Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

Bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2017/1775 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

Rialachán (AE) 2017/1770 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

An cinneadh agus an rialachán, a leasaíodh go minic:

  • na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile a reo atá faoi úinéireacht, i seilbh nó faoi rialú daoine aonair, cuideachtaí agus comhlachtaí arna sainaithint ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nó ag Coiste Smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na daoine, na heintitis nó na comhlachtaí sin arna n-ainmniú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh in Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an rialachán;
  • toirmeasc a chur ar aon rannpháirtíocht ghníomhach maidir le dul timpeall ar na smachtbhannaí;
  • ceangal a chur ar Bhallstáit AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • cosc a chur ar dhaoine aonair a liostaítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gcinneadh dul isteach ina gcríoch nó idirthuras a dhéanamh trína gcríoch,
    • pionóis a ghearradh i leith sáruithe ar na smachtbhannaí,
    • údaráis náisiúnta a ainmniú chun an rialachán a chur chun feidhme (Iarscríbhinn II a ghabhann leis an rialachán).

Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn Ia a ghabhann leis an rialachán:

  • liostaigh daoine aonair agus comhlachtaí atá ag troid i gcoinne an chomhaontaithe síochána, bac a chur ar chur chun feidhme agus ar sheachadadh na cabhrach daonnúla, agus saighdiúirí linbh a earcú;
  • mínigh cén fáth a bhfuiltear ag díriú orthu;
  • tabhair eolas faoi na hainmneacha ar an liosta ionas gur féidir iad a shainaithint.

Eisceachtaí

Ceadaítear leis an gcinneadh agus leis an rialachán cistí calctha a scaoileadh faoi choinníollacha áirithe. Cuimsítear iontu sin:

  • riachtanais bhunúsacha daoine aonair agus a dteaghlaigh a chomhlíonadh;
  • táillí gairmiúla réasúnta, seirbhísí dlí nó costais dlí a íoc;
  • cúnamh daonnúil, aistriú oibrithe cabhrach agus aslonnuithe;
  • cistí le haghaidh úsáid oifigiúil taidhleoireachta, chonsalach nó eagraíochtúil idirnáisiúnta;
  • taisteal ar chúiseanna daonnúla práinneacha, chun freastal ar phríomhchruinnithe idirnáisiúnta nó mar chuid de phróiseas breithiúnach.

Tá feidhm ag na bearta sriantacha:

  • laistigh den AE, lena n-áirítear a aerspás;
  • ar bord aerárthaí agus soithí de chuid an Aontais;
  • do náisiúnaigh agus do ghnólachtaí an Aontais, laistigh agus lasmuigh de chríoch an Aontais araon;
  • d’aon duine aonair nó d’aon chuideachta a dhéanann gnó in aon chuid den Aontas Eorpach.

Díolúintí daonnúla

I gcomhréir le Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le Rialachán (AE) 2023/720 ón gComhairle agus le Cinneadh (CBES) 2023/726 ón gComhairle, tugtar isteach i ndlí an Aontais díolúine do na bearta calctha sócmhainní chun cúnamh daonnúil agus gníomhaíochtaí fóirithinte eile a sheachadadh go tráthúil arna ndéanamh ag cláir de chuid na Náisiún Aontaithe, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha atá rannpháirteach i bpleananna freagartha daonnúla na Náisiún Aontaithe agus ag comhlachtaí iomchuí eile.

Ní mór do sholáthraithe atá ag brath ar an díolúine dhaonnúil iarrachtaí réasúnta a dhéanamh chun faibhriú aon sochar a thoirmisctear le smachtbhannaí do dhaoine aonair nó d’eintitis liostaithe a íoslaghdú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag Cinneadh (CBES) 2017/1775 agus Rialachán (AE) 2017/1770 ón 30 Meán Fómhair 2017.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lgh. 23–27).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (AE) 2017/1770. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lgh. 1–10).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal V — Forálacha ginearálta maidir le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais agus forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Caibidil 2 — Forálacha faoi leith maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála — Roinn 1 — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 29 (sean–Airteagal 15 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 33).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a cúig — Gníomhaíocht sheachtrach an Aontais — Teideal IV — Bearta sriantacha — Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 144).

Nuashonraithe 15.03.2023

Top