Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Is é is aidhm leis fiacha a aisghabháil idir tíortha AE in ábhair shibhialta agus thráchtála.
Bunaítear leis nós imeachta nua trína gceadaítear do chúirt i dtír AE amháin cistí a reo i gcuntas bainc féichiúnaí i dtír AE eile.
PRÍOMHPHOINTÍ
Bunaítear nós imeachta Eorpach trínar féidir le creidiúnaí Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas (EAPO) a bhaint amach lena gcuirtear bac ar chistí atá i sealbh an fhéichiúnaí i gcuntas bainc nó i gcuntais bhainc i dtír (tíortha) AE eile.
Raon feidhme
Tá an EAPO ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí:
i gcásanna idir tíortha AE. i.e. i gcás go bhfuil an cuntas, ag dáta an iarratais ar EAPO, sealbhaithe i dtír AE eile seachas an áit ina bhfuil an creidiúnaí ina shainchónaí nó ina sainchónaí nó an áit ina bhfuil an chúirt ar cuireadh an t–iarratas faoina bráid bunaithe;
mar mhalairt ar nósanna imeachta náisiúnta, ach ní chuirtear ina n–ionad é.
Tá feidhm aige maidir le héilimh airgeadais in ábhair shibhialta agus thráchtála, seachas na hábhair a leanas:
cúrsaí ioncaim, custaim nó riaracháin nó slándáil shóisialta;
cearta i réadmhaoin a éiríonn as pósadh nó caidreamh coibhéiseach, agus uachtanna agus comharbais;
éilimh i gcoinne féichiúnaí atá ina ábhar in imeachtaí féimheachta nó dócmhainneachta, socruithe breithiúnacha, comhdhéanaimh nó imeachtaí comhchosúla eile.
Eisiaitear roinnt catagóirí cuntas bainc atá faoi chosaint speisialta chomh maith.
Níl an EAPO ar fáil do chreidiúnaithe nó do chuntais bainc atá bunaithe sa Danmhairg nó sa Ríocht Aontaithe (1).
Nós imeachta maidir le EAPO a fháil
Osclaítear an nós imeachta roimh imeachtaí a thionscnamh ar shubstaint an ábhair i gcoinne an fhéichiúnaí, le linn na n–imeachtaí nó i ndiaidh breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil a fháil lena n–éilítear ar an bhféichiúnaí íocaíocht a dhéanamh.
Is í an chúirt is inniúil chun EAPO a eisiúint, cúirt atá inniúil le rialú a dhéanamh ar shubstaint an ábhair de ghnáth. I gcás gur tomhaltóir é/í an féichiúnaí, is í an chúirt is inniúil chun EAPO a eisiúint chun éileamh a fháil a bhaineann le conradh an tomhaltóra cúirt na tíre AE ina bhfuil an féichiúnaí ina shainchónaí/ina sainchónaí.
I ngach cás, ní mór don chreidiúnaí fianaise a chur ar fáil lena chur ina luí ar an gcúirt go bhfuil fíor-riosca ann lena dtugtar údar leis an ngá le cuntas an fhéichiúnaí a reo. Má iarrann an creidiúnaí EAPO roimh bhreithiúnas a fháil ar shubstaint an ábhair, ba cheart fianaise dhóthanach a thabhairt chomh maith i leith rath dóchúil shubstaint an éilimh.
Ní mór foirm shonrach a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar EAPO, mar aon leis na doiciméid tacaíochta.
Socraítear teorainneacha ama gairide faoina gcaithfear na céimeanna éagsúla sa nós imeachta a chur i gcrích; bíonn siad éagsúil ag brath ar cibé an bhfuair an creidiúnaí breithiúnas cheana nó nach bhfuair.
Tá an ceart ag an gcreidiúnaí achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltaithe chun EAPO a eisiúint.
Chun an éifeacht ghanfhiosaíochta agus úsáideacht an EAPO a áirithiú, ní chuirtear an féichiúnaí ar an eolas sula gcuirtear chun feidhme é.
Féadfaidh an creidiúnaí nach bhfuil a fhios aige faisnéis chuntais an fhéichiúnaí, faoi choinníollacha áirithe, a iarraidh ar an gcúirt faisnéis chuntais a fháil ó údaráis ainmnithe sa tír fhorfheidhmithe AE.
Aitheantas, in-fhorfheidhmitheacht agus forfheidhmiú an EAPO
Ní foláir nó gur féidir EAPO a eisítear i dtír AE de réir an rialacháin a aithint nó a fhorfheidhmiú i dtír AE eile gan nós imeachta speisialta nó dearbhú in-fhorfheidhmitheachta ar bith.
Tá sé d’oibleagáid ar an mbanc a dhearbhú, trí fhoirm shonrach, cibé an raibh caomhnú aon chiste de chuid an fhéichiúnaí mar thoradh ar an EAPO nó nach raibh.
Tá sé de dhualgas ar an gcreidiúnaí go scaoilfear aon chistí a chaomhnófar ar mó iad ná an méid atá sainithe san EAPO.
D’fhéadfadh cuid de na méideanna bheith díolmhaithe ó urghabháil faoi dhlí na tíre forfheidhmithe, .i. méideanna a bheidh riachtanach le slí bheatha an fhéichiúnaí agus a dteaghlach a chinntiú.
Coimircí don fhéichiúnaí
Chun easnamh éisteachta roimh ré a fhrithchothromú, tá na coimircí seo a leanas ann don fhéichiúnaí i gcoinne mhí-úsáid an EAPO:
leigheasanna — lena n–áirítear ceart achomhairc — a bheith ábalta cur i gcoinne an EAPO a luaithe is a chuirtear an féichiúnaí ar an eolas faoin mbac ar a chuntais no ar a cuntais; agus
rialacha maidir le soláthar slándála ag an gcreidiúnaí — lena chinntiú gur féidir an féichiúnaí a chúiteamh as damáiste ar bith de dheasca an EAPO;
rialacha maidir le dliteanas an chreidiúnaí maidir le damáiste ar bith don fhéichiúnú de dheasca an EAPO mar gheall ar earráid ó thaobh an chreidiúnaí de.
Foirmeacha
Tá naoi bhfoirm thiomanta EAPO ann ar fad. Tá a n–ábhair leagtha amach i Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2016/1823.
Rialacha ginearálta
Pléitear ábhair ghaolmhara éagsúla sa rialachán chomh maith, lena n–áirítear ionadaíocht dhlíthiúil, táillí cúirte, costais atá tacaithe ag an mbanc, táillí a ghearrann na húdaráis, cosaint sonraí agus teanga na ndoiciméad.
Tá an rialachán i bhfeidhm ón seachas Airteagal 50, atá i bhfeidhm ón . Baineann Airteagal 50 leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag tíortha AE, amhail na cúirteanna a ainmníonn siad chun EAPOnna a eisiúint (Airteagal 6(4)) agus na húdaráis a ainmníonn siad chun EAPOnna a fhorfheidhmiú.
CÚLRA
Leanann an rialachán Páipéar Uaine maidir le feabhas a chur ar éifeachtúlacht na mbreithiúnas forfheidhmiúcháin in AE. Sa Pháipéar Uaine, chuir an Coimisiún Eorpach síos ar an dóigh a raibh tionchar diúltach ag ilroinnt na rialacha náisiúnta maidir le forfheidhmiú ar bhailiú fiach laistigh de AE, agus breathnaíodh ann, maidir le creidiúnaí a fhéachann le héileamh airgeadaíochta a aisghabháil san Eoraip, gurb é an dóigh is coitianta a ndéanfaidh sé nó sí iarracht é sin a dhéanamh, i ngníomh, trí bhearta forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcoinne chuntas bainc an fhéichiúnaí, agus go bhfuil nósanna imeachta dá leithéid i bhformhór thíortha AE.
Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú (IO L 189, , lgh. 59-92)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2016/1823 ón gCoimisiún an lena mbunaítear na foirmeacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 655/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta d’Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus thráchtála a éascú (IO L 283, , lgh. 1-48)
Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (IO L 324, , lgh. 79-120)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
An Páipéar Uaine maidir le héifeachtúlacht forfheidhmithe breithiúnas san Aontas Eorpach a fheabhsú: astú cuntas bainc (COM(2006) 618 críochnaitheach, )
Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála (IO L 174, , lgh. 1-24)