Bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2017/1939 – lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Bunaítear leis oifig ionchúisimh neamhspleách de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) ag a bhfuil an chumhacht coireanna i gcoinne leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thabhairt chun an dlí.
- Bunaítear leis córas comhchumhachtaí idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus na húdaráis náisiúnta maidir le dul i ngleic le coireanna den sórt sin, agus tosaíocht á tabhairt do chumhachtaí OIPE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tíortha rannpháirteacha
- Tá feidhm ag an rialachán lena mbunaítear OIPE faoi chomhar feabhsaithe maidir le 22 tír rannpháirteach Bhallstáit AE: An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghréig, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Rómáin agus an Spáinn.
- Féadfaidh Éire, an Ungáir, an Pholainn agus an tSualainn páirt a ghlacadh ann ag am ar bith. Tá rogha an diúltaithe ar bhonn buan ag an Danmhairg ó bhearta AE a bhaineann le ceartas coiriúil.
Raon feidhme
Eagrú
Tá OIPE forbartha ar dhá leibhéal.
- An leibhéal lárnach ina bhfuil oifig lárnach ag suíomh OIPE i Lucsamburg. Tá an leibhéal lárnach comhdhéanta de Phríomh–Ionchúisitheoir Eorpach, a bheirt ionadaithe, na hIonchúisitheoirí Eorpacha (ceann amháin in aghaidh gach Ballstát rannpháirteach) agus an Stiúrthóir Riaracháin.
- An leibhéal díláraithe atá comhdhéanta d’Ionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha atá suite sna Ballstáit rannpháirteacha.
Neamhspleáchas
- Feidhmíonn baill foirne OIPE ar mhaithe leis an Aontas Eorpach ina iomláine agus ní cheadaítear dóibh treoracha a iarraidh ar pháirtí seachtrach ar bith nó treoracha a ghlacadh ó pháirtí seachtrach ar bith.
- Tá OIPE neamhspleách ó thaobh struchtúir de ó institiúid nó seirbhís AE ar bith eile.
- Roghnaítear an Príomh–Ionchúisitheoir Eorpach i ndiaidh glao oscailte ar iarrthóirí agus ceapann Parlaimint na hEorpa nó Comhairle an Aontais Eorpaigh é. Ní mhaireann an téarma oifige ach ar feadh 7 mbliana agus ní féidir é a athnuachan.
- Ní fhéadfar an Príomh–Ionchúisitheoir Eorpach a bhriseadh as a phost ach le cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, i ndiaidh iarratais ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle nó ón gCoimisiún Eorpach.
- Ní foláir nó go mbeidh na hionchúisitheoirí Tarmligthe Eorpacha neamhspleách go hiomlán ar údaráis náisiúnta ionchúisimh.
Seoladh oibríochtaí
Le gníomh cur chun feidhme, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/856, socraíodh an 1 Meitheamh 2021 mar an dáta a ghlac an OIPE na cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh a thugtar di le Rialachán (AE) 2017/1939.
Próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla
Le gníomh tarmligthe, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2153, leasaíodh Rialachán (AE) 2017/1939, lena gcuirtear iarscríbhinn leis ina leagtar amach catagóirí na sonraí pearsanta oibríochtúla agus catagóirí na n–ábhar sonraí a bhféadfaidh OIPE a sonraí pearsanta oibríochtúla a phróiseáil in innéacs na gcáschomhad.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 20 Samhain 2017.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/856 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2021 lena gcinntear an dáta a ghlacfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh ar láimh a cúraimí imscrúdaithe agus ionchúisimh (IO L 188, 28.5.2021, lgh. 100–102).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) 2018/1103 ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2018 lena ndearbhaítear rannpháirtíocht Mhálta sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 201, 8.8.2018, lgh. 2–3).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1094 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2018 lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na hÍsiltíre sa chomhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (IO L 196, 2.8.2018, lgh. 1–2).
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais AE trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 29-41).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 14.03.2022