Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte maidir le córas um Mearfhaisnéis an Aontais ‘Safety Gate’(RAPEX roimhe seo)

Treoirlínte maidir le córas um Mearfhaisnéis an Aontais ‘Safety Gate’(RAPEX roimhe seo)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 — treoirlínte maidir le bainistiú ar Chóras um Mearfhaisnéis an Aontais Eorpaigh ‘Safety Gate’

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Féachtar go sonrach leis an gcinneadh leis na critéir maidir le fógra a thabhairt a shoiléiriú agus nuashonrú a dhéanamh ar an téarmaíocht a úsáidtear, agus ar raon feidhme an chórais, agus gnéithe áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 á gcomhtháthú maidir le faireachas margaidh ar tháirgí comhchuibhithe, arna aisghairm le Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh na táirgí (féach an achoimre) agus a cuireadh in ionad an Rialacháin sin. Ina theannta sin, tagraítear ann d’uirlisí nua a forbraíodh le blianta beaga anuas le haghaidh fheidhmiú ceart Safety Gate (amhail an comhéadan idir Safety Gate agus ardán an Chórais Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008).
  • Leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin treoirlínte maidir le bainistíocht chóras um méarfhaisnéis an Aontais Eorpaigh (AE) ‘Safety Gate’. Cuireadh an córas sin ar bun i dtosach le Treoir 2001/95/CE, an treoir ghinearálta maidir le sábháilteacht táirgí, a aisghairfear le Rialachán (AE) 2023/988 agus cuirfear an Rialachán sin ina hionad (féach an achoimre) ón 13 Nollaig 2024.
  • Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/975 leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 agus leagtar amach leis, i measc nithe eile, róil agus freagrachtaí faoi seach an Choimisiúin Eorpaigh agus Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus na socruithe eatarthu mar rialaitheoirí comhpháirteacha le haghaidh sonraí a phróiseáil i gcóras Safety Gate/RAPEX, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (féach an achoimre) agus Rialachán (AE) 2016/679 (féach an achoimre).
  • Leasaítear Cinneadh (AE) 2010/15/CE le Cinneadh (AE) 2019/417.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá dhá iarscríbhinn leis an gcinneadh, arna leasú le Cinneadh (AE) 2023/975.

  • Iarscríbhinn I. Treoirlínte maidir le bainistíocht Safety Gate.
  • Iarscríbhinn II. Rialú comhpháirteach Safety Gate.

Iarscríbhinn I

Raon feidhme

Clúdaítear dhá fhoireann táirgí sna treoirlínte seo:

  • táirgí atá clúdaithe sa Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí;
  • táirgí atá clúdaithe le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh ar tháirgí neamhbhia, lena dtugtar le fios go gcuimsítear táirgí gairmiúla agus síneadh na rioscaí go rioscaí eile seachas na cinn a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht tomhaltóirí, e.g. rioscaí comhshaoil.

chlúdaítear an méid seo a leanas sa chinneadh:

  • bia agus beatha agus táirgí eile atá clúdaithe le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
  • táirgí íocshláinte atá clúdaithe le Treoir 2001/83/CE maidir le cógais do dhaoine (féach an achoimre) agus Rialachán (AE) 2019/6 maidir le cógais tréidliachta (féach an achoimre);
  • feistí leighis atá clúdaithe le Rialachán (AE) 2017/745;
  • táirgí athláimhe, seandachtaí, nó táirgí atá le deisiú nó le hathriochtú sula n–úsáidfear iad;
  • trealamh a úsáideann soláthraithe seirbhíse gairmiúla chun seirbhís a sholáthar.

Safety Gate

Bunaíodh Safety Gate i dtosach chun faisnéis a mhalartú go mear idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le táirgí a bhaineann riosca leo do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí. Is iad seo a leanas na príomhghnéithe a bhaineann leis:

  • déantar soláthar táirgí contúirteacha a chosc agus a shrianadh leis;
  • déantar monatóireacht ar éifeachtúlacht agus ar chomhsheasmhacht an fhaireachais mhargaidh agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe leis;
  • sainaithnítear riachtanais agus bunaítear bonn le haghaidh gnímh ar leibhéal AE;
  • áirithítear leis go ndéanfar ceanglais AE maidir sábháilteacht táirgí a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach.

Riosca

  • Sula gcinnfidh údarás Ballstáit fógra maidir le Safety Gate a chur isteach, déanfaidh sé a mheasúnú an mbaineann riosca leis an táirge a bhfuil fógra le tabhairt ina leith do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí nó, i gcás táirgí atá clúdaithe le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, riosca do shláinte, do shábháilteacht nó do shlándáil na n–úsáideoirí deiridh nó don chomhshaol, agus mar sin an gcomhlíontar na critéir maidir le fógra a thabhairt.
  • Tá treoirlínte maidir le measúnú riosca agus samplaí cuimsithe in aguisín a ghabhann leis an gcinneadh.

Gníomh a dtugtar fógra ina leith trí Safety Gate

Féadfaidh monaróirí nó dáileoirí bearta a dhéanamh go deonach nó féadfaidh údarás Ballstáit a ordú go ndéanfaí bearta chun díolacháin a chosc nó a shrianadh, maidir le táirgí a mbaineann riosca leo. Áirítear ar na bearta, ach níl siad teoranta dóibh seo a leanas:

  • táirge a mharcáil gan rabhaidh faoi rioscaí;
  • margú táirge a chur faoi réir coinníollacha;
  • rabhadh a thabhairt do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh faoi na rioscaí;
  • cosc sealadach ar sholáthar nó ar chur ar thaispeáint an táirge;
  • cosc ar mhargú táirge;
  • aistarraingt táirge ón margadh;
  • tarraingt siar táirge ó thomhaltóirí;
  • scriosadh táirge a aistarraingíodh nó a tarraingíodh siar.

Fógraí

Tá rannpháirtíocht in Safety Gate éigeantach do na Ballstáit, nach mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún i gcás go gcomhlíontar na ceithre chritéar seo a leanas maidir le táirge:

  • Tagann an táirge faoi raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí nó faoi raon feidhme chur i bhfeidhm Threoir (CE) Uimh. 765/2008;
  • Tá sé faoi réir beart lena ndéantar a mhargú nó a úsáid fhéideartha a chosc, a shrianadh nó coinníollacha speisialta a fhorchur maidir leo.
  • Má bhaineann riosca leis do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí nó, i gcás táirgí atá clúdaithe le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, do leasanna poiblí ábhartha eile na n–úsáideoirí deiridh chomh maith.
  • Ní fhéadfar a chur as an áireamh go dtéann éifeacht an riosca do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí nó, i gcás táirgí atá clúdaithe le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, do leasanna poiblí ábhartha eile na n–úsáideoirí deiridh chomh maith, thar chríoch Ballstáit a thugann an fógra.

Áirítear iad seo a leanas le rialacha breise le haghaidh fógraí atá clúdaithe leis an gcinneadh:

  • na próisis maidir le fógraí a chuíchóiriú;
  • na critéir maidir le fógraí a leagan amach;
  • ábhar na bhfógraí a shainiú;
  • ceanglais maidir le hobair leantach do Bhallstáit a bhunú;
  • cur síos a dhéanamh ar an dóigh a láimhseálann an Coimisiún fógraí agus an obair leantach ina leith;
  • spriocdhátaí a shocrú le haghaidh na gcineálacha gnímh a rinneadh faoi na sásraí fógartha;
  • na socruithe praiticiúla agus teicniúla a leagan amach a theastaíonn ar leibhéal an Choimisiúin agus ar an leibhéal náisiúnta chun na sásraí fógartha a úsáid go héifeachtúil agus go héifeachtach.

Iarscríbhinn II: Rialú comhpháirteach Safety Gate

Feidhmíonn an Coimisiún agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as sábháilteacht táirgí (lena n–áirítear údaráis um fhaireachas margaidh a dhéanann faireachán ar chomhlíonadh táirgí maidir le ceanglais sábháilteachta agus na húdaráis atá i gceannas ar rialuithe ag teorainneacha seachtracha) mar rialaitheoirí comhpháirteacha maidir le sonraí a phróiseáil i gcóras Safety Gate.

  • Áirítear iad seo a leanas ar fhreagrachtaí an Choimisiúin mar phróiseálaí comhpháirteach sonraí pearsanta:
    • faisnéis a phróiseáil maidir le bearta a dhéantar i gcoinne táirgí lena mbaineann rioscaí tromchúiseacha, a allmhairítear isteach san Aontas nó a onnmhairítear ón Aontas agus chuig an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), lena tarchur chuig pointí teagmhála Safety Gate;
    • faisnéis a phróiseáil a fhaightear ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ó ghnólachtaí nó ó chórais uathoibríocha rabhaidh eile maidir le táirgí de thionscnamh thíortha AE agus de thionscnaimh tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad lena mbaineann riosca, lena tarchur chuig na húdaráis náisiúnta;
    • comhlíonadh oibleagáidí agus choinníollacha Rialachán (AE) 2018/1725 maidir leis na gníomhaíochtaí sin a áirithiú.
  • Áirítear iad seo a leanas ar fhreagrachtaí údarás náisiúnta mar rialaitheoirí comhpháirteacha sonraí pearsanta:
    • faisnéis a phróiseáil de bhun Threoir 2001/95/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 chun an Coimisiún, Ballstáit eile agus tíortha LEE / Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa a chur ar an eolas;
    • faisnéis a phróiseáil i ndiaidh a ngníomhaíochtaí leantacha maidir le fógraí a bhaineann le Safety Gate chun fógra a thabhairt don Choimisiún, do Bhallstáit eile agus do thíortha LEE / Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa;
    • comhlíonadh oibleagáidí agus choinníollacha Rialachán (AE) 2016/679 maidir leis na gníomhaíochtaí sin a áirithiú.
  • Leagtar amach san iarscríbhinn freisin rialacha mionsonraithe maidir le:
    • catagóirí na ndaoine is ábhar do na sonraí agus na sonraí pearsanta,
    • faisnéis a sholáthar d’ábhair sonraí,
    • iarratais ábhar sonraí a láimhseáil,
    • slándáil na próiseála,
    • bainistíocht teagmhas slándála, lena n–áirítear sáruithe ar shonraí pearsanta,
    • sonraí pearsanta a logánú;
    • faighteoirí sonraí,
    • taifeadadh oibríochtaí próiseála,
    • fad na próiseála,
    • dliteanas as neamhchomhlíonadh,
    • comhar idir rialaitheoirí comhpháirteacha,
    • réiteach díospóidí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH CUR CHUN FEIDHME?

Tá Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2019/417 i bhfeidhm ón 12 Samhain 2018.

Tá feidhm ag na hathruithe a tugadh isteach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/975 ón 17 Bealtaine 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/417 an 8 Samhain 2018 lena leagtar síos treoirlínte maidir le bainistiú Chóras um Mearfhaisnéis an Aontais Eorpaigh “RAPEX” arna bhunú faoi Airteagal 12 de Threoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí agus lena chóras maidir le fógra a thabhairt (IO L 73, 15.3.2019, lgh. 121–187).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (AE) 2019/417. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lgh. 1–51).

Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lgh. 1–44).

Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39–98).

Rialachán (AE) 2017/745 ó pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE ) (IO L 117, 5.5.2017, lgh. 1–175)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30–47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais maidir leis an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1–24).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lgh. 67–128).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lgh. 4–17).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.09.2023

Top