EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht caiteachais i dtaca le cláir um chomhar críochach Eorpach (CCE)

Rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht caiteachais i dtaca le cláir um chomhar críochach Eorpach (CCE)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 — lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 maidir le rialacha sonracha maidir le hincháilitheacht caiteachais i dtaca le cláir um chomhar

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach rialacha sonracha ann maidir le hincháilitheacht caiteachais i dtaca le cláir um chomhar idir tíortha AE maidir le catagóirí caiteachais ar leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhar críochach Eorpach (CCE)

  • Tugtar Interreg ar an gclár seo go coitianta.
  • Is ceann de dhá sprioc Bheartas Comhtháthaithe AE 2014-2020 é, agus cuireann sé bealach ar fáil chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus malartuithe beartais a chur chun feidhme idir gníomhairí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ó thíortha éagsúla AE.
  • Is é is aidhm leis comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach AE ina iomláine a chur chun cinn.
  • Forbraíodh é bunaithe ar 3 shraith chomhair:
    • trasteorann (Interreg A) — pléitear le dúshláin choiteanna arna n–aithint go comhpháirteach sna réigiúin teorann;
    • trasnáisiúnta (Interreg B) — tacaítear le raon leathan infheistíochta tionscadail a bhaineann le nuáil, an comhshaol, inrochtaineacht, teileachumarsáid, forbairt uirbeach, srl;
    • idir-réigiúnach (Interreg C) — soláthraítear modh chun eispéireas a mhalartú idir comhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla i dtíortha éagsúla.
  • Chun comhar idir na 3 shraith sin a éascú, cuireadh Grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach ar bun in 2007 faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006.
  • Cuirtear cistiú ar fáil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, atá ina chuid de Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.

Catagóirí caiteachais

Leagtar amach rialacha sa rialachán maidir leis na catagóirí caiteachais a leanas:

  • costais foirne;
  • caiteachas oifige agus riaracháin;
  • costais taistil agus cóiríochta;
  • saineolas seachtrach agus costais seirbhíse;
  • caiteachas trealaimh.

Caiteachas incháilithe

  • Ní foláir nó go mbeadh baint idir caiteachas incháilithe agus na costais a bhíonn i gceist le tús a chur le hoibríocht nó le cuid d’oibríocht, nó le tús a chur léi agus í a chur chun feidhme.
  • Níl na costais a leanas incháilithe:
    • fíneálacha, pionóis airgeadais agus caiteachas ar dhíospóidí dlíthiúla agus dlíthíocht;
    • costais ar bhronntanais, ach amháin cinn nach mó ná €50 in aghaidh an bhronntanais sa chás go mbaineann siad le cur chun cinn, cumarsáid, poiblíocht nó faisnéis;
    • costais a bhaineann le luaineacht rátaí malairte eachtraí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 14 Bealtaine 2014.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 481/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha i dtaca le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh cláir chomhair (IO L 138, 13.5.2014, lgh. 45-50)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir leis na cistí a leanas: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis na cistí a leanas: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 320–469)

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin leantacha ar an rialachán seo a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (EGTC) (IO L 210, 31.7.2006, lgh. 19-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 01.02.2019

Top