Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir AE agus an India

Comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir AE agus an India

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú maidir le comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

Cinneadh 2002/648/CE maidir leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia a thabhairt i gcrích

Comhaontú lena n–athnuaitear an comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

Cinneadh 2009/501/CE maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe ag athnuachan an Chomhaontaithe maidir le comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia

Cinneadh (AE) 2015/1788 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

Cinneadh (AE) 2020/789 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Bunaítear leis an gcomhaontú creat foirmiúil maidir le comhar a bhfuil sé mar aidhm leis gníomhaíochtaí a spreagadh agus a éascú i réimsí comhleasa eolaíochta agus teicneolaíochta idir AE agus an India.
  • Is iad na 4 chinneadh lena mbaineann faoi seach tabhairt i gcrích an chomhaontaithe (Comhaontú 2002/648/CE) lenar fhaomh an Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois), agus a shínte ina dhiaidh sin in 2009 (Cinneadh 2009/501/CE), in 2015 (Cinneadh (AE) 2015/1788) agus in 2020 (Cinneadh (AE) 2020/789).

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na gníomhaíochtaí a dhéantar faoin gcomhaontú bunaithe ar líon prionsabal:

  • comhshochar;
  • rochtain dheilíneach ar ghníomhaíochtaí;
  • malartú tráthúil faisnéise;
  • cearta maoine intleachtúla a chosaint go cuí.

Réimsí um chomhar

Cumhdaítear faoin gcomhaontú gach réimse maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (R&DT).

Gníomhaíochtaí

D’fhéadfadh na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith i gceist le gníomhaíochtaí comhoibritheacha:

  • rannpháirtíocht eintitis taighde na hIndia i dtionscadail R&DT faoi Chreatchláir AE maidir le taighde agus nuálaíocht agus rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas bunaithe in AE i dtionscadail na hIndia in earnálacha comhchosúla;
  • tionscadail chomhpháirteacha R&DT;
  • cuairteanna agus malartuithe eolaithe agus saineolaithe teicniúla;
  • comheagrú seimineár, comhdhálacha, siompóisiam agus ceardlann eolaíochta, chomh maith le rannpháirtíocht saineolaithe sna gníomhaíochtaí sin;
  • gníomhaíochtaí comhbheartaithe maidir le scaipeadh torthaí/malartú taithí ar thionscadail chomhpháirteacha R&DT;
  • malartuithe agus comhroinnt trealaimh agus ábhair lena n–áirítear úsáid chomhroinnte saoráidí ardtaighde;
  • malartuithe faisnéise maidir le cleachtais, dlíthe, rialacháin agus cláir a bhaineann le comhar faoin gcomhaontú seo.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2002 ar feadh tréimhse tosaigh 5 bliana. Rinneadh é a athnuachan faoi thrí, an athnuachan is déanaí in 2020 le haghaidh tréimhse bhreise 5 bliana.

CÚLRA

Ba é Comhaontú Comhair 1994 an bonn le haghaidh comhar polaitiúil níos leithne idir AE agus an India lenar tugadh an caidreamh thar chomhar trádála agus eacnamaíoch.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chomhar Taighde agus Nuálaíochta (T&N) leis an India, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 213, 9.8.2002, lgh. 30-37)

Cinneadh 2002/648/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 213, 9.8.2002, lch. 29)

Cinneadh ón gComhairle lena n–athnuaítear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 171, 1.7.2009, lgh. 19-26)

Cinneadh 2009/501/CE ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontuithe lena n–athnuaítear an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 171, 1.7.2009, lgh. 17-18)

Cinneadh (AE) 2015/1788 ón gComhairle an 1 Deireadh Fómhair 2015 maidir le hathnuachan an Chomhaontuithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 260, 7.10.2015, lgh. 18-19)

Cinneadh (AE) 2020/789 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2020 maidir le hathnuachan an Chomhaontuithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 193, 17.6.2020, lgh. 3-4)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Faisnéis maidir le teacht i bhfeidhm athnuachan an Chomhaontuithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Phoblacht na hIndia (IO L 89, 6.4.2016, lch. 1)

Comhaontú Comhair idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hIndia maidir le comhpháirtíocht agus forbairt Dearbhú an Chomhphobail maidir le coigeartuithe ar tharaifí — Dearbhuithe an Chomhphobail agus na hIndia (IO L 223, 27.8.1994, lgh. 24-34)

Nuashonraithe 25.06.2020

Top