EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontuithe comhpháirtíochta deonacha maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí

Comhaontuithe comhpháirtíochta deonacha maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid (FLEGT)

Cinneadh (AE) 2020/2185 maidir le síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Hondúras maidir le FLEGT

Cinneadh (AE) 2021/964 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Hondúras maidir le FLEGT

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Vítneam maidir le FLEGT

Cinneadh (AE) 2018/1528 maidir le síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Vítneam maidir le FLEGT

Cinneadh (AE) 2019/854 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Vítneam maidir le FLEGT

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis maidir le FLEGT

Cinneadh 2013/486/AE maidir le síniú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis maidir le FLEGT

Cinneadh 2014/284/AE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus an Indinéis maidir le FLEGT

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus an Libéir maidir le FLEGT

Cinneadh 2011/475/AE maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus an Libéir maidir le FLEGT

Cinneadh 2012/373/AE maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus an Libéir maidir le FLEGT

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le FLEGT

Cinneadh 2011/790/AE maidir le síniú Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le FLEGT

Cinneadh 2012/374/AE maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le FLEG

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Camarún maidir le FLEGT

Cinneadh 2011/200/AE maidir le síniú Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Camarún maidir le FLEGT

Cinneadh 2011/201/AE maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Camarún maidir le FLEGT

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus an Congó maidir le FLEGT

Cinneadh 2010/615/AE maidir le síniú Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus an Congó maidir le FLEGT

Cinneadh 2011/202/AE maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus an Congó maidir le FLEGT

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an Comhphobal Eorpach agus Gána maidir le FLEGT

Cinneadh 2010/151/CE maidir le síniú agus tabhairt i gcrích comhaontú comhpháirtíochta deonach idir an Comhphobal Eorpach agus Gána maidir le FLEGT

CAD IS AIDHM LEIS NA COMHAONTUITHE AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Is é atá mar aidhm leis na comhaontuithe a áirithiú go bhfuil adhmad agus táirgí adhmaid atá á n-iompórtáil ó thíortha a bhfuil Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach (VPA) sínithe acu leis an Aontas Eorpach (AE) á dtáirgeadh go dleathach.
  • Is fianaise é síniú agus tabhairt i gcrích na gcomhaontuithe thar ceann an AE iad na cinntí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Córais dearbhaithe dlíthiúlachta adhmaid

  • Ceanglaítear ar thíortha atá ag glacadh páirte in VPA leis an AE córais dearbhaithe dlíthiúlachta adhmaid (TLAS) a bhunú agus a chur chun feidhme.
  • Fíoraíonn TLAS go bhfuil adhmad agus táirgí adhmaid táirgthe go dleathach.
  • Ní onnmhairítear ach lastais fhíoraithe amháin chuig an AE, atá clúdaithe faoi cheadúnas fhorfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (FLEGT).
  • Ní mór don chóras seiceálacha agus nósanna imeachta um chomhlíonadh a chur san áireamh lena áirithiú nach gcuirfear adhmad de thionscnamh neamhdhleathach nó anaithnid isteach sa slabhra soláthair.
  • Le meastóireacht neamhspleách déanfar measúnú ar chur chun feidhme, ar éifeachtacht agus ar inchreidteacht scéim ceadúnúcháin TLAS agus FLEGT.
  • Clúdaíonn raon táirgí scéim cheadúnaithe FLEGT croíliosta de tháirgí éigeantacha, mar atá liostaithe faoi Iarscríbhinn II le rialachán FLEGT, mar aon le táirgí breise tírshonracha atá le liostú in Iarscríbhinn III (de réir an raoin táirgí a comhaontaíodh sa VPA ábhartha).

Forghníomhú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí

  • Tá sé beartaithe leis an gcomhaontú go mbunófar scéim ceadúnúcháin FLEGT, nuair a thiocfaidh an dá pháirtí sa chomhaontú ar chonclúid ar bhonn measúnacht comhpháirtí ar ullmhacht oibríochtúil chun a chinneadh an gcomhlíonann TLAS atá mar bhonn agus taca le scéim ceadúnúcháin a fheidhmeanna go leordhóthanach.
  • Leagtar amach leis freisin nósanna imeachta agus ceanglais atá dírithe ar fhíorú agus, i gcás onnmhairí chuig an AE, a fhianaíonn, trí cheadúnais FLEGT, gur táirgeadh go dleathach táirgí adhmaid a seoladh chuig an AE. Bunaíodh ceadúnais FLEGT le Rialachán (CE) Uimh 2173/2005 (féach an achoimre).
  • A luaithe a thiocfaidh scéim ceadúnúcháin FLEGT i bhfeidhm i gcás adhmaid agus táirgí adhmaid atá clúdaithe sa chomhaontú, ní ghlacfaidh an tAontas Eorpach ach le lastais adhmaid ón tír atá i gceist atá clúdaithe faoi ceadúnais bhailí FLEGT. Measfar adhmad a bhfuil ceadúnas bailí FLEGT aige mar adhmad arna lománú go dleathach de réir bhrí Rialachán adhmaid AE, Rialachán (AE) Uimh. 995/2010, (féach an achoimre). Dá bhrí sin ní bheidh ar oibreoirí a dhéanann adhmad ceadúnaithe FLEGT a allmhairiú a ndícheall cuí a dhéanamh faoin rialachán sin.

Údarás ceadúnúcháin

  • Ní mór don tír is onnmhaireoir í údarás ceadúnúcháin (UC) a cheapadh.
  • Deimhníonn an UC gur táirgeadh go dleathach táirgí adhmaid agus eisíonn sé ceadúnais FLEGT maidir le lastais táirgí den sórt sin chuig an Aontas Eorpach.
  • Ní eiseoidh sé ceadúnais FLEGT do na nithe a leanas:
    • aon lastas táirgí adhmaid nár táirgeadh go dleathach faoi dhlí na tíre mar a shonraítear sa chomhaontú; nó
    • i gcás adhmaid allmhairithe, táirgí adhmaid nár lománaíodh, nár táirgeadh nó nár onnmhairíodh de réir dhlí thír na lománaíochta agus na tíre táirgthe.
  • Ní mór an nós imeachta maidir le ceadúnais FLEGT a eisiúint a bheith ar fáil go poiblí agus ní mór taifid a choinneáil de na lastais go léir a chlúdaítear faoi na ceadúnais sin.

Ceadúnais FLEGT a fháil agus a fhíorú

  • Ní mór d’údarás inniúil i mBallstát AE lena mbaineann a sheiceáil go bhfuil ceadúnas bailí FLEGT ar gach lastas sula scaoilfear amach é le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas Eorpach.
  • Is féidir an scaoileadh sin a chur ar fionraí agus an lastas a choinneáil má bhíonn amhras ann faoi bhailíocht an cheadúnais.

Neamhrialtachtaí

Ní mór do gach páirtí an páirtí eile a chur ar an eolas má tá amhras orthu faoi neamhrialtachtaí nó má tá fianaise acu ar neamhrialtachtaí sa scéim ceadúnúcháin nó aon iarracht chun teacht timpeall air, lena n–áirítear:

  • trádáil a atreorú ón tír atá i gceist go dtí an tAontas Eorpach trí thír neamh-AE leis an rún ceadúnú a sheachaint;
  • Ceadúnais FLEGT ina gclúdaítear táirgí adhmaid ina bhfuil adhmad ó thíortha neamh-AE a bhfuil amhras ann go bhfuil siad á dtáirgeadh go neamhdhleathach;
  • calaois maidir le ceadúnais FLEGT a fháil nó a úsáid.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tír

Dáta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe

Dáta daingnithe an chomhaontaithe

Dáta sínithe an chomhaontaithet

Tús le ceadúnú FLEGT

Hondúras

1 Meán Fómhair 2022

Meitheamh 2021

23 Feabhra 2021

 

Vítneam

1 Meitheamh 2019

Bealtaine 2019

19 Deireadh Fómhair 2018

 

An Indinéis

1 Bealtaine 2014

Aibreán 2014

30 Meán Fómhair 2013

15 Samhain 2016

An Libéir

1 Nollaig 2013

Nollaig 2013

Dé Luain 11 Iúil 2011

 

An Congó

1 Márta 2013

Feabhra 2013

17 Bealtaine 2010

 

Camarún

1 Nollaig 2011

2 Márta 2011 – AE
9 Lúnasa 2011 – Camarún

6 Deireadh Fómhair 2010

 

Poblacht na hAfraice Láir

1 Iúil 2012

1 Iúil 2012

28 Samhain 2011

 

Gána

1 Nollaig 2009

 

19 Samhain 2009

 

Poblacht Dhaonlathach an Chongó

Fós faoi chaibidil

 

 

 

An Cósta Eabhair

Fós faoi chaibidil

 

 

 

An Ghabúin

Fós faoi chaibidil

 

 

 

An Ghuáin

Fós faoi chaibidil

 

 

 

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (IO L 217, 18.6.2021, lgh. 3-136).

Cinneadh (AE) 2020/2185 ón gComhairle an 18 Nollaig 2020 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid (IO L 435, 23.12.2020, lgh. 63-64).

Cinneadh (AE) 2021/964 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Hondúras i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (IO L 217, 18.6.2021, lgh. 1-2).

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (IO L 147, 5.6.2019, lgh. 3-209).

Cinneadh (AE) 2018/1528 ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2018 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (IO L 257, 15.10.2018, lgh. 1-2).

Cinneadh (AE) 2019/854 ón gComhairle an 15 Aibreán 2019 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (IO L 147, 5.6.2019, lgh. 1-2).

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 252-330).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 486/436 ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (IO L 265, 8.10.2013, lgh. 1–2).

Cinneadh 2014/284/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hIndinéise i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 250-251).

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (IO L 191, 19.7.2012, lgh. 3-90).

Cinneadh 2011/475/AE ón gComhairle an 22 Iúil 2011 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (IO L 196, 28.7.2011, lch. 2).

Cinneadh 2012/373/EU ón gComhairle an 14 Bealtaine 2012 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Libéire i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach(IO L 191, 19.7.2012, lgh. 1).

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus trádáil táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 191, 19.7.2012, lgh. 103–256).

Cinneadh 2011/790/AE ón gComhairle an 14 Samhain 2011 maidir le síniú Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus trádáil táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 320, 3.12.2011, lch. 2).

Cinneadh 2012/374/AE ón gComhairle an 14 Bealtaine 2012 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Láir maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus trádáil táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 191, 19.7.2012, lch. 102).

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chamarún maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus trádáil táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 92, 6.4.2011, lgh. 4–125).

Cinneadh 2011/200/AE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2010 maidir le síniú Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chamarún maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 92, 6.4.2011, lgh. 1–2).

Cinneadh 2011/201/AE ón gComhairle an 28 Feabhra 2011 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chamarún maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 92, 6.4.2011, lch. 3).

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chongó maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 92, 6.4.2011, lgh. 127–238).

Cinneadh 2010/615/AE ón gComhairle an 17 Bealtaine 2010 maidir le síniú Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chongó maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 271, 15.10.2010, lgh. 1–2).

Cinneadh 2011/202/AE ón gComhairle an 28 Feabhra 2011 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht an Chongó maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus táirgí adhmaid agus táirgí díorthaithe chuig an Aontas Eorpach (FLEGT) (IO L 92, 6.4.2011, lch. 126).

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ghána maidir le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí agus táirgí adhmaid sa Chomhphobal (IO L 70, 19.3.2010, lgh. 3–75).

Cinneadh 2010/151/EC ón gComhairle an 16 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích Chomhaontú Comhpháirtíochta Deonach idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ghána i ndáil le forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí táirgí adhmaid sa Chomhphobal (IO L 70, 19.3.2010, lgh. 1–2).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Dheonaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Sóisialach Vítneam maidir le forfheidhmiú, rialachas agus trádáil dlí foraoise (IO L 241, 19.9.2019, lch. 1).

Rialachán (AE) Uimh. 995/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 lena leagtar síos oibleagáidí na n–oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh (IO L 295, 12.11.2010, lgh. 23-34).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 995/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim cheadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (IO L 347, 30.12.2005, lgh. 1-6).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 01.09.2022

Top