Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Uiscebhealaí intíre — seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS)

Uiscebhealaí intíre — seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tuairisciú leictreonach long sa loingseoireacht intíre

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh córais rianaithe agus lorgaireachta soithí

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 909/2013 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla i ndáil leis an gcóras taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre (ECDIS Intíre) dá dtagraítear i dTreoir 2005/44/CE

Rialachán (CE) Uimh. 416/2007 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh fógraí do scipéirí

Rialachán (CE) Uimh. 414/2007 i ndáil leis na treoirlínte teicniúla maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus úsáid oibriúcháin na seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) dá dtagraítear i dTreoir 2005/44

Treoir 2005/44/CE maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre san Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN REACHTAÍOCHT?

  • Bunaítear le Treoir 2005/44/CE seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) lena bhfuil sé mar aidhm:
    • iomaíochas a mhéadú san earnáil;
    • úsáid as an mbonneagar uiscebhealaí intíre atá ann cheana a bharrfheabhsú;
    • feabhas a chur ar an tsábháilteacht agus an tslándáil in iompar ar uiscebhealaí;
    • tionchair dhiúltacha chomhshaoil na hearnála a laghdú.
  • Déantar achoimre i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 ar na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe le haghaidh tuairisciú leictreonach long agus aisghairtear leis Rialachán (AE) Uimh. 164/2010.
  • Déantar achoimre i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 ar na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe le haghaidh córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 415/2007.
  • Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 909/2013, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1973, sainítear na sonraíochtaí teicniúla i ndáil leis an gcóras taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise.
  • Le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 416/2007, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2032, sainítear na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh fógraí do scipéirí.
  • Le Rialachán (CE) Uimh. 414/2007 sainítear treoirlínte maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus oibríochtaí RIS.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear le Treoir 2005/44/CE seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) AE lena bhfuil sé mar aidhm feabhas a chur ar an tsábháilteacht, éifeachtacht agus neamhdhíobhálacht don chomhshaol agus comhéadain le modhanna iompair eile a éascú. Tá tíortha AE freagrach as a cur chun feidhme, lena n–áirítear lárionaid RIS a bhunú agus údaráis a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm agus ar mhalairt sonraí idirnáisiúnta. Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as treoirlínte teicniúla a leagan amach i ndáil le pleanáil, cur chun feidhme agus oibríochtaí RIS i sraith gníomhartha cur chun feidhme.

Is ionann RIS agus na seirbhísí faisnéise comhchuibhithe chun tacú le bainistíocht tráchta agus iompair sa loingseoireacht intíre, lena n–áirítear comhéadain agus modhanna iompair eile. Is féidir le RIS comhéadan a dhéanamh le gníomhaíochtaí tráchtála eile seachas na cinn a dhéantar go hinmheánach idir cuideachtaí. Cuimsítear seirbhísí sa RIS, amhail:

  • faisnéis gheografach, hidreolaíoch agus riaracháin faoin uiscebhealach (faisnéis faoi sheolbhealaí),
  • faisnéis faoi thrácht,
  • bainistíocht tráchta,
  • tacaíocht laghdaithe tubaiste,
  • faisnéis faoi bhainistíocht tráchta,
  • staidreamh agus seirbhísí custaim,
  • muirir uiscebhealaí agus dleachtanna calafoirt.

Déantar achoimre sa treoir ar chreat chun ceanglais theicniúla agus sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt chun:

  • malartú comhchuibhithe faisnéise a bhaint amach idir na gníomhairí éagsúla a sholáthraíonn RIS;
  • feabhas a chur ar idirghníomhaíocht le córais eile bainistíochta tráchta de chuid modhanna iompair eile, go háirithe bainistíocht tráchta agus seirbhís faisnéise soithí muirí;
  • córais idir–inoibritheacha a fhorbairt le haghaidh seirbhísí iompair uiscebhealaí intíre;
  • creat a chur ar bun chun treoirlínte agus sonraíochtaí a fhorbairt.

Sonraítear in iarscríbhinní na híoschaighdeáin sonraí agus na prionsabail ina gcumhdaítear treoirlínte agus sonraíochtaí teicniúla RIS. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leasófar na hiarscríbhinní i bhfianaise taithí agus dul chun cinn teicniúil.

Le Rialachán (CE) Uimh. 414/2007 sainítear treoirlínte maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus oibríochtaí RIS, lena n–áirítear:

  • soithí rannpháirteacha;
  • Ailtireacht RIS, lena n–áirítear geallsealbhóirí, soláthraithe seirbhíse, úsáideoirí, cuspóirí, cúraimí agus feidhmeanna;
  • moltaí le haghaidh seirbhísí aonair, lena n–áirítear:
    • seirbhís radaiteileafóin,
    • seirbhís idirlín,
    • an córas taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre (ECDIS Intíre),
    • faisnéis faoi thrácht,
    • bainistíocht tráchta,
    • tacaíocht loingseoireachta,
    • bainistíocht loc agus droichead,
    • tacaíocht laghdaithe tubaiste,
    • faisnéis le haghaidh lóistíocht tráchta,
    • faisnéis le haghaidh forfheidhmiú dlí;
  • pleanáil RIS, lena n–áirítear oiliúint;
  • forbairt céim ar chéim RIS;
  • Nósanna imeachta um chaighdeánú RIS.

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (CE) 416/2007, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2032, sainítear na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh fógraí do scipéirí. Baineann máistrí báid agus bainisteoirí cabhlaigh leas as seirbhísí faisnéise seolbhealaí (FIS) chun turas a phleanáil, a chomhlíonadh agus faireachán a dhéanamh air. Meastar gur mar a chéile iad na téarmaí “máistir báid”, “scipéir” agus “máistir loinge” in RIS.

Soláthraíonn seirbhísí faisnéise seolbhealaí faisnéis dhinimiciúil (amhail leibhéil uisce agus tuartha faoi leibhéil uisce) chomh maith le faisnéis statach (amhail amanna oibrithe loc agus droichead), agus ar an tslí sin cuidíonn siad le húsáideoirí cinntí beartacha agus straitéiseacha loingseoireachta a dhéanamh.

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 909/2013, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1973, sainítear na sonraíochtaí teicniúla i ndáil leis an gcóras taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre (ECDIS Intíre). Cuimsítear sonraíochtaí mionsonraithe ina iarscríbhinn maidir le:

  • caighdeáin feidhmíochta,
  • caighdeáin sonraí,
  • cóid do tháirgeoirí agus d’uiscebhealaí,
  • caighdeáin cur i láthair,
  • ceanglais oibriúcháin agus feidhmíochta, modhanna tástála agus torthaí tástála a theastaíonn,
  • bearta chun cáilíocht bogearraí a áirithiú,
  • cumraíochtaí córais.

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 415/2007 agus déantar achoimre ar shonraíochtaí teicniúla mionsonraithe le haghaidh córais rianaithe agus lorgaireachta soithí in iompar ar uiscebhealaí, lena n–áirítear rialacha a bhaineann le háiseanna do loingseoireacht sa loingseoireacht intíre.

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 164/2010 agus déantar achoimre ar shonraíochtaí teicniúla mionsonraithe le haghaidh tuairisciú leictreonach long, lena n–áirítear:

  • coinbhinsiún um lámhleabhar chur chun feidhme teachtaireachtaí le haghaidh tuairisciú leictreonach long, bunaithe ar rialacha na Náisiún Aontaithe um Idirmhalartú Leictreonach Sonraí faoi chomhair Riaracháin, Tráchtála agus Iompair (EDIFACT na Náisiún Aontaithe)*:
    • tuairisciú earraí (contúirteacha),
    • liostaí paisinéirí agus criú,
    • teachtaireacht freagartha agus admhála (freagairt uathoibríoch a chuirtear ag baint úsáid as prótacal EDIFACT a léiríonn go bhfuarthas teachtaireacht),
    • fógra calafoirt um bainistíocht birt (i gcás go gcaithfidh soitheach a lastas a dhíluchtú, tugann sé fógra don chalafort ábhartha roimh ré; tugann sé sin deis don chalafort an dóigh a leithdháileann sé beartanna a bhainistiú);
  • cóid agus tagairtí a úsáidtear i dtuairisciú leictreonach long le haghaidh loingseoireacht intíre.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA REACHTAÍOCHTA?

  • Beidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 ón 26 Aibreán 2022.
  • Tá feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 ón 13 Meitheamh 2020.
  • Beidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 909/2013 ón 20 Meitheamh 2021.
  • Beidh feidhm ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2032, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 416/2007 ón 29 Meitheamh 2021.
  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 414/2007 ón 24 Aibreán 2007.
  • Tá feidhm ag Treoir 2005/44/CE ón 20 Deireadh Fómhair 2007. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 20 Deireadh Fómhair 2007.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

EDIFACT na Náisiún Aontaithe: sraith dhomhanda rialacha arna sainiú ag na Náisiúin Aontaithe maidir le malartú leictreonach sonraí idir 2 chomhpháirtí nó níos mó trí idirmhalartú leictreonach sonraí. Le hidirmhalartú leictreonach sonraí barrfheabhsaítear an sreabhadh oibre trína chur in aonad próisis chumarsáide roimhe sin, amhail post, facs nó ríomhphost agus doiciméid gnó shonracha arna malartú go leictreonach idir 2 pháirtí nó níos mó. Le hidirmhalartú leictreonach sonraí glactar an próiseas iomlán um idirmhalartú leictreonach sonraí: tarchur na dteachtaireachtaí, sreabhadh na dteachtaireachtaí, formáid na ndoiciméad, agus na bogearraí a úsáidtear chun na doiciméid a léirmhíniú.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1744 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh tuairisciú leictreonach long sa loingseoireacht intíre agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 164/2010 (IO L 273, 25.10.2019, lgh. 1-182)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/838 an 20 Feabhra 2019 maidir le sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe le haghaidh córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 415/2007 (IO L 138, 24.5.2019, lgh. 31-69)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2032 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 416/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sonraíochtaí teicniúla i ndáil le Fógra do Scipéirí (IO L 332, 28.12.2018, lgh. 1-181)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 909/2013 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2013 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla i ndáil leis an gcóras taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre (ECDIS Intíre) dá dtagraítear i dTreoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 258, 28.9.2013, lgh. 1-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 909/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 416/2007 ón gCoimisiún an 22 Márta 2007 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla i ndáil le Fógraí do Scipéirí dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2005/44/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 105, 23.4.2007, lgh. 88-253)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 414/2007 ón gCoimisiún an 13 Márta 2007 maidir leis na sonraíochtaí teicniúla i ndáil le pleanáil, cur chun feidhme agus úsáid oibriúcháin na seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir 2005/44/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 105, 23.4.2007, lgh. 1-34)

Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 255, 30.9.2005, lgh. 152-159)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.10.2020

Top