EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia - cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht

Slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia - cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2019/633 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach inti liosta íosta de chleachtais éagóracha trádála atá toirmiscthe idir ceannaitheoirí agus soláthróirí i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia agus leagtar síos inti rialacha íosta forfheidhmithe.
  • Tá sé mar chuspóir léi deireadh a chur le dúshaothar a dhéanann gnólachtaí móra ar sholáthróirí beaga agus meánmhéide de bharr a seasaimh mhargála níos laige agus ionas nach ndéanfar costas na gcleachtas sin a chur ar aghaidh chuig táirgeoirí príomhúla.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis na rialacha cosnaítear soláthróirí beaga agus meánmhéide nach bhfuil láimhdeachas níos mó ná €350 milliún acu. Braitheann an chosaint seo ar mhéid choibhneasta an tsoláthróra agus an cheannaitheora i gcomhthéacs láimhdeachais. Roinntear na soláthróirí sin i 5 fhochatagóir de réir a láimhdeachais:

  • Suas go dtí €2 mhilliún
  • €2-10 milliún;
  • €10-50 milliún;
  • €5-150 milliún; agus
  • €150-350 milliún.

Toirmeasc ar chleachtais éagóracha trádála

Leis an treoir, cuirtear cosc ar na cleachtais éagóracha trádála seo a leanas i gcás ar bith:

  • íocaíocht as táirgí meatacha talmhaíochta agus bia a dhéantar níos déanaí ná 30 lá;
  • íocaíocht as táirgí eile talmhaíochtaí agus bia a dhéantar níos déanaí ná 60 lá;
  • nuair nach dtugtar ach fógra gearr tráth a gcuirtear ordú de tháirgí meatacha ar ceal;
  • athruithe aontaobhacha ar théarmaí an chomhaontaithe soláthair arna ndéanamh ag an gceannaitheoir;
  • íocaíochtaí a iarrann an ceannaitheoir nach mbaineann le táirge talmhaíochta agus bia a dhíol;
  • íocaíochtaí a iarrann an ceannaitheoir as meath nó caillteanas táirgí talmhaíochta agus bia i gcás nach é faillí ná locht an tsoláthróra is cúis leis an meath nó caillteanas sin;
  • diúltú an cheannaitheora dearbhú i scríbhinn a thabhairt maidir le comhaontú soláthair, in ainneoin iarrata ón soláthróir;
  • mí-úsáid sa rúin trádála an tsoláthróra arna dhéanamh ag an gceannaitheoir;
  • gníomhartha frithbheartaíochta tráchtála arna ndéanamh ag an gceannaitheoir i gcoinne an tsoláthróra má fheidhmíonn an soláthróir sin a chearta conarthacha nó a chearta dlíthiúla;
  • aistriú costas a bhaineann le scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó chustaiméirí i ndáil le táirgí an tsoláthróra cé nach bhfuil aon fhaillí nó locht ann ó thaobh an tsoláthróra i gceist.

Leis an treoir cuirtear toirmeasc ar na cleachtais éagóracha trádála seo a leanas, mura ndearna an soláthróir agus an ceannaitheoir iad a chomhaontú i dtéarmaí atá glan soiléir:

  • cuireann an ceannaitheoir táirgí talmhaíochta agus bia neamhdhíolta ar ais chuig an soláthróir gan íoc as na táirgí neamhdhíolta sin nó gan íoc as diúscairt na dtáirgí sin, nó an dá rud;
  • gearrtar íocaíocht ar an soláthróir mar choinníoll chun a tháirgí talmhaíochta agus bia a stocáil, a chur ar taispeáint nó a liostú, nó chun na táirgí sin a chur ar fáil ar an margadh;
  • iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as lascainí ar tháirgí talmhaíochta agus bia arna ndíol ag an gceannaitheoir mar chuid de phromóisean;
  • iarrann an ceannaitheoir ar an soláthróir íoc as an bhfógraíocht agus as an margaíocht a dhéanann an ceannaitheoir i ndáil le táirgí talmhaíochta agus bia;
  • gearrann an ceannaitheoir táille ar an soláthróir as áitreabh a fheistiú chun táirgí an tsoláthróra a dhíol.

Gearáin agus rúndacht

Ainmníonn tíortha AE údaráis forfheidmithe náisiúnta. Féadfaidh soláthróirí gearáin a chur faoi bhráid údarás forfheidhmithe na tíre ina bhfuil an ceannaitheoir bunaithe faoina bhfuil amhras faoi gur ghabh sé de chleachtas trádála a bhfuil toirmeasc air.

Má iarrtar air, glacfaidh an t–údarás forfheidhmithe aon bhearta is gá chun cosaint a thabhairt d’aitheantas an ghearánaí agus aon fhaisnéis eile a meastar í a bheith díobhálach do leas an ghearánaí nó do leas soláthróirí.

Cumhachtaí na n–údarás inniúil

Ní mór na húdaráis forfheidhmithe na cumhachtaí agus an saineolas a bheith acu chun:

  • imscrúduithe a thionscnamh agus a dhéanamh;
  • a iarraidh ar cheannaitheoirí agus ar sholáthróirí faisnéis a sholáthar;
  • cigireachtaí ar an láthair gan fógra a dhéanamh;
  • a ordú go scoirfear den chleachtas toirmiscthe, nuair is iomchuí;
  • imeachtaí a fhorchur nó a thionscnamh le haghaidh fíneálacha, agus pionóis agus bearta eatramhacha eile a fhorchur ar an ngnólacht a rinne an sárú;
  • cinntí a fhoilsiú.

Féadfaidh tíortha AE sásraí malartacha éifeachtacha deonacha um réiteach díospóidí a chur chun cinn.

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go n–oibreoidh údaráis forfheidhmithe i gcomhar le chéile agus leis an gCoimisiún go héifeachtach agus go dtabharfaidh siad cúnamh dá chéile i gcásanna a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo.

Faigheann an Coimisiún Eorpach cúnamh ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (féach an achoimre Comheagrú na margaí talmhaíochta in AE).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin Dé Sathairn 1 Bealtaine 2021. Ní mór do thíortha AE na bearta a chur i bhfeidhm faoin 1 Samhain 2021.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála sa chaidreamh gnólacht le gnólacht i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia (IO L 111, 25.4.2019, lgh. 59-72)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1-18)

Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 671-854)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2011/7/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (IO L 48, 23.2.2011, lch. 1-10)

Nuashonraithe 29.08.2019

Top