Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Urrúsú níos simplí, níos trédhearcaí agus níos caighdeánaithe

Urrúsú níos simplí, níos trédhearcaí agus níos caighdeánaithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2017/2402 — creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis urrúsú* ardchaighdeáin a atosú lena ndéanfar an méid seo a leanas:

  • feabhas a chur ar mhaoiniú fhíorgheilleagar AE;
  • comhroinnt phríobháideach rioscaí a fheabhsú; agus
  • cosaint infheisteoirí a áirithiú.

Cruthaítear leis córas ginearálta chun na rialacha a shimpliú maidir le gach urrúsú agus urrúsú simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe a shainaithint. Áirítear leis sin:

  • sainmhínithe comhchoiteanna maidir le gach príomh-choincheap in urrúsú;
  • ceanglais maidir le dícheall cuí*, coinneáil riosca*, trédhearcacht agus critéir deonaithe creidmheasa;
  • ceanglais maidir le díol urrúsaithe le cliaint mhiondíola;
  • cosc ar ath-urrúsú*;
  • rialacha maidir le heintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin* (SSPEanna) agus stórtha urrúsúcháin*;
  • struchtúr le haghaidh urrúsú simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe (STSanna);
  • córas le haghaidh smachtbhannaí riaracháin agus bearta leighis i gcásanna um neamhchomhlíonadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór d’infheisteoirí i suíomh urrúsúcháin* tástálacha áirithe a dhéanamh chun:
    • measúnú a dhéanamh ar na rioscaí lena mbaineann sula nglacfaidh siad an fhreagracht (dícheall cuí);
    • a áirithiú go bhfuil an táirge oiriúnach don chliant sula ndíolann siad é.
  • Ní mór d’eisitheoirí urrúsaithe:
    • glanleas eacnamaíoch 5% ar a laghad dá luach a choimeád (coinneáil riosca);
    • faisnéis mhionsonraithe agus doiciméid bhunaidh a chur ar fáil do shealbhóirí suímh urrúsúcháin, do na húdaráis ábhartha, agus má iarrann siad é, d’infheisteoirí féideartha ionas go dtuigfidh siad an t–idirbheart (trédhearcacht);
    • na critéir shlána dhea-shainithe chéanna maidir le deonú creidmheas a chur i bhfeidhm a chuireann siad i bhfeidhm i gcomhair táirgí neamh-urrúsaithe.
  • Ní foláir nó nach mbeidh eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin bunaithe i dtír ardriosca neamh-AE.
  • Ní mór do na stórtha urrúsacháin:
    • clárú leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí a bhfuil cumhachtaí aige chun a gceadúnas a aistarraingt;
    • sonraí uile an urrúsaithe a bhailiú agus a choinneáil agus iad sin a chur ar fáil saor in aisce d’infheisteoirí agus d’údaráis inniúla.
  • Féadfaidh eisitheoirí an téarma STS (simplí, trédhearcach agus caighdeánaithe) a úsáid i gcás go gcomhlíonann an t–urrúsú, cibé acu an urrúsú gearrthéarmach nó fadtéarmach é, sraith shoiléir critéar. Déantar é sin chun é a idirdhealú ó cinn níos casta agus níos doiléire agus cuirtear ar chumas roinnt infheisteoirí institiúideacha leo láimhseáil caipitil níos íogaire do riosca a chur i bhfeidhm.
  • Déanann údaráis Eorpacha agus náisiúnta, ag a bhfuil cumhachtaí chun imscrúdú a dhéanamh agus pionóis riaracháin agus choiriúla a chur i bhfeidhm, maoirseacht ar chur chun feidhme na reachtaíochta agus oibríonn siad go dlúth lena chéile.
  • Faoin 1 Eanáir 2021, agus gach 3 bliana ansin, foilsíonn Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach tuarascáil maidir le heispéiris leis an rialachán.
  • Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:
    • faoin 2 Eanáir 2020, ar bhonn tuarascála arna foilsiú ag an Údarás Baincéireachta Eorpach, cuirfidh sé tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an bhféidearthacht go gcruthófaí creat STS le haghaidh urrúsú sintéiseach;
    • faoin 1 Eanáir 2022, cuirfidh sé tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an reachtaíocht agus tograí le haghaidh leasuithe más gá;
    • tá an chumhacht aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun leasú a dhéanamh ar ghnéithe neamhriachtanacha den rialachán seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2019.

CÚLRA

  • Bhí ról suntasach ag táirgí urrúsúcháin i ngéarchéim morgáistí fophríomha SAM a thosaigh in 2007. Tá moill ar théarnamh mhargadh AE ó shin.
  • Tá an reachtaíocht, lena leasaítear an rialachán maidir le ceanglais chaipitil chomh maith (Rialachán (AE) 2017/2401), deartha chun é sin a leigheas trí rialacha soiléire éifeachtacha a thabhairt isteach chun mhuinín sa mhargadh a athbhunú.
  • Tá creat maidir le hurrúsú ina chéad mhórchuid de phlean AE, a seoladh in 2015, chun aontas margaí caipitil a bheidh lánfheidhmiúil a fhorbairt faoi dheireadh 2019. Trí mhargadh urrúsaithe a fhorbairt cuideofar le féidearthachtaí infheistíochtaí nua a chruthú agus soláthrófar foinse bhreise maoinithe, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí nuathionscanta.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Urrúsú: idirbheart lena gcuirtear ar chumas iasachtóra — banc go minic — sraith iasachtaí/sócmhainní (e.g. morgáistí, léasanna ar charr, iasachtaí tomhaltóirí, cártaí creidmheasa) a athmhaoiniú trína dtiontú ina n–urrúis a mbíonn daoine eile ábalta infheistíocht a dhéanamh iontu.
Dícheall cuí: ba cheart go mbeidh infheisteoirí institiúideach ábalta a léiriú gur comhlíonadh deimhnithe uile na gceanglas maidir le dícheall cuí arna leagan síos go mion in Airteagal 5 den rialachán.
Coinneáil riosca: glacadh beartaithe le caillteanais i gcás go ndearnadh cuid den riosca, ach ní an riosca ar fad, a choinneáil d’aon turas seachas é a aistriú.
Ath-urrúsú: urrúsú i gcás go bhfuil ceann amháin de na bun-neamhchosaintí ar a laghad ina shuíomh urrúsúcháin.
Eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin: comhlacht a dhéanann urrúsú amháin nó níos mó agus a bhfuil sé beartaithe lena struchtúr oibleagáidí na SSPEanna a aonrú uathu siúd atá páirteach sa chomhaontú bunaidh.
Stórtha urrúsúcháin: taifid maidir le hurrúsú a bhailiú agus a chothabháil go lárnach chun cuidiú le feabhas a chur ar thrédhearcacht sa mhargadh.
Suíomh urrúsúcháin: neamhchosaint ar urrúsú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta le haghaidh urrúsaithe agus lena gcruthaítear creat sainiúil le haghaidh urrúsú simplí, follasach agus caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lgh. 35-80)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (AE) Uimh. 2017/2401 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí infheistíochta agus do ghnólachtaí infheistíochta (IO L 347, 28.12.2017, lgh. 1-34)

Nuashonraithe 18.03.2019

Top