Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Glactar le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta san Aontas Eorpach

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Caighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta (IFRS) arna nglacadh ag an Aontas Eorpach' for an updated information about the subject.

Glactar le Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta san Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe de réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta arna nglacadh ag AE. Faoi rialachán comhthreomhar (Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta), ní mór do gach cuideachta liostaithe* AE, lena n–áirítear bainc agus cuideachtaí árachais, a gcuntais chomhdhlúite a réiteach de réir na gceanglas sin.
  • Aisghairtear leis Rialachán (CE) Uimh. 1725/2003 ar glacadh le caighdeáin idirnáisiúnta cuntasaíochta áirithe leis roimhe seo, agus cuirtear in ionad an Rialacháin sin é.

PRÍOMHPHOINTÍ

Áirítear na nithe seo a leanas leis an rialachán agus leis na leasuithe comhleanúnacha:

Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 2 Nollaig 2008.

CÚLRA

  • Ní mór do chuideachtaí liostaithe a gcuntais chomhdhlúite a réiteach de réir sraith amháin de chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le tuairisciú airgeadais.
  • Tá sé mar aidhm leis na caighdeáin trédhearcacht agus inchomparáideacht cuntas cuideachtaí a áirithiú. Cuireann an fhaisnéis seo le feidhmiú éifeachtach agus cost-éifeachtúil mhargadh caipitil AE.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cuideachtaí liostaithe: cuideachtaí a bhfuil a n–urrúis á dtrádáil ar mhargadh rialaithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe de réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320 an 29.11.2008, lgh. 1-481)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a chorprú sa bhunleagan. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta (IO L 243, 11.9.2002, lgh. 1-4)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1725/2003 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2003 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe de réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 261 an 13.10.2003, lgh. 1-420)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 02.05.2019

Top