Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Glas don Eoraip

Comhaontú Glas don Eoraip

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach — An Comhaontú Glas don Eoraip

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti plean gníomhaíochta chun geilleagar AE a dhéanamh inbhuanaithe trí dheiseanna a chruthú as dúshláin aeráide agus timpeallachta thar gach réimse beartais ar bhealach atá cothrom agus ionchuimsitheach. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis nua fáis chun geilleagar AE atá inbhuanaithe, níos glaine, níos sábháilte agus níos sláintiúla a bhaint amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Áirítear treochlár sa teachtaireacht, plean ina bhfuil gníomhartha praiticiúla chun tabhairt faoin méid seo a leanas:
    • a áirithiú nach mbeidh aon astaíochtaí glana de gháis cheaptha teasa ann faoin mbliain 2050;
    • úsáid éifeachtach acmhainní a spreagadh trí aistriú chuig geilleagar glan agus ciorclach;
    • bithéagsúlacht a thabhairt ar ais agus truailliú a laghdú.
  • Clúdaítear gach earnáil sa Chomhaontú Glas; eiseoidh an Coimisiún Eorpach tograí chun gníomhaíochta i roinnt réimsí beartais lena n–áirítear:
  • Sonraítear na hinfheistíochtaí a theastaíonn agus na huirlisí maoinithe atá ar fáil sa teachtaireacht. Chuir an Coimisiún Plean Infheistíochta Inbhuanaithe don Eoraip i láthair agus cuirfidh sé Straitéis Mhaoinithe Ghlas i láthair in 2020.
  • Mhol an Coimisiún Dlí Aeráide AE faoina ndéanfar oibleagáid dhlíthiúil de thiomantas polaitiúil AE bheith aeráidneodrach faoin mbliain 2050.
  • Tacóidh Sásra Aistrithe Chóir le réigiúin AE a bhíonn ag brath go láidir ar ghníomhaíochtaí ar mó a lorg carbóin.
  • Seolfaidh an Coimisiún Comhaontú Aeráide Eorpach d’fhonn guth agus ról a thabhairt do shaoránaigh agus do pháirtithe leasmhara maidir le gníomhaíochtaí nua ar son na haeráide a dhearadh, faisnéis a chomhroinnt, tús a chur le gníomhaíochtaí pobail agus réitigh ar féidir le daoine eile iad a leanúint a chur i láthair.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Comhaontú Glas don Eoraip (COM(2019) 640 críochnaitheach, 11.12.2019)

Nuashonraithe 23.04.2020

Top