Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An pointe rochtana aonair digiteach

An pointe rochtana aonair digiteach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/1724 lena mbunaítear pointe rochtana aonair digiteach chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Éascófar leis an bpointe rochtana aonair digiteach do rochtain ar líne ar an bhfaisnéis, ar na príomhnósanna imeachta riaracháin agus ar na seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna ar mian le saoránaigh agus gnólachtaí teagmháil a dhéanamh leo má bhíonn fadhbanna acu le feidhmiú a gceart margaidh inmheánaigh agus iad ina gcónaí nó i mbun gnó i mBallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Pointe rochtana aonair digiteach ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh

  • Leis an bpointe rochtana aonair digiteach treorófar daoine agus cuideachtaí chuig faisnéis maidir le rialacha, cearta agus nósanna imeachta náisiúnta agus AE, chomh maith leis na suíomhanna gréasáin inar féidir leo na nósanna imeachta sin a dhéanamh ar líne. Treorófar úsáideoirí a mbeidh cúnamh á lorg acu i dtreo seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna.
  • I dtéarmaí praiticiúla, le feidhm chuardaigh ar an tairseach “An Eoraip Agatsa” soláthrófar an méid seo a leanas:
    • rochtain ar fhaisnéis — beidh daoine in ann faisnéis iontaofa, cháilíochtúil a fháil go héasca maidir leis rialacha AE agus na rialacha náisiúnta a bhaineann leo nuair is mian leo a gcearta maidir leis an margadh inmheánach a fheidhmiú;
    • rochtain ar nósanna imeachta — gheobhaidh daoine amach faoin dóigh go díreach le nósanna imeachta a dhéanamh agus faoi na bearta nach mór dóibh a leanúint;
    • an fhéidearthacht doiciméid agus fianaise eile a chur isteach idir údaráis thar theorainneacha atá ag teastáil le haghaidh na nósanna imeachta sin;
    • rochtain ar chúnamh — má bhíonn mearbhall fós ar úsáideoirí maidir le cé acu rialacha atá i bhfeidhm nó má bhíonn deacracht acu le nós imeachta, treorófar iad chuig an tseirbhís chúnaimh AE nó náisiúnta is oiriúnaí lena bhfadhb a réiteach.
  • Déanfar faireachán ar bhonn an aiseolais ó úsáideoirí ar cháilíocht, áisiúlacht agus leorgacht na faisnéise a sholáthróidh an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis sna Ballstáit.

Riarachán digitithe

  • Éilítear leis an rialachán lena mbunaítear an pointe rochtana freisin go mbeidh na príomhnósanna imeachta riaracháin ar fáil ar líne freisin d’úsáideoirí ina dtír féin agus d’úsáideoirí trasteorann araon.
  • Faoin 12 Nollaig 2023 ar a dhéanaí, beidh liosta de 21 nós imeachta riaracháin tábhachtach ar fáil go hiomlán ar líne i ngach Ballstát. Cumhdófar iontu sin cásanna a bhaineann le gnó a stiúradh, obair nó staidéar a dhéanamh, nó bogadh ó áit amháin go chéile. Seo a leanas roinnt samplaí:
    • cruthúnas ar chónaí a iarraidh;
    • iarratas a dhéanamh ar dheontais staidéir;
    • aitheantas acadúil ar dhioplómaí a iarraidh;
    • feithicil a chlárú;
    • cárta Eorpach um árachas sláinte a fháil;
    • sochair phinsin a éileamh; agus
    • fostaithe a chlárú i gcomhar scéimeanna pinsean agus árachais.
  • Beidh na nósanna imeachta náisiúnta ar líne ar fad inrochtana go hiomlán d’úsáideoirí trasteorann.
  • Cuirfear prionsabal na “haonuaire” (i.e. nár cheart go gcaithfeadh úsáideoirí doiciméid nó sonraí atá coinnithe ag údaráis eile cheana a chur isteach arís) i bhfeidhm ar mhalartuithe trasteorann fianaise maidir le réimse nósanna imeachta. Maidir leis na nósanna imeachta sin, tabharfar an rogha d’úsáideoirí malartú díreach fianaise idir údaráis Ballstát éagsúil a iarraidh.
  • Lena chois sin, ag tosú i mí na Nollag 2020, bhí úsáideoirí in ann aiseolas a chur ar fáil maidir le fadhbanna a bhaineann dóibh sa mhargadh aonair, ar mhaithe le feabhas a chur ar cheapadh beartas.

Cur chun feidhme

Beidh feidhmiú an phointe rochtana tacaithe ag uirlisí teicniúla arna bhforbairt ag an gCoimisiún i gcomhar leis an lucht riaracháin náisiúnta. Tacóidh grúpa comhordúcháin pointe rochtana a bheidh comhdhéanta de na comhordaitheoirí náisiúnta agus an Coimisiún le cur chun feidhme an rialacháin. Déanfar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an rialacháin i mí na Nollag 2022, agus déanfar athbhreithniú ar fheidhmiú an phointe rochtana gach 2 bhliain ó 2022 ar aghaidh.

Gníomhartha cur chun feidhme

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1121

  • Ghlac an Coimisiún in 2020 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1121, ina leagtar amach na rialacha maidir le bailiú agus comhroinnt staidrimh agus aiseolas úsáideoirí faoi na seirbhísí leis an bpointe rochtana aonair digiteach. Bainfidh soláthraithe seirbhíse, comhordaitheoirí náisiúnta agus an Coimisiún úsáid as na sonraí a bhailítear chun faireachán a dhéanamh ar cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na seirbhísí a sholáthraítear tríd an bpointe rochtana na critéir cháilíochta, agus chun na seirbhísí sin agus feidhmiúlacht an phointe rochtana aonair dhigitigh a fheabhsú.
  • Cuireadh dearbhú ón gCoimisiún, i dteannta le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1121 ina maítear go bhfuil sé beartaithe aige iniúchadh a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit i gcomhthéacs ghrúpa comhordúcháin an phointe rochtana ar an bhféidearthacht agus ar an éileamh maidir le comhsheirbhís ar leibhéal AE arna bainistiú ag an gCoimisiún. D’fhéadfaí réiteach eile a mholadh chun éascú do bhailiú agus do tharchur staidrimh ndáil le leathanaigh ghréasáin ar cuid den phointe rochtana iad agus a thagann faoi fhreagracht na n údarás bardasach.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1463

  • In 2022, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1463, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla agus oibriúcháin an chórais theicniúil le haghaidh malartú uathoibríoch trasteorann fianaise agus le haghaidh chur i bhfeidhm phrionsabal na “haonuaire”. Sainítear ról na mBallstát sa rialachán chomh maith, go háirithe ról na n údarás náisiúnta faoi seach agus iad ag gníomhú mar iarrthóir fianaise nó mar sholáthraí fianaise, agus ról na n ardán idirmheánacha, más infheidhme, maidir le cosaint sonraí pearsanta atá cuimsithe sa fhianaise a mhalartaítear tríd an gcóras teicniúil “aonuaire”.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ón 12 Nollaig 2020. Beidh feidhm, áfach, leis na hairteagal a bhaineann le digitiú na nósanna imeachta, le hinfhaighteacht trasteorann na nósanna imeachta agus le húsáid córais “aonuaire” ón 12 Nollaig 2023 ar aghaidh. Tá an oibleagáid maidir le hinfhaighteacht faisnéise ag na húdaráis bhardasacha i bhfeidhm ón 12 Nollaig 2022.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena mbunaítear pointe rochtana aonair digiteach chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 1-38).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1463 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2022 lena leagtar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil don mhalartú trasteorann uathoibrithe fianaise agus cur i bhfeidhm an phrionsabail “aonuaire” i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 231, 6.9.2022, lgh. 1-21).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1121 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2020 maidir le bailiú agus comhroinnt staitisticí agus aiseolas úsáideoirí faoi na seirbhísí leis an bpointe rochtana aonair digiteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 245, 30.7.2020, lgh. 3-14).

Dearbhú ón gCoimisiún i dteannta le Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún maidir le bailiú agus comhroinnt staitisticí agus aiseolas úsáideoirí faoi na seirbhísí leis an bpointe rochtana aonair digiteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 250, 30.7.2020, lch. 5).

Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2013 ar na prionsabail lena rialaítear SOLVIT (IO L 249, 19.9.2013, lgh. 10-15).

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lgh. 1-11).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lgh. 36-68).

Nuashonraithe 21.11.2022

Top