This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Rules for the compilation of statistics regarding goods carried by road
Rialacha maidir le staidreamh a thiomsú i ndáil le hiompar earraí de bhóthar
Rialacha maidir le staidreamh a thiomsú i ndáil le hiompar earraí de bhóthar
Rialacha maidir le staidreamh a thiomsú i ndáil le hiompar earraí de bhóthar
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 70/2012 — staidreamh fartha bóthair
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Ní mór do gach tír AE sonraí a bhaineann le lasta a iompraítear i bhfeithiclí iompair de bhóthar atá cláraithe ar a gcríoch a thiomsú agus a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).
Níl feidhm ag an rialachán maidir le lasta a iompraítear ar na bealaí seo a leanas:
Féadfaidh tíortha AE feithiclí iompair earraí de bhóthar a bhfuil a n-acmhainn ualaigh nó a n-uasmheáchan incheadaithe níos ísle ná teorainn áirithe a eisiamh. Ní sháróidh an teorainn acmhainn ualaigh 3.5 tona nó uasmheáchan incheadaithe 6 thona i gcás mótarfheithiclí aonair.
Níl feidhm ag an rialachán maidir le Málta fad is nach mbeidh níos mó ná 400 feithicil i líon na bhfeithiclí iompair earraí de bhóthar atá cláraithe i Málta agus ceadúnaithe chun oibriú in iompar idirnáisiúnta lasta de bhóthar.
Bailiú agus tarchur sonraí
Gach ráithe, trí shuirbhéanna samplacha, ní mór do thíortha AE sonraí a thiomsú agus a tharchur chuig Eurostat a bhaineann le 3 réimse:
Ní mór do thíortha AE na sonraí a tharchur chuig Eurostat laistigh de 5 mhí ó dheireadh na ráithe atá á mbreathnú.
Scaipeadh na dtorthaí
Scaipeann Eurostat na sonraí tráth nach déanaí ná 12 mhí i ndiaidh dheireadh na tréimshe lena mbaineann siad.
Tuarascálacha
Nuair a chuireann siad na sonraí ar aghaidh don chéad ráithe, seolann tíortha AE tuarascáil chuig Eurostat maidir leis na modhanna a úsáideadh chun na sonraí a thiomsú. Ní mór dóibh chomh maith Eurostat a chur ar an eolas má dhéanann siad athrú suntasach ar bith ar na modhanna sin. Ní mór dóibh faisnéis a sholáthar do Eurostat gach bliain maidir le méideanna samplaí, rátaí neamhfhreagartha agus, i bhfoirm earráide caighdeánaí nó eatramh muiníne, iontaofacht na bpríomhthorthaí staidrimh.
Ní mór don Choimisiún (Eurostat) tuarascáil a thabhairt den chéad uair faoi mhí na Nollag 2014, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an rialacháin.
Coiste
Faigheann an Coimisiún comhairle agus cúnamh ó Choiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
Cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún
Níor fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht ar tugadh dó leis an rialachán chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh fós. I dtuarascáil, a foilsíodh in 2016, mhínigh an Coimisiún nár tháinig an gá leis na cumhachtaí tarmligthe sin a úsáid chun cinn de bharr forbairtí eacnamaíocha agus teicniúla sa réimse um iompar lasta de bhóthar nó conclúidí ó Ghrúpaí Oibre an Choimisiúin maidir le staidreamh fartha bóthair ina raibh saineolaithe ó thíortha AE páirteach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 23 Feabhra 2012.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 70/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le tuairisc staitistiúil i ndáil le hiompar earraí de bhóthar (IO L 32, 3.2.2012, lgh. 1-18)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 70/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tugadh don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 70/2012 an 18 Eanáir 2012 maidir le tuairisc staitistiúil i ndáil le hiompar earraí de bhóthar (COM(2016) 562 críochnaitheach, 12.9.2016)
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le cur chun feidhme Rialacháin (AE) Uimh. 70/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le tuairisc staitistiúil i ndáil le hiompar earraí de bhóthar (COM(2015) 17 críochnaitheach, 26.1.2015)
Nuashonraithe 07.11.2017