Deimhniú aeracmhainneachta agus comhshaoil
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 — lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le deimhniú aeracmhainnteachta agus deimhniú comhshaoil aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearas gaolmhara, agus maidir le deimhniú eagraíochtaí deartha agus táirgthe
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n–eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin
CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?
- Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ceanglais theicniúla chomhchoiteanna agus nósanna imeachta riaracháin chun deimhniú aeracmhainneachta agus deimhniú comhshaoil aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearas gaolmhara a áirithiú, agus chun a áirithiú go ndeimhneofar eagraíochtaí deartha agus táirgthe.
- Leagtar síos le Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ceanglais theicniúla chomhchoiteanna agus nósanna imeachta riaracháin chun a áirithiú go mbeidh aerárthaí (agus aon chomhpháirt atá le suiteáil iontu agus orthu) aeracmhainneach i gcónaí.
- Déileáiltear sa dá rialachán le deimhnithe, formheas, ceadúnais, údaruithe, dearbhuithe nó doiciméid eile a eisítear mar thoradh ar dheimhniú lena ndeimhnítear comhlíonadh na gceanglas is infheidhme. Forbraíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh, a bunaíodh faoi Rialachán (AE) 2018/1139, sonraíochtaí deimhniúcháin* lena n–áirithítear go gcuirfear ceanglais theicniúla choiteanna i bhfeidhm go haonfhoirmeach sa réimse um aeracmhainneacht tosaigh* codanna agus fearas aerloingseoireachta.
PRÍOMHPHOINTÍ
Rialachán (AE) Uimh. 748/2012
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 rialacha maidir le deimhniú aeracmhainneachta agus deimhniú comhshaoil le haghaidh táirgí, codanna agus fearais aerárthaí, lena n–áirítear coinníollacha maidir le:
- deimhnithe cineáil;
- deimhnithe aeracmhainneachta, ceadúnais eitilte agus deimhnithe scaoilte údaraithe;
- formheas deartha deisiúcháin;
- comhlíonadh na gceanglas maidir le cosaint an chomhshaoil;
- deimhnithe torainn;
- táirgí, codanna agus fearais a shainaithint;
- codanna agus fearais áirithe a dheimhniú;
- eagraíochtaí deartha agus táirgthe a dheimhniú;
- treoracha aeracmhainneachta.
Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 748/2012 a leasú roinnt uaireanta. Rinneadh a lán de na hathruithe sin a chorprú i leagan comhdhlúite den ghníomh. Ó foilsíodh an leagan comhdhlúite i samhradh 2023, rinneadh é a leasú tuilleadh leis na gníomhartha tarmligthe seo a leanas.
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1108, leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le haeracmhainneacht tosaigh na gcóras aerárthaí gan foireann (dróin) faoi réir deimhniúcháin agus Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/945 a mhéid a bhaineann le córais aerárthaí gan foireann agus oibreoirí tríú tír córas aerárthaí gan foireann (féach an achoimre). Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2024/1108 ón 1 Bealtaine 2025.
- Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1645, leagtar amach rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 (féach thuas) maidir le ceanglais chun rioscaí slándála faisnéise a bhainistiú a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta d’eagraíochtaí atá cumhdaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 748/2012. Baineann siad sin le heagraíochtaí táirgthe agus deartha (seachas na cinn nach bhfuil baint acu ach le dearadh agus/nó táirgeadh aerárthaí éadroma Eorpacha ELA2 amháin agus beidh siad i bhfeidhm ón 16 Deireadh Fómhair 2025.
Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014
Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 rialacha agus nósanna imeachta teicniúla lena áirithiú go lmbeidh aerárthaí, lena n–áirítear aon chomhpháirt atá le suiteáil iontu nó orthu, aeracmhainneach i gcónaí. Cuimsítear sna rialacha sin aerárthaí a mbaineann an méid seo a leanas leo:
- tá siad cláraithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE), mura bhfuil a maoirseacht sábháilteachta tarmligthe chuig tír nach tír den Aontas Eorpach í agus mura mbaineann oibreoir AE úsáid astu; nó
- tá siad cláraithe i dtír nach tír den Aontas Eorpaigh í agus á n–úsáid ag oibreoir AE, áit a bhfuil a maoirseacht sábháilteachta tarmligthe chuig Ballstát; nó
- tá siad cláraithe i dtír nach tír den Aontas Eorpaigh í nach bhfuil maoirseacht sábháilteachta tarmligthe ina leith chuig Ballstát atá ar léasú árthaigh gan feistiú ag aeriompróir ceadúnaithe de réir Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 (féach an achoimre).
Le rialacha mionsonraithe atá leagtha amach in Iarscríbhinní éagsúla, cuimsítear sa rialachán ceanglais agus nósanna imeachta maidir le:
- aeracmhainneacht leanúnach, lena n–áirítear rialacha a bhaineann leis na heagraíochtaí maoirseachta ábhartha arna n–ainmniú ag na Ballstáit;
- cothabháil* formheas eagraíochta;
- ceanglais cháilíochta agus cheadúnais maidir le pearsanra deimhnithe;
- formheas eagraíochta oiliúna, lena n–áirítear bunoiliúint, oiliúint i leith cineáil, scrúduithe, agus an cumas deimhnithe oiliúna a eisiúint.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?
- Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón 10 Meán Fómhair 2012. Rinneadh athbhreithniú leis ar Rialachán (CE) Uimh. 1702/2003 agus ar na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin agus tháinig sé ina hionad.
- Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón 6 Eanáir 2015.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Sonraíochtaí deimhniúcháin. Modh caighdeánach chun a léiriú go bhfuil ceanglais bhunriachtanacha Rialachán (AE) 2018/1139 á gcomhlíonadh ag táirgí nó codanna.
Aeracmhainneacht tosaigh. Na próisis uile lena n–áirithítear go gcomhlíonann aerárthach na ceanglais aeracmhainneachta atá i bhfeidhm tráth ar bith ina shaolré oibriúcháin agus go bhfuil sé i riocht lena oibriú go sábháilte.
Cothabháil. Aon cheann de na gníomhaíochtaí nó teaglaim de na gníomhaíochtaí seo a leanas: cóiriú, deisiú, iniúchadh, athsholáthar, modhnú nó ceartú lochta aerárthaigh nó comhpháirte aerárthaigh, seachas iniúchadh réamheitilte.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Rialachán (AE) Uimh 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme maidir le deimhniú aeracmhainneachta agus deimhniú comhshaoil aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearais ghaolmhara, chomh maith le deimhniú ar eagraíochtaí deartha agus táirgthe (athmhúnlú) (IO L 224, 21.8.2012, lgh. 1–85).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, codanna agus fearas aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n–eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lgh. 1–194).
Féach an leagan comhdhlúite.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1108 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 a mhéid a bhaineann le haeracmhainneacht tosaigh na gcóras aerárthaí gan foireann faoi réir deimhniúcháin agus Rialacháin Tarmligthe (AE) 2019/945 a mhéid a bhaineann le córais aerárthaí gan foireann agus oibreoirí tríú tír córas aerárthaí gan foireann (IO L, 2024/1108, 23.5.2024).
Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún 2022/1645 an 14 Iúil 2022 llena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais, i ndáil le bainistíocht rioscaí slándála faisnéise a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar shábháilteacht eitlíochta, ar eagraíochtaí a chumhdaítear le Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus Uimh. 139/2014 ón gCoimisiún (IO L 248, 26.9.2022, lgh. 18–31).
Rialachán (AE) 2018/1139 de Pharlaimint na hEorpa agus de Chomhairle 4 Iúil 2018 maidir le rialacha coiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh a bhunú, agus rialacháin (CE) Uimh. 2111/2005, (CE) Uimh. 1008/2008, (AE) Uimh 996/2010, (AE) Uimh 376/2014 agus Treoracha 2014/30/AE agus 2014/53/AE de Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, agus Rialacháin (CE) Uimhir 552/2004 agus (CE) Uimhir 216/2008 de Pharlaimint na hEorpa agus de Rialachán na Comhairle agus na Comhairle (CE) Uimh. 3922/91 (OJ L 212, 22.8.2018, lgh. 1–122).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (CE) Uimh 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lgh. 3–20).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 15.07.2024