EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE sa lréimse saoirse, slándála agus ceartais

Idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE sa lréimse saoirse, slándála agus ceartais

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/817 lena mbunaítear creat le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí

Rialachán (AE) 2019/818 lena mbunaítear creat le haghaidh idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Féachtar leo le feabhas a chur ar sheiceálacha ag teorainneacha seachtracha AE, feabhas ar bhrath bagairtí ar an tslándáil agus calaois aitheantais a éascú agus cuidiú leis an inimirceach neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear sa 2 rialachán maidir le hidir–inoibritheacht:

Tá na córais faisnéise AE sa tsaoirse, slándáil agus ceartas á mbainistiú ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Bhainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais.

Comhpháirteanna

Cuirtear ar bun leis na rialacháin na comhpháirteanna idir-inoibritheachta seo a leanas:

  • tairseach cuardaigh Eorpach trínar féidir le húdaráis inniúla ilchórais faisnéise a chuardach ag an am céanna, ag baint úsáid as sonraí beathaisnéiseacha agus sonraí bithmhéadracha araon;
  • seirbhís chomhroinnte um meaitseáil bhithmhéadrach trínar féidir sonraí bithmhéadracha (méarloirg agus íomhánna aghaidhe) a chuardach agus comparáid a dhéanamh eatarthu ó roinnt chórais faisnéise AE;
  • stóras coiteann sonraí céannachta ina bhfuil sonraí beathaisnéiseacha agus sonraí bithmhéadracha maidir le náisiúnaigh neamh-AE atá ar fáil i roinnt chórais faisnéise AE;
  • brathadóir ilchéannachtaí trínar féidir ilchéannachtaí a bhrath ar fud roinnt chórais faisnéise éagsúla AE.

Inrochtaineacht

  • Ní dhéantar athrú leis na rialacháin ar chearta rochtana ar chórais faisnéise aonair AE, ach déanfar comhroinnt faisnéise a éascú agus a fheabhsú leo.
  • Déantar soláthar iontu le haghaidh cur chuige 2 chéim nua maidir le rochtain a thabhairt d’údaráis forfheidhmithe dlí ar EES, VIS, ETIAS agus Eurodac:
    • dhéanfaí cuardaigh thosaigh ar bhonn “amais/gan amas”;
    • i gcás go ngeofaí “amas”, d’fhéadfadh údaráis forfheidhmithe dlí faisnéis ar bith a theastódh a rochtain ansin, i gcomhréir leis na rialacha agus na cosaintí faoi seach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

Tá siad i bhfeidhm ón 11 Meitheamh 2019.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1726 agus Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2004/512/CE agus Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 27-84)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/817 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena mbunaítear creat idir–inoibritheachta idir córais faisnéise AE i réimse na bpóilíní agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1726, Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862, Rialachán (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 85-135)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013, Rialachán (AE) 2016/794, Rialachán (AE) 2018/1862, Rialachán (AE) 2019/816 agus Rialachán (AE) 2019/818 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir–inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce (IO L 248, 13.7.2021, lgh. 1-10)

Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2017/2226, Rialachán (AE) 2018/1240, Rialachán (AE) 2018/1860, Rialachán (AE) 2018/1861, Rialachán(AE) 2019/817 agus Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/512/CE agus Cinneadh 2008/633/CBG ón gComhairle, chun an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lgh. 11-87)

Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lgh. 1-26)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 14-55)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56-106)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 99-137)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011, Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, Rialachán (AE) 2016/399, Rialachán (AE) 2016/1624 agus Rialachán (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lgh. 1-71)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí iontrála agus imeachta agus sonraí diúltaithe cead isteach náisiúnach tríú tíortha a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus na coinníollacha maidir le rochtain ar EES a chinneadh chun críocha forghníomhaithe dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú Schengen agus Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008 agus (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lgh. 20-82)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1-52)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 60–81)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2008/633/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le rochtain chomhairliúcháin ar an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) ag údaráis ainmnithe na mBallstát agus ag Europol chun críocha coisc, braite agus imscrúdaithe i ndáil le cionta sceimhlitheora agus cionta coiriúla tromchúiseacha eile (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 129–136)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2004/512/CE ón gComhairle an 8 Meitheamh 2004 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (IO L 213, 15.6.2004, lgh. 5-7)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.08.2021

Top