Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhchóras le haghaidh staidreamh i dtaca le fuinneamh a sholáthar

Comhchóras le haghaidh staidreamh i dtaca le fuinneamh a sholáthar

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 maidir le staidreamh AE i dtaca le fuinneamh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis córas chun staidreamh AE i dtaca le táirgí fuinnimh* a sholáthar agus a gcomhiomláin*.
  • Tá feidhm aige maidir le tíortha de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch chomh maith.
  • Cumhdaítear leis an próiseas uile maidir leis na sonraí a bhailiú, a tharchur, a mheasúnú agus a scaipeadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Téarmeolaíocht

Déantar na téarmaí teicniúla a shainiú agus a shoiléiriú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an rialachán.

Foinsí sonraí

Tá sé ceangailte ar thíortha AE staidreamh a thiomsú maidir le táirgí fuinnimh agus a gcomhiomláin ó na foinsí seo a leanas:

  • suirbhéanna sonracha arna ndíriú ar na soláthraithe agus trádálaithe fuinnimh phríomhúil* agus chlaochlaithe* , dáileoirí agus iompróirí, allmhaireoirí agus onnmhaireoirí táirgí fuinnimh;
  • suirbhéanna eile arna ndíriú ar úsáideoirí deiridh fuinnimh sna hearnálacha déantúsaíochta, tionscail, iompair, agus in earnálacha eile, lena n–áirítear teaghlaigh;
  • nósanna imeachta meastacháin eile nó foinsí eile, lena n–áirítear foinsí riaracháin, amhail rialtóirí na margaí leictreachais agus gáis.

Tarchur agus scaipeadh na sonraí

Ní mór do na tíortha tuairiscithe an staidreamh náisiúnta a tharchur chuig an gCoimisiún Eorpach ( Eurostat ) arna leagan síos in iarscríbhinní a ghabhann leis an rialachán:

  • ar bhonn bliantúil maidir leis an staidreamh fuinnimh in Iarscríbhinn B;
  • ar bhonn míosúil maidir leis an staidreamh fuinnimh in Iarscríbhinn C (ní mór na sonraí a tharchur chuig Eurostat laistigh de 55 lá i ndiaidh na míosa tuairiscithe);
  • ar bhonn míosúil go gearrthéarmach maidir leis an staidreamh fuinnimh in Iarscríbhinn D (ní mór na sonraí a tharchur chuig Eurostat laistigh de 1 mhí fhéilire amháin den mhí thuairiscithe).

Tá na socruithe tarchuir, lena n–áirítear na teorainneacha ama is infheidhme, agus eisceachtaí agus díolúintí ar bith leagtha amach sna hiarscríbhinní. Le himeacht ama, féadfaidh an Coimisiún na socruithe sin a mhionathrú.

Ní mór do Eurostat an staidreamh bliantúil a scaipeadh tráth nach déanaí ná an 31 Eanáir den dara bliain i ndiaidh na tréimhse tuairiscithe.

Measúnú agus tuarascálacha cáilíochta

Tá tíortha AE freagrach as cáilíocht na sonraí a tharchuireann siad chuig Eurostat. Go sonrach, ní mór dóibh a chinntiú go dtagann na sonraí fuinnimh a dhearbhaíonn siad faoin rialachán seo leis na sonraí a dhearbhaíonn siad i dtaca le Rialachán AE um an Sásra Faireacháin.

Déanann an Coimisiún (Eurostat) cáilíocht na sonraí a mheasúnú ó roinnt dearcthaí lena n–áirítear a n–ábharthacht, a bponcúlacht, a n–inrochtaineacht, a soiléire agus an n–inchomparáideacht.

Gach 5 bliana, ní mór do thíortha AE tuarascáil a sholáthar do Eurostat maidir le cáilíocht na sonraí a tarchuireadh, chomh maith le hathruithe ar bith a rinneadh ar an modheolaíocht.

Staidreamh bliantúil núicléach

Ó 2009 i leith, tá staidreamh á ullmhú ag tíortha AE maidir leis an earnáil núicléach. Baineann an tacar staidrimh a bhailítear leis an úsáid shibhialta as fuinneamh núicléach.

Staidreamh i ndáil le fuinneamh in-athnuaite agus ídiú deiridh fuinnimh

Chun cáilíocht níos fearr agus staidreamh níos cuimsithí i ndáil le fuinneamh in-athnuaite agus ídiú deiridh fuinnimh a chinntiú, tá na modheolaíochtaí a n–úsáidtear ina dtáirgeadh á n–athbhreithniú agus á leasú ag an gCoimisiún in éineacht le tíortha AE. Go sonrach, iarrtar ar thíortha sonraí níos comhiomlánaithe* a tharchur maidir le hídiú deiridh fuinnimh i líonta tí ón mbliain tagartha 2015 i leith agus sonraí níos mionsonraithe a tharchur maidir le fuinneamh in-athnuaithe ón mbliain tagartha 2017 i leith.

Reachtaíocht chur chun feidhme

Tugtar an chumhacht don Choimisiún reachtaíocht chomhlántach a ghlacadh atá deartha chun an rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Coiste

Tugann an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (Eurostat), coiste ina bhfuil ionadaithe ó thíortha AE agus atá faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, cúnamh agus comhairle don Choimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 4 Nollaig 2008.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Táirgí fuinnimh: breoslaí indóite, teas, fuinneamh in-athnuaite, leictreachas nó cineál eile fuinnimh ar bith.
Comhiomláin: sonraí arna gcomhiomlánú ar an leibhéal náisiúnta maidir le cóireáil nó úsáid táirgí fuinnimh, eadhon:

  • táirgeadh, trádáil, stoic, claochlú agus ídiú, agus
  • saintréithe struchtúracha an chórais fuinnimh, amhail toilltí suiteáilte le haghaidh giniúint leictreachais nó toilltí táirgthe le haghaidh táirgí ola.

Fuinneamh príomhúil: foinsí fuinnimh ar féidir iad a úsáid go díreach ina stáid nádúrtha, e.g. gual, ola, gás nádúrtha, bithmhais, grian, gaoth nó teas núicléach.
Fuinneamh claochlaithe: fuinneamh a thagann ó phríomhfhoinse ach nach féidir é a úsáid ach ina stáid chlaochlaithe, e.g. leictreachas ó ghléasra cumhachtaithe ag gual nó ola.
Sonraí comhiomlánaithe: sonraí atá ar fáil i gcomhpháirteanna ar leith (téamh uisce tí, soilsiú tí, etc.).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lgh. 1-62)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/2010 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh, maidir leis na nuashonruithe ar an staidreamh bliantúil agus míosúil fuinnimh (IO L 292, 10.11.2017, lgh. 3–54)

Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2015/1504 an 7 Meán Fómhair 2015 lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe maidir le soláthar staidrimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 235, 9.9.2015, lgh. 24-25)

Rialachán (AE) Uimh. 431/2014 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh, maidir leis an staidreamh bliantúil ar ídiú fuinnimh i dteaghlaigh a chur chun feidhme (IO L 131, 1.5.2014, lgh. 1-50)

Rialachán (AE) Uimh. 147/2013 ón gCoimisiún an 13 Feabhra 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh, maidir leis na nuashonruithe ar an staidreamh míosúil agus bliantúil fuinnimh a chur chun feidhme (IO L 50, 22.2.2013, lgh. 1-58)

Nuashonraithe 20.02.2022

Top