This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Short-term statistics
Staidreamh gearrthréimhseach
Staidreamh gearrthréimhseach
This summary has been archived and will not be updated. See 'Staidreamh gnó Eorpach' for an updated information about the subject.
Staidreamh gearrthréimhseach
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 maidir le táscairí gearrthréimhseacha
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach na rialacha ann maidir le táscairí gearrthréimhseacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha a sholáthar agus a tharchur i gcomhréir le haicmiú NACE Rev. 2. Leis an staidreamh sin is féidir anailís a dhéanamh ar fhorbairtí gearrthréimhseacha maidir le soláthar agus éileamh, tosca táirgthe agus praghsanna. Cuirtear ar chumas úsáideoirí leo monatóireacht a dhéanamh ar iomaíochas agus ar fheidhmíocht ghnó ar fud AE.
Aisghairtear leis Treoir 72/211/CEE agus Treoir 78/166/CEE chun forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Faoi láthair, cumhdaítear 4 phríomhréimse faoi innéacsanna staidrimh ghearrthréimhsigh:
Tá cur síos déanta ar na ceanglais shonracha maidir le gach sonra a bhaileofar (e.g. méid na táirgeachta, láimhdeachas, praghsanna, ionchur saothair) in iarscríbhinní an rialacháin, mar atá iad seo a leanas chomh maith:
Ní mór do gach tír AE údarás náisiúnta amháin a bheith acu a bheidh freagrach as an méid seo a leanas a chomhordú:
Féadfaidh tíortha AE na sonraí a fháil ag baint úsáid as teaglaim foinsí ach ba cheart dóibh a áirithiú i gcónaí go gcuirfear prionsabal an tsimpliúcháin riaracháin i bhfeidhm (i.e. an t-ualach is lú agus is féidir a chur ar ghnólachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga). Áirítear ar na foinsí sin:
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcomhlíonann a sonraí na caighdeáin um cháilíocht atá leagtha síos ag Eurostat. Déanann tíortha AE agus Eurostat cáilíocht sonraí a thástáil trína gcur i gcomparáid le faisnéis staidrimh eile agus déanann siad seiceáil i gcomhair comhsheasmhacht inmheánach.
Gach 3 bliana, ullmhaíonn an Coimisiún Eorpach tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina ndírítear ar ábharthacht agus ar cháilíocht an staidrimh agus ar athbhreithniú a dhéanamh ar na táscairí.
I ndiaidh do Eurostat dul i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, d’fhoilsigh sé lámhleabhar comhairleach modheolaíochta.
Féadfaidh an Coimisiún reachtaíocht bhreise a ghlacadh chun an rialachán maidir le staidreamh gearrthréimhseach a chur chun feidhme. Maidir leis sin, faigheann sé treoir ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 26 Meitheamh 1998.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthréimhseach (IO L 162, 5.6.1998, lgh. 1-15)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 177/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat coiteann do chláir ghnó chun críocha staidrimh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2186/93 ón gComhairle (IO L 61, 5.3.2008, lgh. 6-16)
Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal agus chun anailís a dhéanamh air (IO L 76, 30.3.1993, lgh. 1-11)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 18.04.2018