an lipéad riachtanach chomh maith leis an mbileog faisnéise.
Ní mór d’údaráis náisiúnta an méid a leanas a dhéanamh:
cead a thabhairt boinn a chomhlíonann an reachtaíocht a dhíol agus a úsáid
cruinneas na faisnéise ar lipéid na mbonn a fhíorú;
rialacha pionóis agus forfheidhmithe a leagan síos maidir le haon sáruithe.
Aisghairtear le Rialachán (AE) 2020/740 an Rialachán maidir le lipéadú bonn (CE) Uimh. 1222/2009 (féach an achoimre).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Beidh sé i bhfeidhm ón .
CÚLRA
Tá sé mar aidhm leis an gcóras lipéadaithe bonn astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú torainn a laghdú agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú. Is boinn is cúis le 20 go 30% d’ídiú breosla feithicle. Trí fhriotaíocht rollta na mbonn a laghdú cabhraíonn sé le hastaíochtaí a laghdú agus coigilteas do thiománaithe a mhéadú trí ídiú breosla níos ísle.
Úsáideoir deiridh: tomhaltóir aonair, bainisteoir flít nó cuideachta iompair de bhóthar.
Bonn atráchta: bonn athchóirithe ina gcuirtear ábhar nua in ionad an tráchta chaite.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 2020/740 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le lipéadú bonn maidir le héifeachtúlacht breosla agus paraiméadair eile, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1369 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 (IO L 177, , lgh. 1-31)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, , lgh. 1-44)
Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n–aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, , lgh. 1-218)
Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, , lgh. 1-23)
Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le lipéadú bonn i leith éifeachtúlachta breosla agus paraiméadar riachtanach eile (IO L 342, , lgh. 46-58)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1222/2009 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál–cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, , lgh. 1-24)