Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh AE a sholáthar i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Staidreamh gnó Eorpach' for an updated information about the subject.

Staidreamh AE a sholáthar i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 — staidreamh AE i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is é is aidhm leis comhchaighdeáin staidrimh a chruthú le haghaidh soláthar córasach staidrimh inchomórtais i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche*.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainmhínithe

  • Leis an staidreamh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche (FATS) tomhaistear an láithreacht thráchtálach trí fhiontair chleamhnaithe i margaí coigríche.
  • Leis an isteach i ndáil le FATS cuirtear síos ar ghníomhaíocht fhoriomlán na bhfiontar cleamhnaithe sa tír thiomsaithe (féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán).
  • Leis an staidreamh amach i ndáil le FATS cuirtear síos ar ghníomhaíocht fhoriomlán na bhfiontar cleamhnaithe coigríche thar lear atá á rialú ag cónaithe na tíre tiomsaithe, mar shampla cá mhéad fostaithe atá ag obair i bhfiontair chleamhnaithe atá ina gcónaí lasmuigh de AE agus atá á rialú ag fiontair Eorpacha (féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an rialachán).
  • Tiomsaítear staidreamh i ndáil le FATS i gcomhréir leis an gcoincheap um institiúideach rialaithe deiridh. Is ionann é sin agus aonad institiúideach (fiontar, brainse nó duine nádúrtha) atá faoi shlabhra rialaithe fiontair chleamhnaithe choigríche agus nach bhfuil rialaithe ag aonad institiúideach eile.

Raon feidhme

Ní mór do thíortha AE sonraí a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) maidir le fiontair chleamhnaithe choigríche i ndáil lena saintréithe, lena ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus lena miondealú geografach (féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an rialachán).

Bailíonn na tíortha sonraí maidir le 11 saintréith, lena n–áirítear:

  • líon na bhfiontar atá faoi rialú coigríche (i.e. fiontar i dtír amháin atá faoi rialú cónaí tíre eile);
  • láimhdeachas;
  • luach táirgthe;
  • breisluach;
  • iomlán na gceannachán earraí agus seirbhísí;
  • costais foirne;
  • infheistiú comhlán in earraí inláimhsithe;
  • líon na ndaoine atá fostaithe;
  • caiteachas iomlán an taighde agus forbartha (T&F) ar an láithreán; agus
  • líon iomlán bhaill foirne T&F.

Foinsí sonraí

Ní mór do thíortha AE an fhaisnéis riachtanach a bhailiú ag baint úsáid as foinsí ábhartha agus cuí. Is iad cláir ghnó, suirbhéanna staidrimh nó sonraí atá cheana ó fhoinsí riaracháin na príomhfhoinsí maidir le staidreamh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche (féach an achoimre ar staidreamh gnó). I gcás nach féidir na sonraí a bhailiú ar phraghas réasúnta, féadfar meastacháin is gaire, lena n–áirítear luachanna nialais a tharchur chuig Eurostat.

Caighdeáin cháilíochta agus tuarascálacha cáilíochta

Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcomhlíonann cáilíocht na sonraí a tharchuireann siad chuig Eurostat na comhchaighdeáin cháilíochta. Sonraíonn an Coimisiún Eorpach (Eurostat) na caighdeáin cháilíochta atá le comhlíonadh agus inneachar agus minicíocht na dtuarascálacha cáilíochta atá le cur isteach.

Lámhleabhar moltaí

Ullmhaíonn Eurostat, i ndlúthchomhar le tíortha AE, lámhleabhar ina mbeidh na sainmhínithe ábhartha agus treoir bhreise maidir le staidreamh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche.

Tráthchlár

Sainítear tráthchlár le haghaidh na sonraí a thiomsú in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an rialachán.

Coistí

Tugann an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, coiste de thíortha AE, cúnamh agus comhairle do Eurostat. Agus an rialachán seo á chur chun feidhme aige, féadfaidh an Coimisiún tuairim an Choiste maidir le staitisticí airgeadaíochta, airgeadais agus staitisticí a bhaineann le comhardú na n-íocaíochta a iarraidh chomh maith maidir le cúrsaí ar bith a thagann faoi inniúlacht an Choiste, go háirithe faoi bhearta oiriúnaithe d’fhorbairtí eacnamaíocha agus teicniúla a bhaineann le bailiú agus le próiseáil staidrimh sonraí, agus le próiseáil agus le tarchur torthaí.

Tuarascáil cur chun feidhme

In 2012, bhí tuarascáil le cur isteach ag an gCoimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an rialacháin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 19 Iúil 2007.

CÚLRA

Cé go dtaifeadtar an méid iomlán caipitil arna infheistiú ag cuideachtaí eachtracha in AE leis an staidreamh, cuirtear faisnéis níos mionsonraithe ar fáil leis an staidreamh i ndáil le fiontair chleamhnaithe choigríche maidir le tionchar eacnamaíoch na n–infheistíochtaí sin i gcomhthéacs cruthú post, T&F, etc.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Fiontar cleamhnaithe coigríche: fiontar a bhfuil cónaí air i dtír atá á rialú ag aonad institiúideach nach bhfuil cónaí air sa tír chéanna.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 20 Meitheamh 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche (IO L 171, 29.6.2007, lgh. 17-31)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le cur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche (COM(2012) 249 críochnaitheach, 31.5.2012)

Rialachán (CE) Uimh. 834/2009 ón gCoimisiún an 11 Meán Fómhair 2009 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche, maidir leis na tuarascálacha cáilíochta (IO L 241, 12.9.2009, lgh. 3-4)

Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (athmhúnlú) (IO L 97, 9.4.2008, lgh. 13-59)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 364/2008 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2008 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an bhformáid theicniúil chun staidreamh fiontar cleamhnaithe coigríche a tharchur agus na maoluithe atá le deonú do na Ballstáit (IO L 112, 24.4.2008, lgh. 14-21)

Rialachán (CE) Uimh. 747/2008 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 716/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le struchtúr agus le gníomhaíocht fiontar cleamhnaithe coigríche, maidir leis na sainmhínithe ar shaintréithe agus maidir le cur chun feidhme NACE Rev. 2 (IO L 202, 31.7.2008, lgh. 20-27)

Nuashonraithe 13.11.2017

Top